- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 1 Deireadh Fómhair 2015 13:00
Rialacha maidir leis an bhfánaíocht agus leis an idirlíon oscailte arna nglacadh ag an gComhairle
An 1 Deireadh Fómhair 2015, rinne an Chomhairle rialacha nua le deireadh a chur le táillí fánaíochta soghluaiste san Aontas amhail ó lár na bliana 2017 a fhormheas go foirmiúil. Sa dlí nua freisin beidh na chéad fhorálacha uile-Eorpacha chun rochtain ar an idirlíon oscailte a chosaint.
Glacadh seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh ag cruinniú de chuid na Comhairle Iomaíochais gan é a phlé. Meastar go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa an téacs a ghlacadh ag an seisiún iomlánach a bheidh aici ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Is é sin deireadh an nós imeachta ar an dara léamh.
Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm trí lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is é is dóichí go dtarlóidh sin i mí na Samhna.
- Rialachán maidir leis an bhfánaíocht agus an Idirlíon Oscailte: Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (téacs iomlán)
- Rialachán maidir leis an bhfánaíocht agus an Idirlíon Oscailte: Cúiseanna na Comhairle
- Rialachán maidir leis an bhfánaíocht agus an Idirlíon Oscailte: ráitis
- Deireadh le táillí fánaíochta: Deimhníonn an Chomhairle gur thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024