- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 1 Lúnasa 2017 11:55
Tá 23 chathair i ndiaidh tairiscintí a chur isteach i dtaca leis na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais Eorpaigh atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe a óstáil
Brexit: gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a athshuí (Grafaic faisnéise)
Tá 27 moladh, a bhaineann le 23 chathair, curtha faoi bhráid na Comhairle ag na Ballstáit i dtaca le hóstáil na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe faoi láthair. Rinneadh 19 dtairiscint ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a óstáil agus rinneadh 8 gcinn de thairiscintí ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) a óstáil. Tá gach tairiscint ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Eorpaí.
Ní mór an dá ghníomhaireacht a athlonnú i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach. Is de chomhthoil na 27 mBallstát de chuid an Aontais is gá na suíomhanna a bheidh i gceist a chinneadh. Ar an 22 Meitheamh 2017, ar imeall na Comhairle Eorpaí (Airteagal 50), d'fhormhuinigh 27 gceannaire an Aontais an nós imeachta ar leith don chinneadh úd. Mar chéad chéim, bhí na Ballstáit le tairiscintí a chur isteach faoin 31 Iúil 2017.
An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach
Is iad seo a leanas, mar atá ar an 1 Lúnasa 2017, na cathracha atá á moladh i dtaca leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a óstáil:
- Amstardam (an Ísiltír)
- An Aithin (an Ghréig)
- Barcelona (an Spáinn)
- Bonn (an Ghearmáin)
- An Bhratasláiv (an tSlóvaic)
- An Bhruiséil (an Bheilg)
- Búcairist (an Rómáin)
- Cóbanhávan (an Danmhairg)
- Baile Átha Cliath (Éire)
- Heilsincí (an Fhionlainn)
- Lille (an Fhrainc)
- Milano (an Iodáil)
- Porto (an Phortaingéil)
- Sóifia (an Bhulgáir)
- Stócólm (an tSualainn)
- Málta (Málta)
- Vín (an Ostair)
- Vársá (an Pholainn)
- Ságrab (an Chróit)
Tá an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) freagrach as meastóireacht eolaíoch, maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht cógas san Aontas. Tá EMA ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh aonair le haghaidh cógais san Aontas.
An tÚdarás Baincéireachta Eorpach
Is iad seo a leanas, mar atá ar an 1 Lúnasa 2017, na cathracha atá á moladh i dtaca leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (EBA) a óstáil:
- An Bhruiséil (an Bheilg)
- Baile Átha Cliath (Éire)
- Frankfurt (an Ghearmáin)
- Páras (An Fhrainc)
- Prág (Poblacht na Seice)
- Cathair Lucsamburg (Lucsamburg)
- Vín (an Ostair)
- Vársá (an Pholainn)
Féachann an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) le háirithiú go ndéantar rialáil agus maoirseacht stuamachta éifeachtach chomhsheasmhach ar fud earnáil baincéireachta na hEorpa. I measc cúraimí eile, déanann ÚBE rioscaí agus leochaileacht in earnáil baincéireachta an Aontais a mheas trí thuarascálacha rialta measúnaithe riosca agus trí thástálacha rialta struis ar fud an Aontais.
Critéir mheasúnaithe
Déanfar na hiarratais a mheas ar bhonn sé chritéar arna gcomhaontú ag na 27 mBallstát:
- gealltanais go mbeidh an ghníomhaireacht oibríochtúil nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas
- inrochtaineacht an tsuímh
- scoileanna le haghaidh leanaí na foirne
- rochtain ar an margadh saothair agus ar chúram sláinte le haghaidh theaghlaigh na bhfostaithe
- leanúnachas gnó
- raon geografach
Na chéad chéimeanna eile
Foilseoidh an Coimisiún measúnú ar na tairiscintí bunaithe ar na critéir chomhaontaithe sin faoin 30 Meán Fómhair 2017. Beidh plé polaitiúil ag na hairí, bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin, i mí Dheireadh Fómhair 2017, ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Airteagal 50).
Is le vóta na 27 n-airí a ghlacfar an cinneadh, ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Airteagal 50), i mí na Samhna 2017. Vótálfar ar na tairiscintí uile mura dtarraingeoidh na tíortha lena mbaineann siar iad. Beidh cúpla babhta vótála as a chéile i gceist leis an vóta, de réir mar is gá, caithfear na vótaí i mballóid rúnda, agus beidh an líon céanna vótaí ag gach ceann de na 27 mBallstát.
- Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a athshuí
- Nós imeachta as a n-eascróidh cinneadh maidir leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Údarás Baincéireachta Eorpach a athshuí i gcomhthéacs an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar ón Aontas, 22/06/2017
Teagmhálaithe preasa
-
Ester Arauzo-Azofra Preasoifigeach
- +32 2 281 53 61
- +32 473 63 07 23
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024