Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 17 Deireadh Fómhair 2016 10:40

Conclúidí ón gComhairle maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó

  1. Is cúis mhór imní don Chomhairle í an staid pholaitiúil i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC). Cáineann sí go láidir na gníomhartha foréigin foircneacha a tharla ar an 19 agus an 20 Meán Fómhair 2016, go háirithe in Kinshasa. Is measa an dúsháinn i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó mar gheall orthu, dúsháinn atá ann de bharr nár gairmíodh an toghchán uachtaránachta laistigh den sprioc bhunreachtúil. Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn an tAontas na conclúidí uaidh ón 23 Bealtaine 2016 agus athdhearbhaíonn sé an phríomhfhreagracht atá ar údaráis PDC na toghcháin a reáchtáil.
  2. Ní fhéadfar an ghéarchéim pholaitiúil i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó a réiteach ach amháin trí ghealltanas sainráite poiblí ó na páirtithe go léir an Bhunreacht reatha a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le teorannú na sainorduithe uachtaránachta agus trí idirphlé polaitiúil a bheidh substainteach, cuimsitheach, neamhchlaonta agus trédhearcach. Ní mór go mbeadh sé mar thoradh ar an méid sin, i gcomhréir le spiorad Rún 2277 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go n-eagrófaí toghcháin uachtaránachta agus reachtacha, a luaithe agus is féidir le linn na bliana 2017. Má thagann deireadh leis an téarma uachtaránachta reatha gan teacht ar réamhchomhaontú maidir leis an bhféilire toghcháin, beidh ar AE a mhachnamh a dhéanamh ar an tionchar a bheadh aige sin ar a chaidreamh le Rialtas PDC.
  3. Ní mór don idirphlé a d’éascaigh an tAontas Afracach in Kinshasa, agus ar thacaigh AE leis mar chomhalta den ghrúpa tacaíochta, an bealach a réiteach do chéim nua de phróiseas polaitiúil a bheidh níos uilechuimsithí sna seachtainí atá le teacht. Ní mór a shoiléiriú, faoin 19 Nollaig, an leagan amach a bheidh ar an idirthréimhse roimh na toghcháin sin. Cuireann an tAontas i bhfios go láidir a phráinní atá an staid agus a thábhachtaí atá sé go mbeadh na príomhpháirtithe polaitiúla go léir agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach sa phróiseas sin, lena n-áirítear Comhdháil Easpag an Chongó. Iarrann sí ar an tromlach agus ar an bhfreasúra teacht ar na comhréitigh is gá trí chomhthoil leathan poiblí a bhaint amach.
  4. D’fhonn a áirithiú go mbeidh timpeallacht chuiditheach ann do sheoladh an idirphlé agus na dtoghchán, ní mór don rialtas gealltanas soiléir a thabhairt go n-áiritheoidh sé go n-urramófar cearta an duine agus an smacht reachta, agus go gcuirfear bac ar aon ionramháil ar an gcóras ceartais. Iarrann an tAontas Eorpach go scaoilfí saor na príosúnaigh pholaitiúla uile agus go gcuirfí deireadh leis na nósanna imeachta dlíthiúla i gcoinne lucht an fhreasúra agus an tsochaí shibhialta agus iarrann sé athshlánú íospartach breithiúnas polaitiúil chomh maith. Trí bhac a chur le léirsithe síochánta, trí imeaglú a imirt ar lucht an fhreasúra, ar an tsochaí shibhialta agus ar na meáin agus trína gciapadh ní fhéadfar aistriú síochánta agus daonlathach a chur ar bun. Sa chomhthéacs sin, ní féidir a áirithiú go mbeidh AE páirteach i gcláir nua athchóirithe na bpóilíní agus an cheartais. Iarrann AE ar Mhisean Cobhsúcháin Eagraíocht na Náisiún Aontaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (MCENAC) i gcreat a shainordaithe maidir le cosaint sibhialtach agus bunaithe ar na hacmhainní agus na meáin atá aige, imlonnú ar bhealach athchomhairleach agus iarrann sé ar na húdaráis oibriú i gcomhar iomlán le chéile ar mhaithe le cur chun feidhme an rúin a glacadh ag an tríú seisiún is tríocha den Chomhairle um Chearta an Duine.
