Skip to content

Amlíne — REPowerEU

  • 2023

    9 Samhain

    Nuashonrú ar phleananna na Danmhairge, na Liotuáine, na hOstaire, agus na Sualainne

    Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar pleananna leasaithe téarnaimh agus athléimneachta na Danmhairge, na Liotuáine, na hOstaire, agus na Sualainne.

    Leagtar béim láidir sna pleananna náisiúnta modhnaithe ar an aistriú glas agus tá siad uaillmhianach sa réimse digiteach agus sna gnéithe sóisialta. D’iarr an Danmhairg, an Liotuáin agus an tSualainn a sciarsan de Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR) a aistriú chuig na pleananna, i gcomhréir le rialachán REPowerEU.

  • 2023

    17 Deireadh Fómhair

    Cead tugtha ag an gComhairle do phleananna náisiúnta nuashonraithe don tSeicia, don Spáinn, don Ísiltír, don Phortaingéil agus don tSlóivéin

    Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar pleananna leasaithe téarnaimh agus athléimneachta na Seicia, na Spáinne, na hÍsiltíre, na Portaingéile agus na Slóivéine ina bhfuil caibidil REPowerEU.

    Tá iarrtha ag na tíortha a sciar den Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR) a aistriú chuig na pleananna, i gcomhréir le rialachán REPowerEU.

  • 2023

    14 Iúil

    Nuashonrú ar phleananna náisiúnta na hÉireann, na Fraince, Mhálta agus na Slóvaice

    Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar pleananna leasaithe téarnaimh agus athléimneachta na hÉireann, na Fraince, Mhálta agus na Slóvaice.

    Tá caibidil nua REPowerEU i bpleananna na Fraince, Mhálta agus na Slóvaice feasta, rud a chuideoidh le dlús a chur le haistriú na dtíortha i dtreo fuinneamh glan, soláthairtí fuinnimh éagsúlaithe agus éifeachtúlacht fheabhsaithe fuinnimh.

    Tugadh plean na hÉireann cothrom le dáta chun oiriúnú na n-amlínte do bhearta áirithe a iarraidh. Ós rud é nár iarr Éire go gcuirfí isteach caibidil REPowerEU, níl aon athrú ar leithdháileadh an deontais.

  • 2023

    16 Meitheamh

    An solas glas tugtha do phlean náisiúnta leasaithe na hEastóine

    Ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme leasaitheach do phlean téarnaimh agus athléimneachta na hEastóine (RRP).

    Leis an gcinneadh sin, is í an Eastóin an chéad tír de chuid an Aontais a bhfuil caibidil REPowerEU aici ina RRP náisiúnta. Cuideoidh an chaibidil seo le dlús a chur le haistriú na tíre i dtreo fuinneamh glan, éagsúlú soláthair fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe.

    An 9 Márta 2023, chuir an Eastóin a RRP náisiúnta modhnaithe - lena n-áirítear caibidil REPowerEU ar fiú EUR 83.4 milliún de dheontais í - faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Cuirtear san áireamh freisin sa phlean an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe agus áirítear leis iarraidh réasúnaithe ar an gCoimisiún an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle i mí Dheireadh Fómhair 2021 a leasú ós rud é go meastar anois nach féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur i gcrích mar gheall ar imthosca oibiachtúla mar shampla boilsciú ard, méaduithe ar chostais ó 2021 i leith agus suaitheadh sa slabhra soláthair. D’iarr an Eastóin freisin €6.6 milliún a aistriú ó chúlchiste coigeartaithe Brexit, rud a fhágann gur fiú €953 mhilliún an plean modhnaithe.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Iúil 2026