- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 11 Iúil 2017 12:20
Conclúidí ón gComhairle maidir le plean gníomhaíochta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip
“Déanann an Chomhairle an méid seo a leanas:
1. TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur fágadh na bainc i roinnt Bállstát le cóimheasa arda iasachtaí neamhthuillmheacha mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais agus ar na cúluithe a lean as, mar aon le fachtóirí struchtúracha, ar ghabh cleachtais thionscnamh na hiasachta leo in amanna nár leordhóthanach iad;
2. AITHNÍONN SÍ cé nár tháinig cóimheasa arda iasachtaí neamhthuillmheacha chun cinn i bhformhór na mBallstát le blianta beaga anuas, gur féidir go gcothófar rioscaí le tionchair dhiúltacha na gcóimheas ard iasachtaí neamhthuillmheacha atá ann faoi láthair i líon suntasach Ballstát, rioscaí lena mbeidh iarmhairtí trasteorann ó thaobh an gheilleagair fhoriomláin agus chóras airgeadais an Aontais de, agus go n-athrófar dearcadh an mhargaidh ar earnáil baincéireachta na hEorpa ina iomláine, go háirithe laistigh den aontas baincéireachta;
3. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR cé gurb iad na bainc atá freagrach go príomha as a gcuid samhlacha gnó a athstruchtúrú agus réiteach tráthúil a fháil ar chúrsaí a bhaineann lena n-iasachtaí neamhthuillmheacha, go gcuirfí le leas an Aontais ina iomláine le bearta chun aghaidh a thabhairt ar stoc na n-iasachtaí neamhthuillmheacha atá ann faoi láthair agus chun cosc a chur ar theacht chun cinn agus ar charnadh na n-iasachtaí neamhthuillmheacha, trí rannchuidiú le fás feabhsaithe agus trí ilroinnt airgeadais a laghdú;
4. TUGANN SÍ DÁ hAIRE gur féidir, de thairbhe a méide, nach dtitfidh na cóimheasa arda iasachtaí neamhthuillmheacha atá ann faoi láthair ar luas sásúil in ainneoin an téarnaimh eacnamaíoch agus IS DÍOL SÁSAIMH DI a bhfuil déanta cheana agus an dul chun cinn suntasach a rinne Ballstáit áirithe agus institiúidí agus comhlachtaí áirithe an Aontais a raibh imní orthu chun aghaidh a thabhairt ar an tsean-saincheist sin agus chun cosc a chur ar a teacht ar ais; TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil sé de chumas ag maoirseoirí faoi láthair úsáid a bhaint as uirlisí sonracha, i gcás inarb iomchuí, mar shampla, chun na caillteanais a thaobhaítear, nó ar féidir iad a thaobhú, a mheas trí luachálacha cearta sócmhainní; CUIREANN SÍ I dTREIS go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun cóimheasa iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú arís go dtí leibhéil níos ísle atá inbhuanaithe agus gur cheart dreasachtaí d’institiúidí creidmheasa uile an Aontais a mhéadú chun dul i ngleic ar bhonn réamhghníomhach le hiasachtaí neamhthuillmheacha agus ag an am céanna tionchair shuaiteacha na ndíolachán práinne á seachaint;
5. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur le hathchóirithe rialála iar-ghéarchéime an Aontais, lena n-áirítear bearta chun an t-aontas baincéireachta a bhunú, a léirítear athrú córais lena gcosnófar airgead na gcáiníocóirí, lena gcaomhnófar an chobhsaíocht airgeadais sa limistéar Euro agus san Aontas ina iomláine, agus lena gcuirfear feabhas ar na sásraí margaidh san earnáil baincéireachta, a bhfuil na huirlisí réitigh agus go háirithe an tarrtháil inmheánach bunriachtanach dóibh. Ba cheart d’aon phlé le saincheist na n-iasachtaí neamhthuillmheacha, ar féidir go mbeidh na bacainní ar athstruchtúrú breise san earnáil baincéireachta a bhaint i gceist leis, ba cheart dó bheith i gcomhréir leis na rialacha sin, lena n-áirítear Treoir 2014/59/AE (BRRD) agus na rialacha maidir le Státchabhair;
6. CUIREANN SÍ IN IÚL GO LÁIDIR gurb é an bealach is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar stoic na n-iasachtaí neamhthuillmheacha atá ann cheana chomh maith le teacht chun cinn agus carnadh na n-iasachtaí neamhthuillmheacha nua ar chláir chomhardaithe na mbanc, ná, cur chuige cuimsitheach ina bhfuil meascán de ghníomhaíochtaí comhlántacha beartais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach i gcás inarb iomchuí, go háirithe i ngach ceann de na ceithre réimse beartais seo a leanas: (i) an mhaoirseacht, (ii) athchóirithe struchtúracha ar chreataí dócmhainneachta agus aisghabhála fiacha, (iii) margaí tánaisteacha i gcomhair sócmhainní tochsail a fhorbairt, agus (iv) an t-athstruchtúrú ar chóras na baincéireachta a chothú;
