- Nuacht
- 17 Eanáir 2022 10:52
Comóradh 60 bliain an chomhbheartais talmhaíochta
In 2022 a bheidh comóradh 60 bliain an chomhbheartais talmhaíochta. Mar cheiliúradh air sin, tá teistiméireachtaí bailithe againn ó fheirmeoirí agus ó thairbhithe na hEorpa.
I lár mhí Eanáir 1962, síníodh rialachán bunaidh an chomhbheartais talmhaíochta, rud a thug isteach na chéad rialacha comhchoiteanna riamh maidir le talmhaíocht an Aontais. Ó shin i leith tháinig forbairt ar an mbeartas, agus é á chur in oiriúint do dhálaí agus d'éilimh nua an mhargaidh, chomh maith le dúshláin amhail an t-athrú aeráide.
I ndiaidh 60 bliain, tacaíonn CBT an Aontais le margadh oscailte le haghaidh táirgí agraibhia na hEorpa, lena gcuirtear bia inacmhainne ar ardchaighdeán ar fáil do shaoránaigh. Cuidíonn sé freisin le cuid de na caighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil is airde ar domhan a choinneáil ar bun agus déanann sé tairbhe do phobail bhríomhara tuaithe.
O thús phaindéim COVID-19 i leith, tá a hathléimneacht léirithe ag earnáil talmhaíochta an Aontais. Chuir an tAontas roinnt rialacha laistigh de rialacháin CBT in oiriúint go tapa chun cúnamh a thabhairt d'fheoirmeoirí atá ag streachailt ar fud an Aontais, agus ghlac sé roinnt bearta chun an dáileadh bia a choinneáil ar bun.
Bhí na bearta sin ríthábhachtach lena chinntiú go bhféadfadh feirmeoirí an Aontais leanúint de bhia sábháilte, inacmhainne agus ar ardchaighdeán a tháirgeadh, fiú le linn na géarchéime.
Eispéiris na bhfeirmeoirí agus na dtairbhithe
A bhuí le cistí an Aontais, bhíomar in ann ár bhfeirm a fhorbairt. Spreag na cistí sinn freisin chun fanacht faoin tuath. Milena Chodnicka, atá i bhfeighil feirm dhéiríochta sa Pholainn in éineacht lena fear céile
Tá Milena ar cheann de thairbhithe na n-íocaíochtaí díreacha ón CBT arb aidhm dóibh tacú le feirmeoirí ina seirbhís phoiblí mar sholáthraithe bia.
Ó mo thaobhsa de, mar fheirmeoir óg, go háirithe i gceantar sléibhtiúil, tá sé thar a bheith tábhachtach maoiniú a fháil. Elisabeth Huber, feirmeoir óg ón Ostair
Níl ach 11% d'fheirmeacha an Aontais faoi chúram bainisteoir atá faoi bhun 40 bliain d'aois. Cuireann an CBT tacaíocht ar leith ar fáil do dhaoine óga a chinneann tús a chur le gairm in earnáil na feirmeoireachta.
Téann cur chuige LEADER chun tairbhe ár gceantair trí acmhainní suntasacha airgeadais a chur ar fáil lenar féidir tionscadail uaillmhianacha a chur chun feidhme nach mbeadh na bardais in ann a chur i gcrích. Xavier Sohet, a dhéanann comhordú ar ghrúpa gníomhaíochta áitiúil mar chuid de ghníomhaíochtaí LEADER ó bhrainse an CBT um fhorbairt tuaithe
Ó thús na 2000í i leith, cuimsíodh sa CBT bearta chun cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar cheantair thuaithe san Aontas. Is uirlis bhunriachtanach í an tacaíocht airgeadais, chomh maith le bunú na líonraí ar leibhéal an phobail de réir chur chuige LEADER, chun daoine agus seirbhísí a choinneáil sna ceantair is iargúlta san Eoraip, agus chun go mbeidh siad tarraingteach i gcónaí ó thaobh na turasóireachta de freisin.
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024