Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 17 Deireadh Fómhair 2022 13:02

An Úcráin: breis tacaíochta faoin tSaoráid Eorpach Síochána comhaontaithe ag an gComhairle

Tá an doiciméad seo ar fáil i dteangacha nach teangacha AE iad :

Ghlac an Chomhairle bearta breise cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú a thuilleadh le hacmhainneachtaí agus athléimneacht Fhórsaí Armtha na hÚcráine. Leis sin, tá an tAontas ag cur dlús breise lena thacaíocht don Úcráin chun ceannasacht agus iomláine chríochach a dtíre a chosaint laistigh de na teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus chun an pobal sibhialtach a chosaint ar chogadh foghach na Rúise.

Leis an séú tráinse, ar fiú €500 milliún é, beidh €3.1 billiún san iomlán tugtha ag an Aontas don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

Tá an trealamh a chuirfear ar fáil sa phacáiste nua tacaíochta ag teacht leis na tosaíochtaí reatha atá curtha in iúl ag rialtas na hÚcráine. I bhfianaise an mhéid sin, is é atá sna bearta cúnaimh €490 milliún le haghaidh trealamh míleata a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh chun críoch cosanta, chomh maith le €10 milliún atá beartaithe chun trealamh agus soláthairtí a chur ar fáil, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach, agus breosla. Ina theannta sin, leis an dá bheart cúnaimh seo beifear in ann trealamh míleata a dheonaigh Ballstáit an Aontais cheana féin faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chothabháil agus a dheisiú.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Is cruthúnas eile é an €500 milliún breise atá á shlógadh ag Ballstáit an Aontais go bhfuilimid diongbháilte maidir lenár dtacaíocht d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine chun an tír a chosaint ar an ionsaí neamhdhleathach atá á ghéarú faoi láthair. Is cruthúnas eile iad na hionsaithe neamh-idirdhealaitheacha is déanaí atá á ndéanamh ag an Rúis ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach na hÚcráine ar dhímheas glan na Rúise ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta. Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin cibé fad is gá.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

The scope of the equipment to be provided in the new support package is in line with the current priorities as expressed by the Ukrainian government. In this light, the assistance measures consist of €490 million for military equipment designed to deliver lethal force for defensive purposes, as well as €10 million intended to cover the provision of equipment and supplies, such as personal protective equipment, first aid kits, and fuel. In addition, both assistance measures will also allow for the provision of maintenance and repair of already donated military equipment by EU member states to Ukraine under the EPF.

Cúlra

Comhaontaíodh bearta cúnaimh don Úcráin faoi tSaoráid Eorpach Síochána roimhe seo an 28 Feabhra, an 23 Márta, an 13 Aibreán, an 23 Bealtaine agus an 21 Iúil 2022.

Is sárú ollmhór ar an dlí idirnáisiúnta é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tá líon ollmhór sibhialtach á ghortú agus á mharú dá dheasca. Tá ionsaithe na Rúise á ndíriú aici ar an bpobal sibhialta agus ar spriocanna sibhialtacha, ospidéil, saoráidí leighis, scoileanna, scáthláin agus an bonneagar fuinnimh san áireamh. Ní mór deireadh a chur leis na coireanna cogaidh sin láithreach bonn. Iad siúd atá freagrach, mar aon lena gcomhchoirithe, tabharfar chun cuntais iad i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

I bhfianaise chogadh foghach na Rúise mar aon leis an ngéarú is déanaí atá déanta ag Moscó, seasann an tAontas Eorpach go diongbháilte leis an Úcráin agus lena muintir. Seasann an tAontas go daingean le hiomláine chríochach agus ceannasacht na hÚcráine. Tá an Úcráin ag feidhmiú an chirt dhlisteanaigh atá aici í féin a chosaint i gcoinne fhogha na Rúise chun smacht iomlán a fháil an athuair ar a críoch agus tá sé de cheart aici na críocha atá faoi fhorghabháil laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta a shaoradh. Ní bhainfidh bagairtí núicléacha, an slógadh míleata ná ionghabháil neamhdhleathach réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia na hÚcráine aon chroitheadh as rún daingean an Aontais.

Seasann an tAontas Eorpach go daingean leis an Úcráin agus leanfaidh sé de thacaíocht láidir, idir eacnamaíoch, mhíleata, shóisialta agus airgeadais a chur ar fáil don Úcráin a fhad is gá.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024