- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17 Deireadh Fómhair 2022
Na príomhthorthaí
Rinne an Chomhairle roinnt cinntí tábhachtacha, atá mar bhonn taca faoi rún daingean an Aontais tacú leis an Úcráin i gcoinne fhogha na Rúise, an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chur chun cinn sa Chugas Theas agus seasamh ar son chearta an duine san Iaráin.
Fogha na Rúise faoin Úcráin
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin.
Roimh phlé na Comhairle, labhair Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, le hairí an Aontais go gairid trí fhíschomhdháil, agus chuir sé ar an eolas iad faoinar thit amach le déanaí ar an láthair agus faoi thosaíochtaí reatha na hÚcráine.
Tá Putin ag cailleadh go polaitiúil agus go morálta. Ina ainneoin sin, tá sé ag leanúint ar aghaidh le géarú na coinbhleachta, mar shampla, [trí] ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ar spriocanna sibhialtacha ar fud na hÚcráine, mar atá feicthe againn ar maidin. Thugamar dár n-aire freisin an vóta [ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (UNGA)] an tseachtain seo caite. Dearbhaíodh leis an vóta sin leithlisiú idirnáisiúnta na Rúise. Ach ní féidir linn talamh slán a dhéanamh de agus ní mór dúinn leanúint ar aghaidh lenár straitéis thriarach: tacú leis an Úcráin, brú a chur ar an Rúis agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí níos leithne an chogaidh, toisc go bhfuil an cogadh seo ag cur isteach ar an domhan ar fad. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin ngéarú míleata agus faoi na stailceanna leanúnacha i gCív, agus rinne siad cinntí tábhachtacha. Chomhaontaigh siad Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais a bhunú chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine. Cuirfidh an misean oiliúint ar thart ar 15,000 trúpa ar chríoch an Aontais. Chomhaontaigh siad freisin €500 milliún breise a leithdháileadh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun seachadtaí d’fhórsaí cosanta na hÚcráine a mhaoiniú, agus ar an gcaoi sin, beidh €3.1 billiún san iomlán de chúnamh míleata ón Aontas á thabhairt don Úcráin.
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin faoi na holl-ainghníomhartha atá tagtha chun solais agus tuarascálacha faoi fhuadach córasach leanaí ón Úcráin ag fórsaí na Rúise, agus chuir sí i bhfios go láidir nach mór an comhrac i gcoinne saoirse ó phionós a neartú.
- An Úcráin: Misean cúnaimh mhíleata curtha ar bun ag an Aontas chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine
- An Úcráin: breis tacaíochta faoin tSaoráid Eorpach Síochána comhaontaithe ag an gComhairle
An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín
D’athdhearbhaigh an Chomhairle bailíocht chur chuige ilghnéitheach an Aontais maidir leis an tSín – comhpháirtí nach mór don Aontas a bheith ag plé léi, agus ar iomaitheoir dian córasach í.
Tá tacaíocht iomlán ag teacht ó Bhallstáit an Aontais chun leanúint de bheith ag plé le saincheisteanna ar díol spéise don Aontas iad – mar shampla an t-athrú aeráide – gan leochaileachtaí a dhéanamh de spleáchais.
Chuir na hairí i bhfios go láidir gur gá don Aontas a athléimneacht inmheánach a neartú, agus oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta.
Cúrsaí reatha
Bhí malartú tuairimí ag airí an Aontais maidir leis an Iaráin agus ghlac siad bearta sriantacha i gcoinne 11 dhuine aonair agus 4 eintiteas, agus iad dírithe orthu siúd a bhfuil baint acu le bás Mahsa Amini agus leis an gcos ar bolg foréigneach ar na hagóidí síochánta.
Tá uafás orainn faoi mharú Mahsa Amini, rud nár míníodh fós, agus faoi chniogbheartaíocht bhrúidiúil na bhfórsaí slándála i gcoinne agóideoirí atá ag fáil bháis nó á gcoinneáil i lámha na bhfórsaí slándála go fóill. Chuir na hairí go léir in iúl gur cúis mhór imní dóibh na fíricí sin. […] Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun a iarraidh ar rialtas na hIaráine deireadh a chur leis an bhforéigean seo láithreach bonn, iad siúd atá á gcoinneáil a scaoileadh saor, agus gnáthsheirbhísí idirlín agus sreabhadh faisnéise a cheadú. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Rinne na hairí a machnamh freisin ar an úsáid a thuairiscítear a bheith á baint ag an Rúis, sa chogadh san Úcráin, as dróin a líomhnaítear gur sholáthair an Iaráin iad.
Rinne na hairí plé gearr ar na toghcháin a bhí ar siúl sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin an 2 Deireadh Fómhair. Ar an iomlán, bhí na toghcháin iomaíoch agus dea-eagraithe, de réir thuarascálacha ESCE/ODIHR, ach léiríodh easpa muiníne in institiúidí poiblí agus reitric scoilteach eitneach. Tá na torthaí deiridh fós le deimhniú mar gheall ar líomhaintí maidir le calaois toghcháin fhorleathan.
Chun an tír a choinneáil ar chonair an Aontais, mhol an Coimisiún an tseachtain seo caite stádas iarrthóra a bhronnadh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ar an tuiscint go bhfuil roinnt beart le déanamh ag na húdaráis rialtais agus reachtacha ar gach leibhéal, ag díriú ar athchóirithe a chur i gcrích, mar ábhar dearbhthosaíochta.
Phléigh an Chomhairle an Liobáin freisin, agus dhearbhaigh sí go bhfuil an-imní uirthi i gcónaí faoin staid shocheacnamaíoch sa tír sin agus faoi neamhábaltacht a fórsaí polaitiúla dul ar aghaidh le hathchóirithe a bhfuil géarghá leo. D’iarr na hairí ar údaráis na Liobáine Uachtarán nua a thoghadh roimh dheireadh na míosa, agus ba dhíol sásaimh dóibh an comhaontú idir an Liobáin agus Iosrael maidir lena dteorainneacha muirí a leagan amach.
Maidir leis an Aetóip, chuir na hairí i bhfios go láidir go bhfuil an staid mar atá ar an láthair ansin níos measa ná riamh, ó thaobh cúrsaí míleata agus daonnúla araon de, agus gur réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht an t-aon rud a bheidh inbhuanaithe.
Cinntí eile ón gComhairle
Chinn an Chomhairle suas le 40 saineolaí faireacháin ón Aontas a imscaradh ar thaobh na hAirméine den teorainn idirnáisiúnta leis an Asarbaiseáin chun faireachán, anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar an staid sa réigiún.
Ghlac an Chomhairle cinneadh lena gcuirtear síneadh leis na bearta sriantacha i gcoinne ISIL/Da’esh agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo go ceann bliain eile go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an Athbhreithniú ar Thrádáil agus Inbhuanaitheacht.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- An Iaráin: Smachtbhannaí an Aontais ar dhéantóirí sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine
- 17/10/2022
- An Úcráin: breis tacaíochta faoin tSaoráid Eorpach Síochána comhaontaithe ag an gComhairle
- 17/10/2022
- An Úcráin: Misean cúnaimh mhíleata curtha ar bun ag an Aontas chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine
- 17/10/2022
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Athbhreithniú ar Thrádáil agus Inbhuanaitheacht
- 17/10/2022
- ISIL/Da’esh agus Al-Qaeda: Bliain eile curtha le bearta sriantacha an Aontais
- 17/10/2022
- An Airméin agus an Asarbaiseáin: acmhainneacht faireacháin bunaithe ag an Aontas feadh na dteorainneacha idirnáisiúnta
- 17/10/2022
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025