7. IS DÍOL SÁSAIMH DI, dá bhrí sin, an tuarascáil ar na hiasachtaí neamhthuillmheacha[1] a d’ullmhaigh foghrúpa an Choiste um Sheirbhísí Airgeadais agus IARANN SÍ ar na Ballstáit, ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, ar a chuid comhlachtaí agus ar a chuid gníomhaireachtaí an obair a thabhairt chun cinn maidir leis na roghanna beartais atá istigh ann, ar bhonn na gconclúidí seo ón gComhairle;
8. Sa chomhthéacs sin, IARRANN SÍ go ndéanfaí an méid seo a leanas go háirithe:
- iarrann sí ar an gCoimisiún, i samhradh 2017, léirmhíniú a eisiúint ar na cumhachtaí maoirseachta atá ann faoi láthair a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais d’fhonn a n-inúsáidteacht a shoiléiriú i dtaca le beartais na mbanc maidir le soláthar na n-iasachtaí neamhthuillmheacha faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle agus faoi Airteagal 104 de Treoir 2013/36/AE (CRD IV); mar thoradh ar léirmhíniú an Choimisiúin, más iomchuí, agus i ndiaidh di anailís a dhéanamh ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí, féachfaidh an Chomhairle ar leasú a dhéanamh ar Airteagal 104 de CRD IV i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar CRR/CRD IV atá ar siúl faoi láthair, i gcomhréir leis na roghanna beartais a leagtar amach sa tuarascáil ar na hiasachtaí neamhthuillmheacha;
- iarrann sí ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar CRR/CRD IV atá ar siúl faoi láthair, féachaint ar chúlstopanna stuama a thugann aghaidh ar an bhforáil ar féidir nach leordhóthanach í a mbeadh feidhm acu maidir le hiasachtaí a thionscnaítear go húrnua; d’fhéadfadh na cúlstopanna reachtúla sin a bheith i bhfoirm asbhaintí éigeantacha stuama ó chistí dílse na n-iasachtaí neamhthuillmheacha, mar thoradh ar an measúnú ar na calabrúcháin is iomchuí amuigh i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta;
- iarrann sí ar an Maoirseoireacht ar Bhaincéireacht de chuid BCE mar aon leis na húdaráis inniúla náisiúnta laistigh den aontas baincéireachta, treoir maidir le hinstitiúidí ar lú a dtionchar san aontas baincéireachta a chur chun feidhme faoi dheireadh 2018, agus é a bheith cosúil le “Treoir do na bainc maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha” a d’eisigh an sásra maoirseachta aonair le haghaidh institiúidí suntasacha, ach oiriúnuithe spriocdhírithe déanta air i gcás inarb iomchuí;
- iarrann sí ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) treoirlínte ginearálta maidir le bainistiú na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a eisiúint faoi shamhradh 2018, atá i gcomhréir leis an treoir thuasluaite, agus raon feidhme níos leithne leo a mbeidh feidhm acu maidir le gach banc san Aontas ina iomláine;
- iarrann sí ar ÚBE treoirlínte mionsonraithe ar thionscnamh, faireachán agus rialachas inmheánach iasachtaí na mbanc a eisiúint faoi shamhradh 2018, a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt go háirithe ar shaincheisteanna amhail an trédhearcacht agus an measúnú ar inacmhainneacht an iasachtaí; leis na treoirlínte sin, ba cheart leas a bhaint as eispéiris náisiúnta i gcás inarb ábhartha;
- iarrann sí ar an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach cur chuige macrastuamachta a fhorbairt faoi dheireadh 2018, lena gcuirfear cosc ar theacht chun cinn fadhbanna iasachtaí neamhthuillmheacha ar fud an chórais, agus aird chuí a thabhairt ar thionchair chomhthimthriallacha na mbeart lena dtugtar aghaidh ar stoc na n-iasachtaí neamhthuillmheacha agus ar na tionchair is féidir a bheith ann ar an gcobhsaíocht airgeadais;
- iarrann sí ar ÚBE, i gcomhairle le ESMA, agus leis na húdaráis inniúla, ceanglais feabhsaithe maidir le nochtadh a chur chun feidhme faoi dheireadh 2018 i ndáil le cáilíocht sócmhainní agus iasachtaí neamhthuillmheacha do gach banc;
