- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 7 Deireadh Fómhair 2019 17:22
Bainistiú teorann: Comhaontú á shíniú ag an Aontas le Montainéagró i ndáil le comhar maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta
Inniu, shínigh an tAontas Eorpach comhaontú le Montainéagró i ndáil le comhar idir Montainéagró agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) maidir le bainistiú teorann. Is é Maria Ohisalo, Aire Gnóthaí Baile na Fionlainne agus Uachtarán na Comhairle, agus Dimitris Avramopoulos, an Coimisinéir um Imirce, Gnóthaí Baile agus Saoránacht, a shínigh an comhaontú thar ceann an Aontais, agus is é Mevludin Nuhodžić, an tAire Gnóthaí Baile a shínigh é thar ceann Mhontainéagró.
Is é cuspóir an chomhaontaithe sin cur ar chumas Frontex comhar oibríochtúil idir Ballstáit an Aontais agus Montainéagró a chomhordú maidir le bainistiú na dteorann atá á roinnt ag an Aontas agus Montainéagró. Is léiriú eile é síniú an chomhaontaithe sin ar dhoimhniú agus leathnú an chomhair le Montainéagró. Beidh an comhar sin chun leas an dá pháirtí go háirithe maidir le gníomhaíochtaí um bainistiú teorann a fheabhsú. Maria Ohisalo, Aire Gnóthaí Baile na Fionlainne
Inniu, tá an comhar teorann le Montainéagró á neartú a thuilleadh againn, ag glacadh céim amháin eile chun réigiún na mBalcán Thiar a thabhairt níos cóngaraí don Aontas. Tá na dúshláin maidir leis an imirce agus leis an tslándáil atá le sárú againn mar an gcéanna agus ní mór dúinn freagairt orthu ar bhonn comhpháirteach. Dimitris Avramopoulos, an Coimisinéir um Imirce, Gnóthaí Baile agus Saoránacht
Leis an gcomhaontú sin, féadfaidh Frontex cabhrú le Montainéagró maidir le bainistiú teorann, oibríochtaí comhpháirteacha a chur i gcrích agus foirne a imscaradh sna réigiúin i Montainéagró a bhfuil teorainn acu leis an Aontas, faoi réir chomhaontú Mhontainéagró.
Is é an aidhm atá leis na gníomhaíochtaí sin aghaidh a thabhairt ar imirce neamhdhlithiúil, go háirithe athruithe tobanna ar shreafaí imirce, agus an choireacht trasteorann agus d’fhéadfadh níos mó cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar ag an teorainn a bheith bainteach leis na gníomhaíochtaí sin.
Beidh an comhar neartaithe idir tríú tíortha tosaíochta agus Frontex ina chuidiú chun aghaidh a thabhairt ar imirce neamhdhlíthiúil agus chun an tslándáil ag teorainneacha seachtracha an Aontais a fheabhsú a thuilleadh.
Na chéad chéimeanna eile
Seoladh an dréachtchinneadh maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe chuig Parlaimint na hEorpa, a chaithfidh a toiliú a thabhairt chun an comhaontú a chur i gcrích.
Bainistiú teorainneacha: comhaontuithe le tríú tíortha (Grafaic faisnéise)
Cúlra
Is é comhaontú stádais an lae inniu an dara comhaontú a tugadh i gcrích le tír chomhpháirtíochta, tar éis gur síníodh comhaontú comhchosúil leis an Albáin i mí Dheireadh Fómhair 2018. Tugadh an chaibidlíocht le Montainéagró i gcrích an 5 Iúil 2018 agus chuir an Coimisinéir Avramopoulos agus Aire Gnóthaí Baile Mhontainéagró Mevludin Nuhodžić inisealacha leis an dréacht-chomhaontú stádais i mí Feabhra 2019. D’údaraigh an Chomhairle go síneofaí an comhaontú an 19 Márta 2019.
Cuireadh inisealacha le comhaontuithe stádais comhchosúla eile leis an Macadóin Thuaidh (Iúil 2018), an tSeirbia (Meán Fómhair 2018) agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (Eanáir 2019) agus tá siad ar feitheamh go dtí go gcríochnófar iad.
Sheol Frontex an chéad oibríocht chomhpháirteach riamh ar chríoch tíre comharsanachta nach tír de chuid an Aontais í san Albáin an 22 Bealtaine i mbliana.
Is féidir le Frontex imscaradh agus oibríochtaí comhpháirteacha a chur i gcrích ar chríoch tíortha comharsanachta nach tíortha de chuid an Aontais iad, faoi réir comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus an tír lena mbaineann a thabhairt i gcrích roimh ré.
Níos luaithe i mbliana, tar éis don Choimisiún Eorpach togra a thíolacadh, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú chun an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a atreisiú. Mar gheall ar an atreisiú sin, féadfar oibríochtaí comhpháirteacha agus imscaradh a chur i gcrích i dtíortha lasmuigh de thairseach an Aontais.
Tá an comhar le tríú tíortha ina ghné thábhachtach den choincheap Eorpach um bainistiú comhtháite teorainneacha. Cuirtear an coincheap sin i bhfeidhm trí mhúnla rochtana ceithre chiseal lena n-áirítear: bearta i dtríú tíortha, bearta le tríú tíortha comharsanachta, bearta um rialú ag teorainneacha agus bearta laistigh de limistéar Schengen.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025