Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 21 Eanáir 2019 12:30

Airm Cheimiceacha: naonúr agus eintiteas amháin curtha ag an Aontas Eorpach faoi chóras nua smachtbhannaí

D'fhorchuir an Chomhairle inniu smachtbhannaí ar naonúr agus ar eintiteas amháin faoin gcóras nua beart sriantach chun dul i ngleic le húsáid agus leathadh na n-arm ceimiceach a cruthaíodh ar an 15 Deireadh Fómhair 2018.

I measc na n-ainmniúchán sin, tá an bheirt oifigeach de chuid GRU, agus an Ceann agus an leascheann ar GRU (ar a ngairtear G.U., nó Ard-Stiúrthóireacht Fhórsaí armtha na Rúise) a bhí freagrach as seilbh, iompar agus úsáid néar-oibreán tocsaineach in Salisbury (an Ríocht Aontaithe) ar an deireadh seachtaine an 4 Márta 2018. Ina theannta sin, tá bearta sriantacha forchurtha ar an eintiteas Siriach freagrach as airm cheimiceacha a fhorbairt agus a tháirgeadh, ar an Ionad Léinn Eolaíoch agus Taighde (SSRC), agus ar chúigear oifigeach Siriach a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí SSRC. Is iad na daoine agus an t-eintiteas sin an chéad dream a liostaítear faoin gcóras nua smachtbhannaí maidir le hairm cheimiceacha. Bhí an SSRC liostaithe cheana féin faoi chóras smachtbhannaí na Siria.

Is éard atá sna smachtbhannaí toirmeasc taistil chuig an Aontas, chomh maith le reo sócmhainní i gcás daoine agus eintiteas araon. Anuas air sin, níl cead ag daoine ná ag eintitis de chuid an Aontais cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta. Cuireann an cinneadh seo le hiarrachtaí an Aontais cur i gcoinne scaipeadh agus úsáid na n-arm ceimiceach, atá ina mbagairt thromchúiseach ar an tslándáil idirnáisiúnta.

Tá na gníomhartha dlí, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a cuireadh leis an liosta, le fáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Bealtaine 2025