- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 13 Deireadh Fómhair 2017 14:10
Conclúidí ón gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh don tríú cruinniú de chuid Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh don tríú cruinniú de chuid Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEA-3) (Nairobi, 4-6 Nollaig 2017):
“AG MEABHRÚ DI gurb é Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (an Comhthionól) an comhlacht cinnteoireachta is airde ar domhan maidir leis an gcomhshaol;
AG MEABHRÚ DI gurb é Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an príomhúdarás comhshaoil ar domhan, arb é a dhéanann sé an clár oibre domhanda don chomhshaol a shocrú, cur chun feidhme comhleanúnach na gné sin den fhorbairt inbhuanaithe a bhaineann leis an gcomhshaol a chur chun cinn laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe (NA) agus tacú go húdarásach leis an gcomhshaol domhanda;
AG ATHDHEARBHÚ DI tiomantas an Aontais Eorpaigh (AE) gona Bhallstáit do chur chun feidhme comhtháite Chlár Oibre 2030 gona spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna), Chlár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa maidir le maoiniú don fhorbairt, Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, comhaontuithe maidir le ceimiceáin agus le dramhaíl, agus comhaontuithe eile maidir leis an gcomhshaol; agus AG TABHAIRT DÁ hAIRE go dtaispeánann na gealltanais idirnáisiúnta iltaobhacha seo a riachtanaí atá sé go n-oibreodh Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe i gcomhpháirt chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna domhanda agus go léirítear freisin an cumas atá iontu é sin a dhéanamh;
AG MEABHRÚ DI na conclúidí ón gComhairle dar teideal “Todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: Freagairt an Aontais do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe” an 20 Meitheamh 2017 [1] mar chéim mhór chun tosaigh chun na SDGanna a bhaint amach ar bhealach cothrom comhtháite;
AG LEAGAN BÉIM DI ar thiomantas an Aontais gona Bhallstáit gníomhú i gcomhar le ballstáit eile de chuid na Náisiún Aontaithe, an earnáil phríobháideach, an lucht léinn agus an tsochaí shibhialta chun an t-aistriú eolais agus gníomhaíocht atá dírithe ar réitigh a thabhairt chun tosaigh ar mhaithe le geilleagar ciorclach agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach;
AG AITHINT DI gur dúshlán práinneach domhanda é an truailliú, ar minic aige tionchar trasteorann agus iarmhairtí atá cruthaithe go heolaíoch agus a mbíonn i bhfad níos mó ná an comhshaol i gceist leo, lena n-áirítear tionchar agus iarmhairtí ar shláinte agus ar fholláine an duine agus go mór mór ar ghrúpaí leochaileacha;
AG CUR I dTREIS DI go meastar go gcailltear roimh am 6.5 milliún duine ar fud an domhain chuile bhliain de bharr neamhchosaint ar thruailliú aeir lasmuigh agus laistigh [2]; gurb iad truailliú uisce agus easpa rochtana ar uisce glan agus ar an tsláintíocht is cúis le 58 % de na cásanna de ghalair bhuinní [3]; go bhfuil 2 bhilliún duine ar fud an domhain atá gan rochtain ar bhailiú dramhaíola soladaí [4]; go meastar go ndeachaigh 4.8–12.7 milliún tonna méadrach, a bheag nó a mhór, de dhramhaíl phlaisteach isteach san aigéan in 2010 [5] agus go bhfágfaidh sin a lorg féin ar 557 speiceas as measc gach grúpa fiadhúlra de bharr iad a dhul i bhfostú i mbruscar plaisteach san fharraige nó de bharr a inghabhála [6]; agus gurb ionann agus USD 480 billiún na costais a bhaineann le truailliú ceimiceán (comhdhúile só-ghalaithe orgánacha, luaidhe agus mearcair) [7];
AG CUR I dTREIS DI an phríomhaíocht a bhaineann le cosc agus le luathghníomhaíocht agus aghaidh á tabhairt ar an truailliú; AG MEABHRÚ DI, i ndáil leis an méid sin, prionsabail an réamhchúraim agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, agus AG ATHDHEARBHÚ DI gur gá na prionsabail sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach;
