- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 11/07/2017, 11 Iúil 2017
Na príomhthorthaí
Baincéireacht - Iasachtaí neamhthuillmheacha
D’fhormheas an Chomhairle plean gníomhaíochta chun dul i ngleic le fadhb na n-iasachtaí neamhthuillmheacha (INTanna) in earnáil na baincéireachta.
Leag sí meascán de ghníomhaíochtaí beartais síos chun cabhrú leis na stoic INTanna a laghdú, atá ar leibhéal ard fós laistigh den Aontas, agus chun a chosc go dtiocfaidís chun cinn amach anseo an athuair.
Is fadhb don tionscal baincéireachta iad iasachtaí neamhthuillmheacha agus, go dtí seo, is ar an leibhéal náisiúnta go príomha a sainaithníodh réitigh ina leith” a dúirt Toomas Tõniste, Aire Airgeadais na hEastóine, atá i mbun uachtaránacht na Comhairle faoi láthair. Is gá dúinn ha hacmhainní sin a scaoileadh saor, teacht aniar níos fearr a chothú sa chóras airgeadais atá againn agus cosc a chur ar shaincheisteanna na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a bheith ag teacht chun cinn arís amach anseo.”
Ar bhonn tuarascáil ó na saineolaithe, leag an Chomhairle béim ar an ngá atá le gníomhú maidir leis an méid seo a leanas:
- maoirseoireacht bhaincéireachta
- creataí dócmhainneachta agus aisghabhála fiach a athchóiriú
- forbairt margaí tánaisteacha i gcomhair IPNanna
- an tionscal baincéireachta a athstruchtúrú.
D’aontaigh sí filleadh ar an tsaincheist go rialta.
Aontas na margaí caipitil - Athbhreithniú meántéarma
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hathbhreithniú an Choimisiúin ar phlean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh d’aontas na margaí caipitil.
Rinne an Chomhairle athdhearbhú ar a tiomantasdon phlean gníomhaíochta, ar plean é atá dírithe ar aontas iomlán a bhaint amach do na margaí caipitil faoi dheireadh na bliana 2019. Thacaigh sí le roinnt de na tionscadail tosaíochtaatá leagtha amach ag an gCoimisiún.
Leag sí béim ar an dul chun cinn maith atá déanta go dtí seo, i bhfianaise go bhfuil beagnach dhá thrian de na gníomhaíochtaí curtha i gcrích cheana. Mar sin féin, tá roinnt dúshlán anois ann, rud a fhágann nach mór an plean a neartú anois.
“Tá an geilleagar ag dul i bhfeabhas. Tuilleadh infheistíochta is géire a theastaíonn anois. Is é sin an fáth a bhfuil aontas na margaí caipitil ar bharr an chláir oibre ag an Eastóin", a dúirt an tUasal Tõniste. “Más uainn fás eacnamaíoch inbhuanaithe a bheith againn san fhadtéarma, ní mór raon na bhfoinsí maoiniúcháin a leathnú, go háirithe i dtaca le cuideachtaí nuálacha óga .”
Clár na hUachtaránachta
Phléigh an Chomhairle tosaíochtaí uachtaránacht na hEastóine a mhéid a bhaineann le gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais.
Díreofar na gníomhaíochtaí a dhéanfar go dtí deireadh na bliana 2017 ar an méid seo a leanas:
- aontas baincéireachta an Aontais agus aontas margaí caipitil an Aontais
- cánachas, ag díriú ar an ngeilleagar digiteach agus ar nuachóiriú CBL
- buiséad an Aontais
- an rialachas eacnamaíoch
- a bhfuil i ndán don Aontas agus don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus iad a mhaoiniú.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Baincéireacht: Plean gníomhaíochta leagtha amach ag an gComhairle le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha - 11/07/2017
Conclúidí ón gComhairle maidir le plean gníomhaíochta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip - 11/07/2017
Aontas na margaí caipitil: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta coigeartuithe - 11/07/2017
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún faoin athbhreithniú meántéarma ar an bplean gníomhaíochta maidir le haontas na margaí caipitil - 11/07/2017
Beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha: Moltaí tír-shonracha na bliana 2017 - 11/07/2017
An Úcráin: Glacann an Chomhairle comhaontú comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin - 11/07/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025