Skip to content

Smachtbhannaí in aghaidh sáruithe ar chearta an duine

Is féidir leis an Aontas smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis mar fhreagairt ar sháruithe ar chearta an duine ar fud an domhain.

Córas domhanda smachtbhannaí i ndáil le cearta an duine

I mí na Nollag 2020, bhunaigh an Chomhairle creat smachtbhannaí i ndáil le cearta an duine, creat a bhfuil feidhm aige ar fud an domhain, rud a chiallaíonn gur féidir leis an Aontas díriú ar dhaoine aonair, ar eintitis agus ar chomhlachtaí – gníomhaithe stáit agus neamhstáit ina measc – atá freagrach as mí-úsáidí agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain, a bhfuil baint acu leo nó a bhfuil lámh acu iontu, cuma cén áit a ndéantar an sárú féin.

Tá feidhm ag an gcreat maidir leis an méid seo a leanas mar shampla:

  • cinedhíothú
  • coireanna in aghaidh an chine dhaonna
  • céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach
  • sclábhaíocht
  • bású agus marú seachbhreithiúnach, achomair nó treallach
  • fuadaigh fhorfheidhmithe agus gabháil nó coinneáil threallach

D’fhéadfadh mí-úsáidí agus sáruithe eile ar chearta an duine teacht faoi raon feidhme an chreata smachtbhannaí seo freisin ach iad a bheith forleathan, córasach nó ina n-ábhar mór imní ar bhealach ar bith eile a mhéid a bhaineann le cuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a bhaint amach.

Ina measc siúd tá gáinneáil ar dhaoine, mí-úsáid chearta an duine ag smuigléirí imirceach, foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe agus sárú nó mí-úsáid saoirsí; saoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais, saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse reiligiúin nó creidimh

Baineann na smachtbhannaí le toirmisc taistil ar dhaoine aonair, reo na sócmhainní atá ag daoine aonair agus eintitis, agus toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta.

Is féidir maoluithe a dhéanamh ar na smachtbhannaí, chun cabhair dhaonnúil a sheachadadh agus ar chúiseanna eile.

Faoi láthair, tá smachtbhannaí forchurtha ar 151 dhuine aonair agus 45 eintiteas faoin gcóras sin.

Cuireadh an síneadh is deireanaí leis na smachtbhannaí go dtí an 8 Nollaig 2026.

Dírítear na smachtbhannaí faoi chuimsiú an chreata seo ar na dreamanna seo a leanas mar shampla:

  • daoine aonair agus eintitis atá freagrach as mí-úsáidí agus sáruithe ar chearta an duine ar fud an domhain, san Afganastáin, i Háítí, san Iaráin, i Maenmar/Burma, sa Chóiré Thuaidh, sa Rúis agus sa tSúdáin Theas san áireamh
  • daoine aonair agus eintitis a bhfuil baint acu le Grúpa Wagner, i bhfianaise na gné idirnáisiúnta agus na tromchúise atá ag baint le gníomhaíochtaí an ghrúpa
  • Daoine aonair agus eintitis Rúiseacha a bhfuil baint acu le bás Alexei Navalny agus le sáruithe ar chearta an duine i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, lena n-áirítear céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna agus táireach ar phríosúnaigh Úcránacha
  • lonnaitheoirí antoisceacha Iosraelacha sa Bhruach Thiar atá faoi fhorghabháil agus in Iarúsailéim Thoir a rinne sáruithe tromchúiseacha ar chearta daonna na bPalaistíneach
  • gníomhaithe foréigneacha Iosraelacha a chuireann bac ar chabhair dhaonnúil do Gaza
  • Hamas agus lucht Jiohád Ioslamach na Palaistíne, mar gheall ar an bhforéigean forleathan gnéis agus inscnebhunaithe a rinne siad le hionsaithe sceimhlitheoireachta mhí Dheireadh Fómhair 2023
  • daoine aonair agus eintitis a bhfuil baint acu le réimeas al-Assad agus a bhfuil baint acu le sáruithe ar chearta an duine i gcoinne dhaonra na Siria
  • daoine aonair agus eintitis a bhfuil baint acu le hionaid chamscéime san Áise Thoir Theas

Smachtbhannaí in aghaidh sáruithe ar chearta an duine i dtíortha ar leith

Tá roinnt sraitheanna smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas orthu siúd atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine i dtíortha ar leith, mar shampla:

Féach freisin

Cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn

Cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

Colm bán ar eitilt in aice le leabhar oscailte, agus ciorcal buí sa chúlra.
Cearta bunúsacha san Aontas

Cearta bunúsacha san Aontas

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Iúil 2026