Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 19 Bealtaine 2017 13:05

Glacann an Chomhairle comhdhearcadh nua Eorpach maidir leis an bhforbairt

Ar an 19 Bealtaine, ghlac an Chomhairle comhdhearcadh nua Eorpach maidir leis an bhforbairt. Sa chomhráiteas ó na trí institiúid (an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún), leagtar amach creat nua maidir le comhar don fhorbairt le haghaidh an Aontais agus a Bhallstát.

“A bhuí leis an gcomhdhearcadh nua Eorpach maidir le forbairt, is treise fós é an tAontas chun dul i ngleic leis na dúshláin atá inniu ann, forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht ar fud na cruinne. Is ionann infheistiú san fhorbairt inbhuanaithe agus infheistiú sa tslándáil agus sa rathúnas comhchoiteann”, arsa Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

“Deimhníonn comhaontú an lae inniu go bhfuil gealltanas tugtha ag na Ballstáit uile oibriú as lámh a chéile ar chlár oibre agus tosaíochtaí comhroinnte chun comhar an Aontais a chinntiú leis na tíortha uile atá i mbéal forbartha sna mblianta atá romhainn. Is cúis bhróid dúinn é gur éirigh le hUachtaránacht Mhálta teacht ar chomhdhearcadh”, a dúirt George Vella, freisin, Aire Gnóthaí Eachtracha Mhálta.

Tá tábhacht leis an gcomhdhearcadh i bhfianaise ról ríthábhachtach an Aontais i réimse an chomhair don fhorbairt. Tá an tAontas fós ar an deontóir cabhrach um fhorbairt is mó ar domhan is é a thugann breis is leath na cabhrach a chuirtear ar fáil timpeall na cruinne. Is í an sprioc uileghabhálach ná deireadh a chur leis an mbochtaineacht trí dhea-rialachas a chur chun cinn, cúrsaí daonna agus eacnamaíocha a fhorbairt agus dul i ngleic le saincheisteanna uilíocha amhail an t-ocras a chomhrac agus acmhainní nádúrtha an domhain a chaomhnú.

Is é an comhdhearcadh Eorpach maidir le forbairt freagra an Aontais ar chlár oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don fhorbairt inbhuanaithe. Leagtar amach sa chomhdhearcadh na príomhphrionsabail a bheidh mar threoir do chur chuige an Aontais agus na mBallstát i leith an chomhair le tíortha atá i mbéal forbartha sna 15 bliana atá romhainn, mar aon le straitéis maidir le teacht ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Ar aon dul leis an straitéis dhomhanda maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais, beidh an comhdhearcadh ina chuidiú freisin ar mhaithe le tosaíochtaí bheartas seachtrach an Aontais a bhaint amach.

Tá an comhdhearcadh ceaptha a bheith mar fhreagra ar na dúshláin dhomhanda atá ann agus a bhfuil tionchar déimeagrafach, eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil acu. Is éard atá i gcroílár an chur chuige sin an teacht aniar atá i stáit, i sochaithe agus i ndaoine aonair a threisiú. Tá sé mar aidhm aige forbairt inbhuanaithe a dhéanamh agus athrú a luathú ach béim a leagan ar ghnéithe cothrománacha den bheartas forbartha amhail comhionannas inscne, an óige, infheistíocht agus trádáil, fuinneamh inbhuanaithe agus gníomhaíocht ar son na haeráide, dea-rialachas, daonlathas, smacht reachta agus cearta an duine, agus imirce agus soghluaisteacht.

Sa chomhdhearcadh, moltar an comhordú agus an comhtháthú idir an tAontas agus a Bhallstáit a mhéadú. Chun cur leis an éifeacht atá ar thorthaí agus an tionchar i gcoitinne a mhéadú, moltar cur chuige saincheaptha agus éagsúil a ghlacadh agus obair a dhéanamh le páirtithe chun go gcuirfear cláreagrú agus cur chun feidhme comhpháirteach chun cinn i dteannta rannpháirtíocht iomlán na sochaí sibhialta agus gníomhaithe eile. Leagtar béim sa chomhdhearcadh ar an tábhacht a bhaineann le héifeachtacht, trédhearcacht, cuntasacht fhrithpháirteach agus úinéireacht a bheith á bhforbairt ag na páirtithe uile atá i gceist, agus leagtar béim ar dheimhin a dhéanamh de go n-úsáidtear gach modh chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach.

Na chéad chéimeanna eile

Táthar ag súil leis go dtacóidh Parlaimint na hEorpa leis an gcomhdhearcadh ar an 31 Bealtaine.

Síneoidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Príomh-Aire Mhálta, thar ceann na Comhairle agus na mBallstát, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus an tArdionadaí, an comhráiteas le linn na laethanta Eorpacha don fhorbairt ar an 7 Meitheamh. Ansin, cuirfear in ionad an chomhdhearcaidh reatha Eorpaigh maidir le forbairt a glacadh in 2006 é.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024