"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 2 Nollaig 2021
Na príomhthorthaí
Tháinig airí fuinnimh an Aontais le chéile chun tuairimí a mhalartú maidir leis an méadú ar phraghsanna fuinnimh agus chun a marana a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na tograí sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.
Ba mhórthosaíocht ag Uachtaránacht na Slóivéine iad tograí an phacáiste ʻOiriúnach do 55’ agus tá a seacht ndícheall déanta aici a oiread dul chun cinn agus is féidir a dhéanamh chun comhleanúnachas an phacáiste a áirithiú. Léiríonn an méadú i bpraghsanna fuinnimh a thábhachtaí atá Eoraip atá aeráidneodrach agus neamhspleách ar fhuinneamh. Is tosaíocht dúinn é bogadh ar aghaidh leis an aistriú chuig fuinneamh glas i dtreo fuinneamh níos inathnuaite a bheidh ag sreabhadh in eangacha agus i gcórais fuinnimh lán-idirnasctha.
Jernej Vrtovec, Aire Bonneagair na Slóivéine
Praghsanna fuinnimh
Tar éis laghdú i bpraghsanna fuinnimh domhanda agus san Aontas déanach sna blianta 2019 agus 2020, tháinig méadú géar ar na praghsanna ó shamhradh na bliana 2021 i leith.
Bhí seisiún tuairimíochta ag airí fuinnimh an Aontais maidir leis an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh agus maidir le bearta maolaitheacha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Roinn na hairí a dtaithí i dtaobh na gníomhaíochtaí a rinneadh le míonna beaga anuas agus a dtaithí maidir leis na bearta a moladh i mbosca uirlisí an Choimisiúin a chur chun feidhme. Díríodh sa phlé ar thionchar na mbeart maidir le súil a choinneáil ar phraghsanna fuinnimh agus le tomhaltóirí a chosaint.
Chuir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) príomhphointí a réamhthuarascála ar phraghsanna arda fuinnimh na hEorpa agus ar dhearadh reatha an mhargaidh mórdhíola leictreachais, a foilsíodh an 15 Samhain, i láthair do na hairí. Táthar ag súil leis an tuarascáil chríochnaitheach i mí Aibreáin 2022.
Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an réamhanailís a bhí mar bhonn le plé beartais fianaisebhunaithe. Chuir na hairí roinnt réamhthuairimí in iúl maidir leis an tuarascáil agus maidir leis na réimsí a beartaíodh ina bhféadfaí anailís níos doimhne a dhéanamh i bhfianaise an mheasúnaithe deiridh faoi mhí Aibreáin 2022.
Bhí díospóireacht beartais ag na hairí maidir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, go háirithe ar an dá chomhad a bhaineann le fuinneamh: na treoracha maidir le fuinneamh inathnuaite agus maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na comhaid agus thug siad dá n-aire na príomh-shaincheisteanna atá fós gan réiteach maidir leis an bpacáiste ina iomláine agus maidir leis an dá chomhad a bhaineann le fuinneamh go háirithe.
Chun treoir a leagan síos le haghaidh tuilleadh oibre, phléigh na hairí an chothromaíocht idir an gá atá le tacaíocht a thabhairt d’acmhainneacht na bhfoinsí in-athnuaite mar fhoinse fuinnimh atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus an gá atá le cúinsí náisiúnta agus túsphointí éagsúla a aithint.
Phléigh na hairí na hiarrachtaí méadaithe éifeachtúlachta fuinnimh ar gá do na Ballstáit tabhairt fúthu agus a rannchuidiú chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh uile-Aontais a bhaint amach. Phléigh na hairí freisin an gá a d‘fhéadfadh a bheith le solúbthachtaí lena léireofaí na cúinsí náisiúnta agus an chaoi a bhféadfaí na solúbthachtaí sin a úsáid d’fhoirgnimh na hearnála poiblí.
Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)
Trádáil
D’fhormheas na hairí freisin, mar phointe gan phlé, Tionscnamh Comhráiteas maidir le Rialáil Teaghlaigh Seirbhísí ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).
Is é seo an chéad tionscnamh insoláthartha ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála i réimse na trádála i seirbhísí le níos mó ná 20 bliain anuas. Cé gur tionscnamh iltaobhach é seo, rachaidh na gealltanais nua chun tairbhe do gach ball eile den Eagraíocht Dhomhanda Trádála trí phrionsabal an náisiúin bharrfhabhair.
Tá dea-chleachtais rialála ríthábhachtach do dhea-fheidhmiú gheilleagar an lae inniu. Tá an tAontas lánchinnte de go n-éascófar go mór an trádáil i seirbhísí le rialacha soiléire maidir leis an trédhearcacht agus le húdarú, go háirithe i gcás micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide nach bhfuil na hacmhainní ná an taithí chéanna acu chun dul i ngleic le próisis chasta agus atá ag na gníomhaithe níos mó.
Laghdóidh cur chun feidhme na ngealltanas nua na costais trádála ar sholáthraithe seirbhíse. De réir staidéar a rinne ECFE agus EDT le déanaí, meastar gurb ionann méid na gcostas a d’fhéadfaí a shábháil agus USD 150 billiún in aghaidh na bliana.
Talmhaíocht
Ghlac na hairí an comhbheartas talmhaíochta nua go foirmiúil agus beidh feidhm aige ó 2023-2027. Leis an reachtaíocht, réitítear an bealach do CBT a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe arb é is aidhm dó todhchaí inbhuanaithe a chinntiú d‘fheirmeoirí na hEorpa, tacaíocht níos spriocdhírithe a chur ar fáil d’fheirmeacha beaga, agus níos mó solúbthachta a cheadú do na Ballstáit agus na bearta á gcur in oiriúint do dhálaí áitiúla.
Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi fhorbairtí i réimse an chaidrimh sheachtraigh i ndáil le fuinneamh agus chuir sé tuarascáil i láthair maidir le staid an Aontais Fuinnimh. Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh le Parlaimint na hEorpa sa chaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar an rialachán maidir le gréasán tras-Eorpach fuinnimh (GTE-F). Roinn an Danmhairg eolas faoin gcaidreamh idir an fuinneamh inathnuaite agus an bhithéagsúlacht. Roinn an Liotuáin eolas faoin tábhacht a bhaineann le sábháilteacht núicléach a chinntiú ag stáisiún cumhachta núicléiche na Bealarúise, Ostrovets, i gcomhréir le leibhéil sábháilteachta aitheanta an Aontais. Roinn an Bheilg eolas maidir le tionchar na rialach 70% atá ann faoi láthair is infheidhme maidir le hidirnaisc ar thionscadail hibrideacha amach ón gcósta. Chuir an Fhrainc i láthair clár oibre a huachtaránachta inteachta.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.