AG CUR I bhFios DI gur gá aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an truailliú ar an leibhéal domhanda, réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil, AG CUR I dTREIS DI go bhfuil gá le rialachas fónta maidir leis an méid sin agus AG GLACADH cur chuige comhsheasmhach agus comhtháite;
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS
1. IS DÍOL SÁSAIMH DI an 3ú Seisiún den Chomhthionól atá ar na bacáin ar an téama uileghabhálach ‘I dtreo pláinéad a bheidh saor ó thruailliú’, arb é is aidhm leis gníomhaíocht uaillmhianach éifeachtach chomhoibritheach a chur chun cinn chun an truailliú a chosc agus a laghdú, agus IS MÓR AICI an obair a dhéanann Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe chun faisnéis eolaíoch a chur ar fáil maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an truailliú agus chun comhleanúnachas beartais a chur chun cinn, go háirithe an t-ionchur nach beag ó thuarascáil Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe ar théama an 3ú Seisiún den Chomhthionól;
2. LEAGANN SÍ BÉIM ar a fhíor-thábhachtaí atá gníomhaíocht chomhbheartaithe uaillmhianach agus slógadh idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an truailliú –agus na naisc atá ann leis an athrú aeráide, le cailliúint na bithéagsúlachta agus le fairsingiú fásaigh á gcur san áireamh – d’fhonn éifeachtaí díobhálacha ar shláinte agus folláine an duine, ar éiceachórais agus ar na speicis atá beo a chosc agus a laghdú go suntasach, ó tharla go n-imríonn an truailliú tionchar, ceann ar cheann, ar an uisce agus ar shlándáil an tsoláthair bia, ar an bhforbairt eacnamaíoch agus ar an gceartas sóisialta, lena n-áirítear comhionannas sláinte;
3. ATHDHEARBHAÍONN SÍ na hidirnaisc láidre atá ann idir an comhshaol agus an tsláinte, agus a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt orthu i gcomhpháirt le chéile; IARRANN SÍ ar an 3ú Seisiún den Chomhthionól gníomhaíochtaí agus bearta nithiúla a chinneadh chun dul i ngleic le saincheisteanna sonracha a mbíonn tionchar díobhálach acu ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol, amhail miotail thromán, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, ceimiceáin réabtha iontálach, agus an méadú atá ag teacht ar úsáid lotnaidicídí agus leasachán guaiseach; AITHNÍONN SÍ gur mór an t-iolraitheoir rioscaí don tsláinte í cailliúint na bithéagsúlachta mar go gcuirtear le dúshláin chomhshaoil de bharr na cailliúna sin chomh maith; agus CUIREANN SÍ I dTREIS na buntáistí atá ann don tsláinte agus don fholláine an bhithéagsúlacht a chosaint agus éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú;
4. LEAGANN SÍ BÉIM ar a riachtanaí atá sé go ndéanfadh ballstáit uile na Náisiún Aontaithe faireachán ar stádas agus ar threochtaí a mhéid a bhaineann le cáilíocht an aeir, go socróidís spriocanna uaillmhianacha maidir le cáilíocht an aeir, agus go gcuirfidís beartais agus bearta ar bun do na hearnálacha ábhartha; IARRANN SÍ ar bhallstáit uile Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) a bheith ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin agus sna Prótacail athbhreithnithe a ghabhann leis agus iad a chur chun feidhme, agus comhar an Choinbhinsiúin le fóraim réigiúnacha chomhchosúla a chur chun cinn ar fud an domhain; CUIREANN SÍ I dTREIS a ábhartha atá sé na sineirgí idir beartais maidir le cáilíocht an aeir agus beartais maidir le maolú ar an athrú aeráide, bainistiú ceimiceán agus dramhaíola, an bhithéagsúlacht, an tsláinte, iompar, fuinneamh agus talmhaíocht a uasmhéadú; agus CUIREANN SÍ I bhFIOS gur mór an rannchuidiú, i dtaca le truailliú an aeir a ghleic, cur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide;
5. LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá sé dea-cháilíocht an uisce dromchla agus an screamhuisce a áirithiú, ar a riachtanaí atá sé bearta a chur chun feidhme chun faireachán agus measúnú rialta ar cháilíocht an uisce a fheabhsú, agus ar a riachtanaí atá sé truailliú uisce a chosc agus a laghdú a mhéid is féidir trí bhearta éifeachtacha ag an bhfoinse agus trí dhlús a chur leis na hiarrachtaí sciar an fhuíolluisce a scaoiltear sa chomhshaol gan aon chóireáil nó gan chóireáil leordhóthanach a bheith déanta air a laghdú; CUIREANN SÍ I bhFIOS an tábhacht ar leith a bhaineann le comhar idirnáisiúnta maidir le huiscí, agus MOLANN SÍ do bhallstáit na Náisiún Aontaithe a bheith ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Uisce UNECE [8], ina phrótacail ábhartha, agus i gCoinbhinsiún Sruthchúrsaí na Náisiún Aontaithe [9] agus iad a chur chun feidhme;
6. ATHDHEARBHAÍONN SÍ tiomantas an Aontais gona Bhallstáit don dearbhú dar teideal ‘Ár n-aigéan, ár dtodhchaí: gairm chun gnímh’, a glacadh ag Comhdháil Aigéin na Náisiún Aontaithe [10], agus IS DÍOL SÁSAIMH DI na gealltanais dheonacha a tugadh ag an gcomhdháil sin chun aghaidh a thabhairt ar an truailliú muirí; CUIREANN SÍ I bhFIOS gur gá aghaidh a thabhairt, mar ábhar práinne, ar an uile chineál truaillithe muirí, go háirithe an truailliú a eascraíonn as gníomhaíochtaí ar talamh, de réir an chur chuige ‘foinse-go-farraige’, lena n-áirítear truailliú cothaitheach, fuíolluisce neamhchóireáilte agus substaintí guaiseacha, agus bruscar muirí, agus béim ar leith ar phlaistigh agus ar mhicreaphlaistigh, mar aon le truailliú torainn agus aigéadú na n-aigéan; Agus IARRANN SÍ ar bhallstáit na Náisiún Aontaithe bearta agus dreasachtaí, lena n-áirítear reachtaíocht, a fhorbairt agus a ghlacadh chun deireadh a chur de réir a chéile le micreaphlaistigh ó phríomhfhoinsí aitheanta, agus iarrann sí orthu táirgeadh plaisteach a laghdú mar aon le húsáid inbhuanaithe plaisteach agus comhroinnt dea-chleachtas a chur chun cinn ar fud an domhain;
7. CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá do bhallstáit na Náisiún Aontaithe agus d’eagraíochtaí ábhartha na Náisiún Aontaithe aghaidh a thabhairt ar an truailliú ithreach agus ar an bhfabhtú ithreach a ghabhann le foinsí idirleata agus le poncfhoinsí gona n-iarmhairtí fadréimseacha, amhail truailliú tánaisteach aeir, an tionchar ar shláinte an duine, talmhaíocht agus slándáil an tsoláthair bia, an bhithéagsúlacht agus éiceachórais, agus truailliú nítrigine; AITHNÍONN SÍ go bhfuil bearna mhór eolais ann maidir le méid an truaillithe ithreach agus maidir lena thionchar ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte; agus IARRANN SÍ ar an 3ú Seisiún den Chomhthionól aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin;
8. LEAGANN SÍ BÉIM ar an ról tábhachtach a bhíonn ag bainistiú fónta ceimiceán agus dramhaíola, síos tríd an saolré iomlán acu, d’fhonn folláine na sochaí a áirithiú agus spriocanna ábhartha Chlár Oibre 2030 a bhaint amach, mar aon le haistriú chuig an ngeilleagar ciorclach, agus aird á tabhairt aici ag an am céanna ar an ualach méadaitheach atá á chur ar gach tír, go háirithe ar thíortha i mbéal forbartha, ag an méadú ar tháirgeadh agus úsáid ceimiceán agus ag an trádáil iontu; CUIREANN SÍ BÉIM freisin ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an gceimic inbhuanaithe agus ag cuir chuige agus réitigh eile, amhail roghanna malartacha neamhcheimiceacha atá sábháilte, mar a léirítear i Rún 2/7 ón gComhthionól [11], maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin; IARRANN SÍ ar bhallstáit na Náisiún Aontaithe cur leis an eolas ar shubstaintí guaiseacha agus leis an malartú fianaise ar na ceimiceáin a bhíonn i dtáirgí, agus roghanna malartacha atá níos sábháilte a chur in ionad ceimiceáin ghuaiseacha; IS DÍOL SÁSAIMH DI teacht i bhfeidhm Choinbhinsiún Minamata; agus IARRANN SÍ ar bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe an Coinbhinsiún a dhaingniú agus gníomhú ar mhaithe lena chur chun feidhme go héifeachtach;
9. CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá bardais a tharraingt isteach i gcláir chun an truailliú sna cathracha a chosc agus a laghdú agus chun cuidiú le comhghuaillíochtaí a chothú d’fhonn dea-chleachtais, nuálaíochtaí teicneolaíochta agus dea-rialachas a chur chun cinn, agus cuireann sí i bhfios a ábhartha atá an méid sin do chur chun feidhme SDG 11 de chuid Chlár Oibre 2030; agus IARRANN SÍ go gcuirfí an clár oibre uirbeach nua chun feidhme, ar leis a thugtar aghaidh, inter alia, ar thruailliú aeir, truailliú uisce, truailliú muirí, truailliú ithreach agus truailliú torainn, ar bhainistiú inbhuanaithe dramhaíola soladaí agus ar úsáid inbhuanaithe talún chomh maith;
10. CUIREANN SÍ I dTREIS go gcaithfimid, más uainn torthaí nithiúla a bhaint amach a mhéid a bhaineann leis an truailliú a chosc agus a laghdú ar bhonn domhanda, an tslí a dtáirgeann agus a n-úsáideann na sochaithe seo againne earraí agus seirbhísí a athrú ó bhonn, lena n-áirítear stíleanna maireachtála inbhuanaithe, maoiniú inbhuanaithe agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn tríd an éiceanuálaíocht, trí fhaisnéis maidir le hinbhuanaitheacht táirgí a chomhroinnt, trí chuir chuige atá bunaithe ar laghdú, athúsáid agus athchúrsáil agus ar éiceachórais, trí chuir chuige chomhtháite na saolré, trí theicneolaíochtaí agus samhail ghnó nua a fhorbairt, arb é is aidhm leo geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní a bhaint amach, agus geallsealbhóirí a tharraingt isteach sa mhalartú dea-chleachtas agus saineolais; TATHANTAÍONN SÍ ar an 3ú Seisiún den Chomhthionól na cuir chuige sin a chur chun cinn; agus IS DÍOL SÁSAIMH DI go bhfuil rún ag an bPainéal Idirnáisiúnta Acmhainní rannchuidiú a thabhairt ag an 3ú Seisiún den Chomhthionól ag a ndéanfar measúnú ar an úsáid acmhainní ar bhonn domhanda agus ar an nasc a bhíonn idir an éifeachtúlacht acmhainní agus laghdú an truaillithe;
11. TÁ SÚIL AICI go nglacfar ag an 3ú Seisiún den Chomhthionól dearbhú aireachta a bheidh uaillmhianach, gonta agus gníomhaíocht-dhírithe, lena gcuirfear in iúl tiomantas polaitiúil bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe dul i ngleic go héifeachtach leis an truailliú, lena n-áirítear an truailliú trasteorann;
12. CUIREANN SÍ I dTREIS gur gá an comhar idirnáisiúnta agus réigiúnach a neartú agus a fheabhsú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar an truailliú ar bhealach rathúil comhtháite, chun trasnaisc a chur chun cinn agus chun tuilleadh sineirgí a lorg trí na comhlachtaí cuí de chuid na Náisiún Aontaithe, trí chomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus trí thionscnaimh idirnáisiúnta; agus IARRANN SÍ ar an 3ú Seisiún den Chomhthionól sainordú a thabhairt do Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe clár gníomhaíochta a chur ar bun chun an truailliú a chosc agus a laghdú, agus na sásraí atá i bhfeidhm cheana féin, nuair is ábhartha, mar bhonn leis an méid sin;
