- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 21/01/2019, 21 Eanáir 2019
Na príomhthorthaí
Cúrsaí reatha
Thosaigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le hidirphlé faoi chúrsaí reatha. Rinne airí gnóthaí eachtracha athbhreithniú tapa ar na príomh-shaincheisteanna práinneacha a bhí ar an gclár oibre idirnáisiúnta, lena n-áirítear an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, i Veiniséala agus sa tSiria. Luadh freisin glacadh na gconclúidí ón gComhairle maidir leis an staid i Nicearagua, mar aon leis an gcéad ainmniú faoi réimeas nua smachtbhannaí an Aontais i gcoinne úsáid agus leathadh airm cheimiceacha. Chomh maith leis sin, rinne an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha tagairt don ionsaí buama in Bogotá, an Cholóim ar an 17 Eanáir 2019, agus do na forbairtí in Éimin le déanaí.
An Bhréagaisnéis
Phléamar an bhréagaisnéis, go háirithe i bhfianaise na dtoghchán Eorpach. Díríodh go láidir ar an ngá breathnú ar gach cineál bréagaisnéis éagsúil, ó laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, agus a mbíonn foirmeacha éagsúla uirthi. Chinneamar bogadh ar aghaidh go pras in éineacht le chéile maidir leis an tsaincheist sin, agus rún daingean againn an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme. Sin a dúirt Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh an Chomhairle an plean gníomhaíochta i gcoinne na bréagaisnéise a chuir an tArdionadaí agus an Coimisiún Eorpach i láthair ar an 5 Nollaig 2018. Chuir na hairí gnóthaí eachtracha in iúl go dtacaíonn siad go láidir leis an bplean gníomhaíochta comhpháirteach.
Bhí malartú tuairimí acu maidir leis an bplean gníomhaíochta a chur chun feidhme, inar díríodh ar ghnéithe seachtracha an phlean. Chuir siad béim ar an ngá le freagra coiteann iomlánaíoch ar na dúshláin shlándála a bhaineann le trasnaíocht eachtrach a fhorbairt, agus cur chuige náisiúnta á urramú agus saoirse cainte agus saoirse na meán á cosaint ag an am céanna.
Chuir siad béim láidir ar Chóras Mear-Rabhaidh de chuid an Aontais a chruthú chun saineolas agus dea-chleachtas a roinnt, agus chun gníomhaíocht chomhordaithe a chur chun cinn, go háirithe trí fheachtais mhúscailte feasachta. Chuir na hairí gnóthaí eachtracha i dtreis gur gá dul i ngleic leis an tsochaí shibhialta chun an bhréagaisnéis a chomhrac, lena n-áirítear le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, le gnóthais agus leis an lucht acadúil, agus gur gá a bheith ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta, go háirithe ECAT agus an G7, chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis ar bhealach éifeachtach. Chuir siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé rannchuidiú le hathléimneacht tíortha comharsanachta a neartú.
Chinn an Chomhairle nach mór aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis i gcomhthéacs níos leithne na trasnaíochta eachtraí, na mbagairtí hibrideacha agus na cumarsáide straitéisí, le hacmhainneacht oibríochtúla neartaithe an Aontais. Áirítear air sin atreisiú na dtrí thascfhórsa cumarsáide straitéisí den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Eachtracha, a bunaíodh d’fhonn insintí bunaithe ar fhíricí faoin Aontas a chur chun cinn i gcomharsanacht an Oirthir, i gcomharsanacht an Deiscirt agus sna Balcáin Thiar.
An caidreamh idir an tAontas agus Léig na Stát Arabach
Bhí plé ullmhúcháin ag na hairí gnóthaí eachtracha i gcomhair an chruinnithe aireachta idir an tAontas agus Léig na Stát Arabach a bheidh ar siúl sa Bhruiséil ar an 4 Feabhra 2019, roimh an chéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus Léig na Stát Arabach a bheidh ar siúl ar an 24 agus an 25 Feabhra 2019 in Sharm el-Sheik, an Éigipt.
D'athdhearbhaigh an Chomhairle a thábhachtaí atá comhpháirtíocht láidir idir an tAontas agus Léig na Stát Arabach. Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an gá le comhoibriú le Léig na Stát Arabach ó thaobh aghaidh a thabhairt ar réimse leathan saincheisteanna agus dúshláin choiteanna amhail an t-iltaobhachas, an trádáil agus an infheistíocht, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, an imirce, agus an t-athrú aeráide, mar aon le saincheisteanna réigiúnacha.
An caidreamh idir an tAontas agus ASEAN
Phléigh an Chomhairle an 22ú cruinniú aireachta idir an tAontas agus ASEAN a bhí ar siúl an lá céanna sa Bhruiséil. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus ASEAN.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
An tSiria: Aon fhear gnó dhéag agus cúig eintiteas curtha le liosta smachtbhannaí ag an Aontas - 21/01/2019
Airm Cheimiceacha: naonúr agus eintiteas amháin curtha ag an Aontas Eorpach faoi chóras nua smachtbhannaí - 21/01/2019
Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN): conclúidí glactha ag an gComhairle - 21/01/2019
Nicearagua: Conclúidí glactha ag an gComhairle - 21/01/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025