Gníomhaireachtaí an Aontais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a athshuí
Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais ag bogadh ó Londain go dtí Amstardam agus Páras
Caithfear an dá ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (GLE) agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe faoi láthair, a athlonnú i gcomhthéacs an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar ón Aontas Eorpach. Ar an 22 Meitheamh 2017, ar imeall na Comhairle Eorpaí (Airteagal 50), d'fhormhuinigh na 27 gceannaire de chuid an Aontais nós imeachta sonrach le haghaidh na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a athshuí.
Chaith na hairí AE27 vóta, ar imeall chruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Airt. 50) ar an 20 Samhain 2017, maidir leis an dá ghníomhaireacht de chuid an Aontais a athshuí. Is é Amstardam, san Ísiltír, an suíomh a roghnaíodh i gcás EMA agus Páras na Fraince an suíomh a roghnaíodh i gcás ÚBE.
Bhí sé riachtanach an dá Rialachán bunaidh lenar bunaíodh an dá ghníomhaireacht a leasú chun na suímh nua a léiriú sna rialacháin sin.
Cé na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe faoi láthair?
Tá dhá ghníomhaireacht ag an Aontas Eorpach sa Ríocht Aontaithe. I Londain atá an dá cheann acu lonnaithe.
An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach
Is in 1995 a bunaíodh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), atá freagrach as meastóireacht eolaíoch, maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht cógas san Aontas.
Tá EMA ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh aonair le haghaidh cógais san Aontas.
Go nithiúil, tá na cúraimí seo a leanas ar phríomhchúraimí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí:
- éascú a dhéanamh ar fhorbairt cógas agus ar rochtain orthu
- meastóireacht a dhéanamh ar iarratais ar údarú margaíochta
- faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht cógas le linn a saolré
- faisnéis a chur ar fáil do ghairmithe cúraim sláinte agus d’othair
An tÚdarás Baincéireachta Eorpach
Féachann an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) le háirithiú go ndéantar rialáil agus maoirseacht stuamachta éifeachtach chomhsheasmhach ar fud earnáil baincéireachta na hEorpa. Is iad na cuspóirí foriomlána atá aige:
- cobhsaíocht airgeadais a chothabháil san Aontas
- sláine, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na hearnála baincéireachta a choimirciú
Is é an príomhchúram atá ar ÚBE rannchuidiú leis an leabhar rialacha aonair Eorpach sa bhaincéireacht a chruthú.
Is é is aidhm don leabhar rialacha aonair tacar aonair rialacha stuamachta comhchuibhithe a chur ar fáil d’institiúidí airgeadais ar fud an Aontais. Tá sé beartaithe leis sin go mbeadh cothrom na Féinne le fáil agus go ndéanfaí ardleibhéal cosanta a sholáthar do thaisceoirí, d’infheisteoirí agus do thomhaltóirí.
Tá sainordú ag ÚBE freisin chun rioscaí agus leochaileachtaí in earnáil baincéireachta an Aontais a mheas trí thuarascálacha rialta measúnaithe riosca agus trí thástálacha rialta uile-Eorpacha struis.
Cérbh iad céimeanna an nós imeachta chun na suímh nua a roghnú?
Is éard atá i gceist leis an nós imeachta:
- tairiscintí ó na Ballstáit ar cheann de na gníomhaireachtaí nó an dá cheann a óstáil, a cuireadh isteach faoin 31 Iúil 2017
- an measúnú a rinne an Coimisiún ar na tairiscintí de réir na gcritéar a comhaontaíodh, agus a foilsíodh ar an 30 Meán Fómhair 2017
- an plé polaitiúil bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin a rinneadh ar imeall an chruinnithe den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Airt.50) ar an 17 Deireadh Fómhair 2017
- nós imeachta inar chaith na 27 mBallstát vóta ar imeall an chruinnithe den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Airt. 50) ar an 20 Samhain 2017
Brexit: gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a athshuí (Grafaic faisnéise)
1. Tairiscintí ar na gníomhaireachtaí a óstáil
Bhí 8 dtairiscint ar an Údarás Baincéireachta Eorpach a óstáil agus bhí 19 dtairiscint ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a óstáil.
- Tairiscintí ar an Údarás Baincéireachta Eorpach a óstáil
- Tairiscintí ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a óstáil
- Tá 23 chathair i ndiaidh tairiscintí a chur isteach i dtaca leis na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais Eorpaigh atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe a óstáil (preasráiteas, 1/8/2017)
2. Critéir mheasúnaithe
Ar an 22 Meitheamh, tháinig 27 gceannaire de chuid an Aontais ar chomhaontú faoi na 6 chritéar seo a leanas:
- dearbhú go mbeadh an ghníomhaireacht oibríochtúil nuair a d'fhágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas
- inrochtaineacht an tsuímh
- scoileanna le haghaidh leanaí fhoireann na gníomhaireachta
- rochtain ar an margadh saothair agus ar chúram sláinte i gcomhair chéilí agus leanaí na bhfostaithe
- leanúnachas gnó
- raon geografach
Ar an 30 Meán Fómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an measúnú ar na tairiscintí bunaithe ar na 6 chritéar a chomhaontaigh AE27.
3. Plé polaitiúil
Bhí plé polaitiúil ag na hairí AE27, ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Airt. 50), maidir leis an dá ghníomhaireacht de chuid an Aontais a athshuí.
4. Vótáil
Chaith na hairí AE27 vóta, ar imeall chruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Airt. 50) ar an 20 Samhain 2017, maidir leis an dá ghníomhaireacht de chuid an Aontais a athshuí. Is é Amstardam, san Ísiltír, an suíomh a roghnaíodh i gcás EMA agus Páras na Fraince an suíomh a roghnaíodh i gcás ÚBE.
Cérbh é an próiseas chun na téacsanna dlí a leasú?
Ar an 29 Samhain 2017, thíolaic an Coimisiún Eorpach dhá thogra reachtacha lena leasófar na rialacháin lenar bunaíodh an dá ghníomhaireacht chun na suímh nua a léiriú sna rialacháin sin. Leanann na rialacháin sin an gnáthnós imeachta reachtach, rud a chiallaíonn nach mór don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa teacht ar chomhaontú ina leith. Tháinig an dá institiúid ar chomhaontú i mí Dheireadh Fómhair 2018. Vótáil Parlaimint na hEorpa an téacs a fhormheas ar an 25 Deireadh Fómhair 2018 agus d'fhormheas an Chomhairle lena ghlacadh go críochnaitheach ar an 9 Samhain 2018.