"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Beartas feirmeoireachta atá níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe glactha ag an gComhairle don tréimhse 2023-2027
Ag cruinniú a bhí aici, ghlac an Chomhairle an comhbheartas talmhaíochta (CBT) go foirmiúil don tréimhse 2023-2027. Leis an reachtaíocht nua, réitítear an bealach do CBT a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe arb é is aidhm dó todhchaí inbhuanaithe a chinntiú d‘fheirmeoirí na hEorpa, tacaíocht níos spriocdhírithe a chur ar fáil d’fheirmeacha beaga, agus níos mó solúbthachta a cheadú do na Ballstáit agus na bearta á gcur in oiriúint do dhálaí áitiúla.
Tar éis níos mó ná trí bliana d’obair chrua, d’éirigh linn an ceann scríbe a bhaint amach ar deireadh. Cloch mhíle i mbeartas feirmeoireachta an Aontais is ea CBT nua a glacadh agus an bealach réitithe do thodhchaí níos cothroime agus níos inbhuanaithe d’fheirmeoirí na hEorpa.
Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine
Cuireadh tús leis an bpróiseas chun CBT a athchóiriú in 2018 nuair a d’fhoilsigh an Coimisiún a thogra tosaigh. I mí Dheireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa a seasaimh chaibidlíochta, rud a chuir tús le naoi mí de chaibidlíocht a raibh comhaontú polaitiúil ar thángthas air i mí an Mheithimh 2021 mar thoradh uirthi.
Bunghné den bheartas nua is ea pleananna straitéiseacha a thabhairt isteach ar leibhéal na mBallstát, a chuireann ar chumas na rialtas náisiúnta forálacha CBT a chur in oiriúint do riachtanais a bpobal feirmeoireachta i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus na geallsealbhóirí ábhartha. Is é an beartas an ceann is uaillmhianaí ó thaobh an chomhshaoil de go dtí seo agus an ceathrú cuid d’íocaíochtaí díreacha á cur i leataobh le haghaidh cleachtais ghlasa feirmeoireachta. Ina theannta sin, is é an chéad CBT é ina bhfuil gné shóisialta dírithe ar dhálaí fostaíochta leormhaithe a ráthú d’oibrithe feirme.
Cad é an chéad chéim eile?
Síneoidh an Chomhairle agus an Pharlaimint araon na trí rialachán atá sa phacáiste maidir le hathchóiriú CBT agus foilseofar iad san Iris Oifigiúil. Beidh go dtí an 1 Eanáir 2022 ag na Ballstáit chun a ndréachtphleananna straitéiseacha a thíolacadh, agus ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tús leis an bpróiseas chun na pleananna seo a mheas agus aiseolas a thabhairt. Tiocfaidh CBT nua i bhfeidhm ó 2023 agus beidh feidhm aige go dtí 2027.
Cúlra
Caitear trian de bhuiséad an Aontais ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Is é is aidhm do CBT an méid a leanas a dhéanamh:
bia sábháilte inacmhainne a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas
caighdeán cóir maireachtála d'fheirmeoirí a chinntiú
acmhainní nádúrtha a chaomhnú agus an timpeallacht a urramú
An 1 Meitheamh 2018, thíolaic an Coimisiún Eorpach trí thogra reachtacha darb aidhm CBT a chur in oiriúint don todhchaí:
Is iad seo a leanas príomhghnéithe na dtograí:
tuilleadh íocaíochtaí díreacha agus idirghabhálacha forbartha tuaithe níos spriocdhírithe a bheadh faoi réir pleanáil straitéiseach
ollstruchtúr ‘glas’ nua bunaithe ar dhálaí comhshaoil le comhlíonadh ag feirmeoirí agus bearta deonacha breise faoin dá cholún
cur chuige feidhmíochtbhunaithe (an ‘samhail seachadta nua’) lena mbeadh ar na Ballstáit an méid a bheidh bainte amach acu a thuairisciú gach bliain
Rialachán idirthréimhseach CBT (2021-2022)
I dtrátha dheireadh 2020, glacadh rialachán idirthréimhseach CBT darbh aidhm leanúnachas na tacaíochta dlíthiúla agus airgeadais faoi CBT a chinntiú d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile sula dtiocfadh na rialacha athchóirithe nua i bhfeidhm in 2023. Cinntíodh leis an rialachán sin nach gcuirfí isteach ar íocaíochtaí, agus ag an am céanna, tugadh am do na Ballstáit pleananna straitéiseacha náisiúnta CBT a ullmhú.