  5. Maidir leis an líon daoine a gabhadh tar éis imeachtaí an 19 agus an 20 Meán Fómhair, is ábhar imní tromchúiseach é i ndáil leis na nósanna imeachta dlíthiúla a urramú agus leis an toil chun ceartas neamhspleách a áirithiú. Áitíonn an tAontas ar na páirtithe leasmhara go léir, ar thaobh an rialtais agus ar thaobh an fhreasúra diúltú don fhoréigean. Meabhraíonn sí an phríomhfhreagracht atá ar na fórsaí slándála an t-ord poiblí a choinneáil agus a áirithiú ag an am céanna go n-urramófar na saoirsí bunúsacha. Le fiosrúchán neamhspleách ba cheart go dtiocfadh freagrachtaí aonair gach páirtí chun cinn go gasta. Ní foláir go mbeadh MCENAC agus Oifig Chomhpháirteach na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó in ann a gcuid oibre a dhéanamh gan bhac. Thug AE dá aire freisin an ráiteas ó Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta an 23 Meán Fómhair 2016, a chuir in iúl go gcoinneofaí súil ghéar ar an staid ar an láthair.
  6. Athdhearbhaíonn an tAontas gur ábhar mór imní dó an staid in oirthear na tíre, agus go háirithe in Beni. Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn AE Rún 2293 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ina leagtar síos creat NA do na bearta sriantacha i gcoinne daoine nó eintiteas atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
  7. Beidh AE iomlán gníomhach i dtaca leis na rioscaí éagobhsaíochta sa tír agus leis an mbagairt a dhéanann siad ar an réigiún. Aontaíonn na Ballstáit anois gur gá an cur chuige atá acu maidir le víosaí a eisiúint i gcás sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus pasanna seirbhíse. Bainfidh an tAontas úsáid as na modhanna uile atá ar fáil, lena n-áirítear bearta sriantacha aonair i gcoinne na ndaoine atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as foréigean a spreagadh agus iad siúd a chuirfeadh bac ar réiteach a fháil ar an ngéarchéim, a bheadh de chomhthoil shíochánta agus lena n-urramófaí mian mhuintir an Chongó chun a chuid ionadaithe a thoghadh. Iarrann an Chomhairle ar an Ardionadaí tús a chur le gníomhaíocht chun an méid sin a bhaint amach.
  8. Meabhraíonn an tAontas na hiarrachtaí suntasacha a rinne sé le blianta beaga anuas chun an tír a thionlacan agus deimhníonn sé go bhfuil sé toilteanach iad a neartú. Chun na críche sin, athdhearbhaíonn sé a iarraidh ar an 2 Meitheamh 2016 go gcuirfeadh an Rialtas tús leis an idirphlé polaitiúil ar an leibhéal is airde, a luaithe is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chomhaontú Cotonou. Tá AE réidh le tacaíocht a thabhairt, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, do phróiseas trédhearcach toghcháin ar bhonn comhaontú polaitiúil cuimsitheach agus bunaithe ar fhéilire soiléir a chomhaontóidh na geallsealbhóirí, agus má chomhlíontar na coinníollacha uile i gcomhréir leis an mBunreacht agus le Rún 2277 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Sna dálaí sin, leanfaidh AE air den obair a éascú mar chomhalta den ghrúpa tacaíochta agus beidh sé ag obair i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe, go háirithe san Afraic. Is díol sásaimh di na hiarrachtaí nach beag a rinneadh sa réigiún chun na seasaimh éagsúla a thabhairt níos gaire dá chéile, go háirithe i ndáil le cruinniú mullaigh maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, a thionólfaidh an Chomhdháil Idirnáisiúnta maidir le Réigiún na Mór-Lochanna, na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Afracach i Luanda, agus maidir le cruinniú aireachta Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC).
Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024