- iarrann sí ar ÚBE treoirlínte do na bainc a eisiúint faoi dheireadh 2017 ar an bhfaireachán ar na teilitéipeanna iasachta, ina sonraítear an fhaisnéis mhionsonraithe íosta atá de dhíth ó na bainc maidir lena neamhchosaintí creidmheasa sa leabhar baincéireachta;
- iarrann sí ar ÚBE, ar BCE agus ar an gCoimisiún, tionscnaimh a mholadh faoi dheireadh 2017 chun an bonneagar sonraí a neartú le sonraí aonfhoirmeacha caighdeánaithe maidir leis na hiasachtaí neamhthuillmheacha, agus féachaint ar ardáin a bhunú le haghaidh idirbhearta iasachtaí neamhthuillmheacha chun forbairt a dhéanamh ar an margadh tánaisteach seo;
- iarrann sí ar an gCoimisiún, i gcomhar le gach institiúid agus comhlacht ábhartha agus na heispéiris naisiúnta rathúla a bhí ann roimhe seo á gcur san áireamh, “treoirphlean” a fhorbairt faoi dheireadh na bliana 2017 le haghaidh bhunú na gcuideachtaí bainistíochta sócmhainní naisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann, lena leagfaí amach comhphrionsabail maidir leis na himlínte ábhartha sócmhainne agus rannpháirtíochta, na tairseacha méid sócmhainne, na rialacha luachála sócmhainní, na struchtúir chaipitil chuí agus na gnéithe rialachais agus na gnéithe oibríochtúla, idir phríobháideach agus phoiblí; ba cheart dó an dearadh is incheadaithe a shoiléiriú freisin, i gcomhréir le creat reachtach an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2014/59/AE (an Treoir maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (an Rialachán maidir le sásra réitigh aonair) agus na rialacha maidir le státchabhair le haghaidh bearta faoisimh sócmhainne agus le haghaidh úsáid na gcuideachtaí bainistíochta sócmhainní;
- iarrann sí ar an gCoimisiún cur chuige Eorpach a fhorbairt faoi shamhradh 2018 chun an fhorbairt ar na margaí tánaisteacha le haghaidh na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a chothú, go háirithe chun deireadh a chur leis na bacainní atá ar bhainc na hiasachtaí neamhthuillmheacha a aistriú chuig neamhbhainc agus atá ar neamhbhainc iad a bheith faoina n-úinéireacht, agus cearta tomhaltóirí á gcosaint ag an am céanna, agus chun na ceanglais cheadúnaithe maidir le seirbhíseoirí iasacht tríú páirtí a shimpliú agus, más féidir, a chomhchuibhiú, chomh maith, agus tús a chur leis an reachtaíocht as a stuaim féin i ndáil leis seo, de réir mar is iomchuí;
- iarrann sí ar an gCoimisiún na torthaí a fhoilsiú roimh dheireadh 2017 ar an gcleachtadh tagarmharcála maidir le héifeachtúlacht na gcóras naisiúnta forghníomhaithe (lena n-áirítear dócmhainneacht) ó pheirspictíocht creidiúnaí bainc, lena gcuirfear méadracht inchomparáide ar fáil atá chomh beacht agus is féidir faoi na rátaí, na hagaí agus na costais aisghabhála ar fud na mBallstát, agus tuilleadh forbairt a dhéanamh ar an díriú ar shaincheisteanna dócmhainneachta sa Seimeastar Eorpach, agus na hathchóirithe leanúnacha atá ar siúl faoi láthair á gcur san áireamh;
- iarrann sí ar na Ballstáit, agus an cleachtadh tagarmharcála á leanúint go cúramach acu, féachaint ar athbhreithnithe piaraí tiomnaithe a chur i gcrích ar chórais dócmhainneachta ar fud an Aontais faoi dheireadh 2018, agus é á aithint acu gurb an-éagsúil iad na córais dlí agus na creataí dócmhainneachta atá ag na Ballstáit;
- iarrann sí ar an gCoimisiún anailís bhreise a dhéanamh ar an deis a d’fhéadfadh a bheith ann chun feabhas a chur ar chosaint na gcreidiúnaithe urraithe;
9. AONTAÍONN SÍ go bhfillfí ar an tsaincheist seo go rialta agus i gceann sé mhí sa chéad dul síos, d’fhonn breathnú ar theacht chun cinn na n-iasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip, go bhfillfí ar athstruchtúrú na hearnálacha baincéireachta sa chomhthéacs seo agus ar fhorbairt na margaí tánaisteacha i gcomhair idirbhearta iasachtaí neamhthuilleamhacha, d’fhonn an dul chun cinn a dhéanfar ar bhonn an stocáirimh a rinne an Coimisiún a mheasúnú, agus d’fhonn an chumarsáid ar na hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip a chomhordú.”
[1] 9854/17
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024