- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 9 Deireadh Fómhair 2015 11:00
Cosaint sonraí don chomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla: Tá an Chomhairle réidh le dul ag plé le Parlaimint na hEorpa
An 9 Deireadh Fómhair 2015, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an dréacht-Treoir cosanta sonraí. Is é an aidhm atá leis an dréacht-Treoir sin go ndéanfar cosaint ar shonraí pearsanta a phróiseáiltear chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó chun déileáil le cionta coiriúla nó chun cosaint i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí nó chun na bagairtí sin a chosc. Leis an gcomhaontú sin, féadfaidh an Uachtaránacht Lucsamburgach tús a chur leis an bplé le Parlaimint na hEorpa freisin maidir leis an gcuid sin den phacáiste cosanta sonraí. Tá an Rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí mar chuid eile den phacáiste agus cuireadh tús cheana le cainteanna leis an bParlaimint faoin Rialachán sin tar éis don Chomhairle teacht ar chomhaontú faoina seasamh an 15 Meitheamh 2015. Táthar i dteagmháil cheana le Parlaimint na hEorpa chun an chéad chruinniú trípháirteach a eagrú, agus é mar aidhm teacht ar chomhaontú maidir leis an bpacáiste iomlán cosanta sonraí faoi dheireadh na bliana.
"Céim ríthábhachtach atá i gcomhaontú an lae inniu maidir le hathchóiriú ar chosaint sonraí an Aontais a thabhairt i gcrích faoi dheireadh na bliana"
Félix Braz, Aire Dlí agus Cirt Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle.
Is é an cuspóir atá leis an dréacht-Treoir go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta maidir le sonraí pearsanta agus gur fusa a bheidh sé d'údaráis fhorghníomhú an dlí san Aontas Eorpach sonraí pearsanta a mhalartú lena chéile. Is ceart bunúsach é go mbeadh cosaint ag daoine i ndáil lena sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil agus is ceart é a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Bheadh feidhm ag an Treoir nua maidir le próiseáil trasteorann sonraí pearsanta agus, freisin, maidir le sonraí pearsanta a bheadh á bpróiseáil ag na póilíní agus ag na húdaráis bhreithiúnacha ar an leibhéal náisiúnta amháin. "Tá an raon feidhme sin bunriachtanach le haghaidh creat cuimsitheach cosanta sonraí do na saoránaigh agus do na húdaráis ar fud an 28 Ballstát uile”, a dúirt Félix Braz. Ar an taobh eile, níl feidhm ag rialacha reatha an Aontais ach maidir le sonraí pearsanta a bheith á n-aistriú trasteorann. Dá bharr sin, tá deacrachtaí ann do na póilíní agus d'údaráis eile fhorghníomhú an dlí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair póilíneachta. Leis na rialacha nua, chuirfí feabhas ar an muinín fhrithpháirteach idir na póilíní agus údaráis bhreithiúnacha laistigh den Aontas.
Na prionsabail a leagtar síos sa dréacht-Treoir, tá siad ag teacht leis na rialacha atá ann faoi láthair. Tá sé sin fíor freisin maidir leis an deis atá ann do na Ballstáit a fhoráil do chosaintí atá níos fearr ná na cinn a leagtar amach sa Treoir. Le hais na rialacha reatha, leathnófaí raon feidhme na dréacht-Treorach chun cosaint i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí agus chun na bagairtí sin a chosc. Leis na rialacha, dhéanfaí aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a chumhdach i gcónaí. An t-údarás maoirseachta a bhunófar sa Rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí, d'fhéadfadh gurbh ionann é agus an t-údarás a dhéileálfadh le hábhair a thagann faoin Treoir. Leis an Treoir nua, bheadh an ceart ag aon duine is ábhar do na sonraí chun cúiteamh a fháil dá mbainfeadh díobháil dóibh mar thoradh ar phróiseáil nach ndearnadh na rialacha a urramú ina leith.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024