- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19/05/2017, 19 Bealtaine 2017
Na príomhthorthaí
“Táimid den tuairim gur chuid ríthábhachtach dár mbeartas slándála agus eachtrach é infheistíocht a dhéanamh san fhorbairt, sa tsíochánaíocht, sa chabhair dhaonnúil, agus san athrú aeráide”
Sin a dúirt Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
An Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt
Ghlac an Chomhairle an comhdhearcadh nua Eorpach maidir le forbairt, i bhfoirm comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, lena leagtar amach creat nua le haghaidh comhar um fhorbairt don Aontas agus dá Bhallstáit.
Tá an comhdhearcadh nua Eorpach maidir le forbairt mar fhreagra an Aontais ar chlár oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don fhorbairt inbhuanaithe agus is sprioc insoláthraithe é don Aontas Eorpach ar leibhéal na Náisiún Aontaithe. Leis an gcomhdhearcadh leagtar amach na príomhphrionsabail lena dtreorófar cur chuige an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát i leith comhar leis na tíortha uile atá i mbéal forbartha le himeacht na 15 bliana atá romhainn, mar aon le straitéis maidir le teacht ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna).
Géarchéimeanna daonnúla
Phléigh na hairí an chaoi chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil atá ag dul in olcas san Afraic, in Éimin agus sa tSiria. Tá géarchéimeanna tromchúiseacha os comhair na réigiún sin faoi láthair de dheasca coinbhleachtaí in Oirthuaisceart na Nigéire, sa tSúdáin Theas, in Éimin agus sa tSiria, agus de dheasca triomach sa tSomáil agus ar bhonn níos lú in áiteanna sa Chéinia agus san Aetóip. De dheasca na ngéarchéimeanna is ann do scrios forleathan agus easáitiú an phobail, neamhdheimhneacht ghéar an tsoláthair bhia agus an chothaithe agus ganntanas sa bhunchúram sláinte.
I bhfianaise na rioscaí a bhaineann leis an staid sin, phléigh na hairí na roghanna féideartha chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais dhaonnúla is práinní agus chun géarú breise ar na géarchéimeanna a sheachaint. Leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann le réitigh thaidhleoireachta agus pholaitiúla chun tacú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil.
Scrúdaigh siad freisin bealaí chun feabhas a chur ar an gcomhordú idir ionstraimí cabhrach daonnúla agus ionstraimí cabhair um fhorbairt agus tionscnaimh chomhpháirteacha éifeachtacha an dá réimse. Ghlac siad conclúidí lena dtugtar aghaidh ar an tsaincheist seo.
Caidreamh AE-ACC i ndiaidh 2020
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir lena bhfuil i ndán don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC), i bhfianaise dul in éag Chomhaontú Cotonou in 2020.
Bhí plé ar siúl ar bhonn teachtaireachta comhpháirtí ón gCoimisiún Eorpach agus ón Ardionadaí Federica Mogherini, a glacadh ar an 22 Samhain 2016, plé a dhírigh go háirithe ar na roghanna a moladh maidir leis na trí phríomhghné: struchtúr an chaidrimh sa todhchaí, cineál an chomhaontaithe fhéideartha, agus an clúdach geografach.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Conclúidí ón gComhairle maidir le slabhraí luacha inbhuanaithe in earnáil an éadaigh - 19/05/2017
Conclúidí ón gComhairle i ndáil le Tuarascáil Bhliantúil 2017 maidir le spriocanna an Aontais Eorpaigh i réimse na cabhrach um fhorbairt - 19/05/2017
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an nasc idir cabhair dhaonnúil agus forbairt a oibríochtú - 19/05/2017
Glacann an Chomhairle comhdhearcadh nua Eorpach maidir leis an bhforbairt - 19/05/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025