"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 07-08/10/2019, 7-8 Deireadh Fómhair 2019
Na príomhthorthaí
Gnóthaí baile, Dé Máirt, 8 Deireadh Fómhair 2019
Todhchaí na slándála inmheánaí
Phléigh na hairí na dúshláin agus na deiseanna a thugtar isteach le teicneolaíocht nua i réimse na slándála inmheánaí. Thug siad dá n-aire go bhfuil gá le cur chuige réamhghníomhach a chuireann ar chumas na n-údarás seasamh leis an dlí agus príobháideachas agus cearta bunúsacha á gcosaint ag an am céanna. Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad ar an iomlán le cruthú saotharlainne nuálaíochta ag Europol a d'fhéadfadh faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíochta nua agus a d'fhéadfadh an nuálaíocht a chur chun cinn. Phléigh siad na cúraimí agus na tosaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann don tsaotharlann nua seo, chomh maith leis na cúraimí agus na tosaíochtaí ba cheart a bheith i gceist.
Ina theannta sin, scrúdaigh na hairí na naisc idir bagairtí hibrideacha agus an tslándáil inmheánach. Díríodh sa phlé go háirithe ar an gcaoi inar féidir leis an Aontas tacú ar bhealach níos fearr le Ballstáit maidir le bagairtí hibrideacha a bhrath, a shainaithint agus a chomhrac ó thaobh na slándála inmheánaí de. Phléigh na hairí freisin cé acu gníomhaireachtaí agus sásraí de chuid an Aontais a d'fhéadfadh a bheith ábhartha don obair sin.
D'fhéadfadh na hathruithe ar ár sochaithe an saol a dhéanamh níos éasca, ach cuireann siad ar chumas coirpeach bealaí nua a aimsiú le coireanna a dhéanamh chomh maith. Táimid meáite ar obair a dhéanamh le chéile le cinntiú go mbeidh na húdaráis forfheidhmithe dlí in ann freagairt ar bhagairtí nua. Tá sé tábhachtach dúinn go léir bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an bhforbairt theicneolaíoch agus na huirlisí cearta a bheith againn chun freagairt ar bhagairtí nua casta hibrideacha.
Maria Ohisalo, Aire Gnóthaí Baile na Fionlainne
Antoisceachas foréigneach agus sceimhlitheoireacht na heite deise
Bhí díospóireacht ag na hairí gnóthaí baile ar antoisceachas foréigneach agus sceimhlitheoireacht na heite deise. D'fhormhuinigh siad an gá le tuilleadh oibre a dhéanamh ar na saincheisteanna seo a leanas:
forbhreathnú níos fearr a chruthú ar an antoisceachas foréigneach de chuid na heite deise agus ar an sceimhlitheoireacht
leanúint de dhea-chleachtais a fhorbairt agus a chomhroinnt maidir le conas cosc, brath agus dul i ngleic leis an antoisceachas foréigneach agus leis an sceimhlitheoireacht a neartú
díriú ar leathadh ábhair antoiscigh neamhdhleathaigh de chuid na heite deise ar líne agus as líne
comhoibriú le tríú tíortha tábhachtacha
An imirce
Le linn an lóin, phléigh na hairí staid na himeartha maidir leis an imirce. Thapaigh siad an deis léargas ginearálta a fháil ar staid na himirce san Aontas ar fud na mbealaí uile, agus béim ar leith á leagan ar an méadú ar líon na n-imirceach a tháinig isteach sa Mheánmhuir Thoir agus ar an dearbhú is déanaí idir an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus Málta maidir le socruithe sealadacha do dhíbhordáil.
Na príomhphointí ó Chomhairle Gnóthaí Baile an 8 Deireadh Fómhair 2019 a tionóladh i Lucsamburg
Ceartas, Dé Luain, 7 Deireadh Fómhair 2019
Cearta bunúsacha
Ghlac an Chomhairle conclúidí ar lá ceiliúrtha dheich mbliana na Cairte um Chearta Bunúsacha. Athdhearbhaítear sna conclúidí go bhfuil an tAontas bunaithe ar luachanna coiteanna amhail urraim do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta, agus urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is bunchloch de chuid an Aontais Eorpaigh iad na cearta sin agus ní mór do na Ballstáit agus d'institiúidí an Aontais Eorpaigh go léir iad a urramú go hiomlán.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí, i seisiún poiblí, maidir le gníomhaíocht an Aontais i gcoinne an éillithe. Thacaigh tromlach mór na n-airí le prionsabal straitéis nua cuimsitheach de chuid an Aontais nó le plean gníomhaíochta nua a mbeadh air díriú isteach ar réimsí inar féidir le hobair an Aontais breisluach a chur ar fáil. Breithneofar sineirgí a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí idirnáisiúnta atá ann cheana. Ar deireadh, chinn an Uachtaránacht go bhfuil tromlach soiléir ann chun tacú leis an Aontas Eorpach a bheith ina chomhalta iomlán de Ghrúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne an Éillithe (GSE).
Imríonn an t-éilliú tionchar ar na Ballstáit ar fad, cé go bhfuil sé níos measa i dtíortha áirithe i gcomparáid le tíortha eile. Baineann an t-éilliú forleathan an bonn d'iontaoibh na saoránach as institiúidí daonlathacha agus as an smacht reachta. Cuireann sé moill ar an bhfás eacnamaíoch chomh maith. Seo dúshlán ar mór dúinn aghaidh a thabhairt air le chéile, agus ar cheart don Aontas dea-shampla a thabhairt ina leith.
Anna-Maja Henriksson, Aire Dlí agus Cirt na Fionlainne
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Eurojust. Leag sí béim ar a thábhachtaí atá an ghníomhaireacht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais agus leag sí béim ar a thábhachtaí atá sé mar struchtúr comhoibritheach leis na Ballstáit agus le comhlachtaí eile amhail Europol agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) atá le bheith ann amach anseo.
Meabhraíodh don Chomhairle chomh maith gur cheart acmhainní leordhóthanacha a thabhairt do Eurojust chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta agus ar na bagairtí a eascraíonn as an tírdhreach slándála atá ag teacht chun cinn.
An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine - ECHR
D'athdhearbhaigh an Chomhairle a thiomanta atá an tAontas Eorpach d'aontachas leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Tháinig na hairí ar chomhaontú maidir le treoracha breise caibidlíochta ionas go mbeidh an Coimisiún réidh chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Comhairle na hEorpa arís go luath.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.