Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 2 Nollaig 2024 11:35

Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine: liostaí athnuaite go ceann bliain eile

Chinn an Chomhairle síneadh bliana eile, go dtí an 8 Nollaig 2025, a chur le liosta na ndaoine aonair, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha i gcoinne sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, agus é a thabhairt cothrom le dáta.

Leis na nuashonruithe is déanaí, tá feidhm ag na bearta sriantacha faoi láthair maidir le 116 dhuine agus 33 eintiteas.

Iad siúd atá ainmnithe, tá siad faoi réir reo sócmhainní agus tá cosc ar dhaoine agus ar eintitis de chuid an Aontais cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Ina theannta sin, tá feidhm ag toirmeasc taistil chuig an Aontas ar na daoine nádúrtha atá liostaithe.

Leis an gcinneadh seo, dearbhaítear tiomantas an Aontais sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta an duine a cháineadh cibé áit ina ndéantar iad, agus leas á bhaint as na hionstraimí uile, agus, ag an am céanna, cuirtear in iúl leis go bhfuil cearta an duine uilíoch, doroinnte, idirspleách agus idirghaolmhar.

Cúlra

Cuireann Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine, arna bhunú an 7 Nollaig 2020, ar chumas an Aontais díriú ar dhaoine aonair, ar eintitis agus ar chomhlachtaí – gníomhaithe stáit agus neamhstáit san áireamh – atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain, a mbíonn lámh acu iontu nó a bhíonn bainteach leo.

An 4 Nollaig 2023 chuir an Chomhairle síneadh 3 bliana, go dtí an 8 Nollaig 2026, leis an gcreat le haghaidh bearta sriantacha faoin gCóras Domhanda Smachtbhannaí i ndáil le Cearta an Duine Téann na liostaí faoin gcóras in éag agus déantar athbhreithniú orthu gach 12 mhí.

Coinníonn an tAontas súil ghéar ar fhorbairtí sa réimse seo agus, mar thoradh air sin, cinntíonn sé go ndéantar athbhreithniú leanúnach ar na liostuithe.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Aibreán 2025