Buiséad bliantúil an Aontais
Leagtar síos i mbuiséad bliantúil an Aontais caiteachas agus ioncam uile an Aontais Eorpaigh d'aon bhliain amháin. Foráiltear leis cistiú bheartais agus chláir an Aontais i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla agus oibleagáidí dlíthiúla an Aontais.
Buiséad bliantúil an Aontais – cad é sin?
Le buiséad bliantúil an Aontais, leagtar síos caiteachas agus ioncam uile an Aontais Eorpaigh a dhéantar in aon bhliain amháin.
Ní foláir do na buiséid bhliantúla a bheith in oiriúint do na teorainneacha caiteachais (‘uasteorainneacha’) a leagtar síos i mbuiséad fadtéarmach an Aontais, is é sin, an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI). Is ar leibhéal níos ísle a shocraíonn an tAontas a bhuiséad bliantúil de ghnáth chun go mbeidh lamháil ann do riachtanas nach rabhthas ag súil leo.
Cinntítear leis an mbuiséad bliantúil go bhfaighidh an tAontas an t-ioncam a bheidh de dhíth air chun a chaiteachas a mhaoiniú. I ngach buiséad bliantúil, caithfidh ioncam agus caiteachas a bheith ag teacht le chéile i gcónaí.
Buiséad 2026 an Aontais: na príomhréimsí
Conas a ghlactar leis an mbuiséad?
Molann an Coimisiún Eorpach dréachtbhuiséad bliantúil. Is iad an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, ar bhonn cothrom, a chomhaontaíonn an buiséad.
Ar an gcéad dul síos, glacann an Chomhairle a seasamh maidir leis an dréachtbhuiséad bliantúil. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa leasuithe maidir leis an seasamh ón gComhairle a ghlacadh ansin. Má bhíonn tuairimí éagsúla acu, tionóltar coiste idir-réitigh le teacht ar chomhréiteach laistigh de thrí seachtaine.
Má thagtar ar chomhaontú, tugtar spás coicíse don Chomhairle agus don Pharlaimint leis an gcomhaontú a fhormheas go foirmiúil.
Mura n-éiríonn leis an gComhairle agus leis an bParlaimint teacht ar chomhaontú, ní mór don Choimisiún dréachtbhuiséad bliantúil nua a chur i láthair.
Mura nglactar an buiséad bliantúil fós ag tús na bliana lena mbaineann sé, bíonn feidhm ag córas ‘na ndóú codanna déag sealadacha’. Ciallaíonn sé sin nach bhféadfar níos mó ná an dóú cuid déag de leithreasaí an bhuiséid don bhliain roimhe sin nó de leithreasaí an dréachtbhuiséid a mhol an Coimisiún - cibé ceann acu is lú - a chaitheamh gach mí d'aon chaibidil den bhuiséad.
Leagtar síos in Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a ghlacadh.
An féidir an buiséad bliantúil a leasú?
Féadfaidh an Chomhairle, i gcomhar leis an bParlaimint, leasú a dhéanamh ar an mbuiséad bliantúil a glacadh. Chuige sin, molann an Coimisiún dréachtbhuiséad leasaitheach a ghlactar faoin nós imeachta céanna faoina ndéantar an buiséad bliantúil a ghlacadh.
Féadfar an buiséad bliantúil a leasú, cuir i gcás, má bhíonn acmhainní eile de dhíth le freastal ar riachtanais nach rabhthas ag súil leo, mar shampla, chun dul i ngleic le hiarmhairtí tubaiste nádúrtha i gceann de na Ballstáit.
Glactar buiséid leasaitheacha freisin chun an barrachas a bhí i mbuiséad na bliana roimhe sin a ionchorprú nó chun na sciaranna ioncaim atá tuartha ó na cineálacha éagsúla acmhainní dílse a choigeartú.
Cé a chuireann an buiséad bliantúil chun feidhme agus cé a rialaíonn é?
Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit den chuid is mó a chuireann an buiséad chun feidhme. Is iad na Ballstáit a chuireann tuairim is trí cheathrú den bhuiséad chun feidhme. Ciallaíonn sé seo nach ndéanann an Coimisiún ach cuid bheag den bhuiséad a íoc amach go díreach. Is ar an gCoimisiún, áfach, a bhíonn an fhreagracht deiridh as buiséad iomlán bliantúil an Aontais a chur chun feidhme.
Tá na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, faoi cheangal a chinntiú go mbainfear leas as na leithreasaí i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ní mór do gach gníomhaí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme an bhuiséid sraith de rialacha daingne a shainíonn reachtóirí an Aontais a chomhlíonadh.
Uainiú Bhuiséad an Aontais Eorpaigh (féilire pragmatach) (Grafaic faisnéise)
An nós imeachta um urscaoileadh
Déantar cur chun feidhme bhuiséad bliantúil an Aontais a fhíorú mar chuid den nós imeachta um urscaoileadh buiséadach, mar a thugtar air. Is faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé cinneadh a dhéanamh cé acu ar cheart nó nár cheart an tslí inar cuireadh an buiséad do bhliain ar leith chun feidhme a fhormheas ar mholadh ón gComhairle. Cinneann sí cé acu is ceart nó nach ceart ‘urscaoileadh a dheonú’.
Don mholadh uaithi, scrúdaíonn an Chomhairle an méid seo a leanas:
- cuntais an Aontais do bhliain airgeadais faoi leith, an ráiteas airgeadais agus an tuarascáil mheastóireachta maidir le hairgeadas an Aontais, bunaithe ar na torthaí a baineadh amach - iad uile tíolactha ag an gCoimisiún
- an tuarascáil bhliantúil agus an ráiteas urrúis ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa - iniúchóir seachtrach an Aontais
An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Samhain 2024