13. IS DÍOL SÁSAIMH DI an tionscnamh de chuid Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, i gcomhthéacs an 3ú Seisiún den Chomhthionól, chun gealltaí agus gealltanais dheonacha fhóinteacha a iarraidh chun dul i mbun gnímh d’fhonn an truailliú a chosc agus a laghdú, ó tharla go mbeidh na gealltanais sin ina gcroíchuid de thorthaí an 3ú Seisiún den Chomhthionól agus go neartóidh siad an ghné ghníomhaíocht-dhírithe a bhaineann leis an seisiún sin; IS DÍOL SÁSAIMH DI na gealltaí agus na gealltanais a tugadh cheana féin; agus IARRANN SÍ ar bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe, na comhlachtaí ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe, an tsochaí shibhialta, an lucht léinn agus an earnáil phríobháideach an uaillmhian dhomhanda atá iontu agus a ngníomhaíocht atá dírithe ar réitigh a thaispeáint;
14. IARRANN SÍ ar an Aontas gona Bhallstáit, in oirchill an 3ú Seisiún den Chomhthionól, gníomhaíochtaí áirithe in aghaidh an truaillithe a chur i láthair, d’fhonn na gealltanais dheonacha sin is ábhartha i gcomhthéacs an 3ú Seisiún den Chomhthionól a chlárú;
15. CUIREANN SÍ BÉIM freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an oideachas, leis an bhfoghlaim feadh an tsaoil, agus le feasacht an phobail a mhúscailt maidir leis na dúshláin chomhshaoil atá ann, d’fhonn a chur i bhfios go mbíonn freagracht phearsanta ann as an truailliú a chosc agus a laghdú trí stíleanna maireachtála agus patrúin tomhaltais a bheith níos inbhuanaithe; IARRANN SÍ ar Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, sa chomhthéacs sin, treoir a thabhairt i dtaca le faisnéis maidir le hinbhuanaitheacht táirgí; agus LEAGANN SÍ BÉIM ar a thábhachtaí atá sé a dtiocfaidh as an 3ú Seisiún den Chomhthionól a chur in iúl don phobal i gcoitinne, agus sin ar bhealach tarraingteach inrochtana, le go dtuigfidh an uile dhuine a thábhachtaí atá sé an truailliú a chosc agus a laghdú agus go dtuigfidh siad an dóigh a rachaidh an méid sin chun a leasa féin agus chun tairbhe a sláinte agus na timpeallachta maireachtála, agus go léireofar ar an gcaoi sin an ról a bhíonn ag Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus ag an gComhthionól maidir le tionchar mór deimhneach a imirt ar an bpláinéad agus ar ghnáthshaol na ndaoine;
16. IS DÍOL SÁSAIMH DI an buanchuireadh chuig seisiún an Fhóraim Ardleibhéil Polaitíochta um Fhorbairt Inbhuanaithe (HLPF) a chuireann Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar Uachtarán Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe; CUIREANN SÍ BÉIM ar an méid a rannchuidíonn an Comhthionól le treoir bheartais a chur ar fáil agus le freagairtí beartais a shainiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá ag teacht chun cinn agus orthu siúd atá fós i réim maidir leis na SDGanna a chur chun feidhme; CUIREANN SÍ I bhFIOS gur gá an truailliú a chosc agus a laghdú chun Clár Oibre 2030 a chur i gcrích; agus IARRANN SÍ ar an 3ú Seisiún den Chomhthionól teachtaireachtaí soiléire polaitiúla a thabhairt maidir le SDGanna 6, 7, 11, 12 agus 15 ag HLPF 2018."
[1] 10370/17.
[2] Tuarascáil Towards a Pollution-Free Planet (2017), lch. III.
[3] Tuarascáil Towards a Pollution-Free Planet (2017), lch. III.
[4] Tuarascáil Towards a Pollution-Free Planet (2017), lch. III.
[5] J. R. Jambeck et al., Plastic waste inputs from land into the ocean (Science, 13 Feabhra 2015).
[6] Kühn, S., et al.,Deleterious Effects of Litter on Marine Life, iBergmann, M., et al., Marine Anthropogenic Litter (Springer, 2015).
[7] Tuarascáil Towards a Pollution-Free Planet (2017), lch. II.
[8] An Coinbhinsiún maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta, Heilsincí, 1992.
[9] An Coinbhinsiún maidir le Dlí na nÚsáidí Neamh-Loingseoireachta de Shruthchúrsaí Idirnáisiúnta, Nua-Eabhrac, 1997.
[10] Arna fhormhuiniú le Rún 71/312 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar an 6 Iúil 2017.
[11] Rún 2/7 ó Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe dar teideal Sound management of chemicals and waste.
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
- @eri_dimopoulou
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024