- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 9 Deireadh Fómhair 2017 11:00
Le sonraí oscailte cruthaítear seirbhísí digiteacha níos fearr do shaoránaigh
Bhunaigh an Chomhairle a beartas i ndáil le sonraí oscailte trí choinníollacha a leagan amach chun doiciméid na Comhairle a athúsáid.
Cuirfear feabhas ar shreabhadh na faisnéise idir an Chomhairle agus an pobal leis an mbeartas sin. Cuideofar leis a áirithiú go bhféadfar faisnéis a athúsáid chun críche tráchtála agus neamhthráchtála.
“Ba cheart go mbeadh sonraí oscailte ina bhfoinse stóinsithe faisnéise do shaoránaigh chomh maith le tairbhí a chur ar fáil do chuideachtaí. Tá an lámh in uachtar ag trédhearcacht agus digitiú maidir le rochtain ar fhaisnéis sa mhargadh inmheánach a mhéadú.”
Matti Maasikas, Leas-Aire Eastónach do Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh
Léirítear leis an gcinneadh nua an prionsabal lena gceadaítear do na saoránaigh uile an fhaisnéis i ndoiciméid na Comhairle a athúsáid saor in aisce agus gan gá le hiarratais aonair a dhéanamh.
Cuirfear i bhfeidhm beartas na Comhairle i ndáil le sonraí oscailte i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí oscailte agus leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint.
Éascófar forbairt air trí Thairseach Sonraí Oscailte an Aontais Eorpaigh arb é is aidhm di a bheith ina pointe aonair rochtana ar shonraí ó institiúidí agus ó chomhlachtaí an Aontais.
Tá líon mór tacar sonraí agus nasc le tairseacha sonraí oscailte de chuid Bhallstáit an Aontais sa tairseach sin.
Tá an Chomhairle páirteach sa tionscnamh sin ó 2015 i leith agus na trí thacar sonraí seo a leanas á n-úsáid aici:
- meiteashonraí chlár poiblí na Comhairle
- meiteashonraí ar na hiarratais ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid na Comhairle
- vótaí sa Chomhairle maidir le gníomhartha reachtacha
Rialaítear an ceart rochtana ar dhoiciméid na Comhairle i gcónaí le rialachán 1049/2001.
Is foinse thábhachtach eolais agus nuálaíochta don earnáil phríobhaideach, atá san fhaisnéis um an earnáil phoiblí, lena gcuirtear chun cinn an cruthú de sheirbhísí digiteacha níos fearr do shaoránaigh agus do chuideachtaí ar fud na hEorpa.
Glacadh an cinneadh ag cruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh gan é a phlé.
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
- @dimos_mammonas
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024