- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 07/02/2017, 7 Feabhra 2017
Príomhthorthaí
Comhairle Eorpach mhí an Mhárta
Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán do Chomhairle Eorpach an earraigh trí phlé a dhéanamh ar chlár oibre sealadach. Sa chruinniú sin, a bheidh ar siúl an 9 agus an 10 Márta, beifear ag díriú ar bhearta chun fás a neartú, poist nua a chruthú, agus feabhas a chur ar an iomaíochas.
Breathnóidh siad go háirithe ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le hiarrachtaí athchóirithe na mBallstát agus measúnóidh siad an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Aontas ó thaobh torthaí a bhaint amach i réimsí tosaíochta amhail doimhniú breise an mhargaidh aonair. Déanfaidh na ceannairí measúnú freisin ar an méid a rinneadh chun a gconclúidí i ndáil le slándáil agus cosaint ó mhí na Nollaig 2016 a chur chun feidhme. Tabharfaidh siad aghaidh freisin ar an gcaidreamh seachtrach i bhfianaise imeachtaí a tharla le déanaí.
“Bhí cruthú post agus an fás eacnamaíoch agus slándáil go mór chun tosaigh ar an gclár oibre, ós rud é go dtuigimid cé chomh tábhachtach atá na hábhair sin do mhuintir na hEorpa. Tabharfar aghaidh ar na ceisteanna sin i gcruinniú an earraigh den Chomhairle Eorpach, agus féachfar leis an dul chun cinn a spreagadh tuilleadh. Le cruinniú na Comhairle inniu, féachadh le cáilíocht saoil níos fearr a chur ar fáil dár gcuid saoránach”
Louis Grech, Leas-Phríomh-Aire Mhálta agus Uachtarán na Comhairle
Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
D’aithin an Chomhairle nach raibh aontoilíocht ann chun tacú leis an rialachán lena mbunaítear Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Anois, beidh grúpa de naoi mBallstát, ar a laghad, in ann an téacs a tharchur chuig an gComhairle Eorpach chun iarracht deiridh a dhéanamh teacht ar chomhthoil maidir leis an togra. Murar féidir sin a dhéanamh, féachfar an bhféadfaí modh an chomhair fheabhsaithe a úsáid.
“Tá Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh mar chuid de na Conarthaí ó 2009 i leith. Mar sin féin, mar atá soiléir le sé bliana go leith anuas, ní gan deacrachtaí atá a bhunú. Tá mé cinnte go n-éireoidh le huachtaránacht Mhálta torthaí nithiúla a bhaint amach trí leanúint de bheith ag gníomhú mar idirghabhálaí neamhspleách sa chaoi go mbeidh na Ballstáit sin ar mian leo in ann modh an chomhair fheabhsaithe a sheoladh faoin Uachtaránacht seo.”
Owen Bonnici, Aire Dlí agus Cirt Mhálta
Rialuithe ag teorainneacha inmheánacha
Mhol an Chomhairle go leanfadh an Ostair, an Ghearmáin, an Danmhairg, an tSualainn agus an Iorua de rialuithe sealadacha a fheidhmiú ar na teorainneacha ar feadh uastréimhse trí mhí. Ba cheart na rialuithe sin, a bhaineann le teorainneacha sonracha sna tíortha sin, a bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun freagairt do na cúinsí eisceachtúla atá ann faoi láthair ina bhfuil riosca ann go ndéanfadh imircigh neamhrialta gluaiseachtaí tánaisteacha.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 7 Feabhra 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 7 Feabhra 2017
- Clár táscach
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 7 Feabhra 2017
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025