- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 7 Feabhra 2017 10:30
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh : Glacann an Chomhairle an chéad chéim i dtreo comhar feabhsaithe a d'fhéadfadh a bheith ann
Ar an 7 Feabhra 2017, thug an Chomhairle faoi deara an easpa aontoilíochta a bhí ann i bhfabhar an togra le haghaidh Rialachán lena mbunófaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Leis sin, réitítear an bealach chun gur féidir le grúpa de naoi mBallstát ar a laghad an téacs a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí lena phlé agus le go ndéanfar iarracht dheiridh teacht ar chomhthoil maidir leis an togra. Murar féidir an méid sin a dhéanamh, is féidir an comhar feabhsaithe a mheas.
“Tá OIPE mar chuid de na Conarthaí ó 2009 i leith. Mar sin féin, mar a léiríodh le sé bliana go leith anuas, ba dheacair é a bhunú. Táimse cinnte de go mbainfidh Uachtaránacht Mhálta torthaí nithiúla amach trí leanúint de bheith ina hidirghabhálaí neamhspleách chun go n-éireoidh leis na Ballstáit sin ar mian leo é tús a chur leis an gcomhar feabhsaithe le linn na huachtaránachta seo”, a dúirt Owen Bonnici, Aire Dlí agus Cirt Mhálta.
Na chéad chéimeanna eile & an nós imeachta
Foráiltear le hAirteagal 86 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcás nach bhfuil comhthoil ann maidir leis an rialachán lena gcruthaítear OIPE, gur féidir le grúpa ina bhfuil naoi mBallstát ar a laghad a iarraidh go gcuirfí an téacs faoi bhráid na Comhairle Eorpaí lena phlé. Bíonn tréimhse suas le ceithre mhí ag an gComhairle Eorpach ansin chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhthoil.
Murar féidir comhthoil a chinntiú ansin, is féidir le grúpa de naoi mBallstát ar a laghad a chur in iúl gur mian leo comhar feabhsaithe a chur ar bun.
Cúlra
Tá sé mar aidhm le rialachán OIPE Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chruthú. Comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais a bheadh in OIPE a mbeadh údarás aige, faoi chúinsí áirithe, calaois san Aontas agus coireanna eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Thabharfaí le chéile leis iarrachtaí Eorpacha agus náisiúnta i ndáil le forfheidhmiú an dlí chun an chalaois a chomhrac.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024