Conclúidí agus rúin ón gComhairle
A bhfuil i gceist le conclúidí agus rúin
Is iondúil gurb í Comhairle an Aontais Eorpaigh, ina dtugtar le chéile airí náisiúnta na mBallstát, a ghlacann dlí an Aontais. Uaireanta, áfach, ní mór di gealltanais pholaitiúla, tosaíochtaí polaitiúla nó seasaimh pholaitiúla a chur in iúl. Is trí chonclúidí agus rúin a dhéantar é seo.
Ó tharla nach ndéantar aon sainiú ar na doiciméid pholaitiúla seo i gConarthaí an Aontais, níl siad ceangailteach ó thaobh dlí de, ach féadfaidh éifeacht dhlíthiúil a bheith leo. Cuir i gcás, féadfaidh an Chomhairle leas a bhaint astu chun a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra reachtach a thíolacadh.
Ós rud é go dtagann na hairí le chéile sa Chomhairle de réir a réimse freagrachta, dírítear sna conclúidí agus sna rúin ón gComhairle ar ábhair earnáilsonracha.
Conclúidí ón gComhairle
Cuirtear seasamh polaitiúil na Comhairle maidir le hábhar ar leith in iúl sna conclúidí ón gComhairle.
Ní hionann iad seo agus conclúidí ón Uachtaránacht, ina léirítear seasamh uachtaránacht rothlach na Comhairle agus ní an Chomhairle mar institiúid.
Rún ón gComhairle
I gcás rún ón gComhairle, leagtar amach de ghnáth obair a dhéanfar amach anseo i réimse beartais sonrach.
Tig leis an rún aghaidh a thabhairt freisin ar bheartais ina mbeidh cumhachtaí teoranta ag an Aontas chun gníomhú. I gcásanna den sórt sin, is ‘rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát’ atá i gceist.
Cathain a úsáidtear conclúidí agus rúin?
Úsáidtear na conclúidí agus na rúin ar chúiseanna éagsúla. Cuireann siad ar chumas na Comhairle an méid seo a dhéanamh:
- dlíthe nua de chuid an Aontais a iarraidh: a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra reachtach ar ábhar faoi leith a thíolacadh
- gníomhú go pras: a iarraidh ar Bhallstát nó ar institiúid eile de chuid an Aontais gníomhú, go háirithe i réimsí ina dtacaíonn an tAontas le beartais náisiúnta nó ina gcomhordaíonn sé na beartais sin, mar shampla cúrsaí sláinte nó cultúir
- iarrachtaí an Aontais a chomhordú: cuidiú le gníomhaíochtaí náisiúnta a ailíniú, mar shampla trí chuspóirí a leagan síos nó trí mheasúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn
- seasamh polaitiúil an Aontais a chur in iúl: seasamh an Aontais maidir le saincheist, imeacht nó tír ar leith faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú
- a bheith ar aon bhuille ar an ardán idirnáisiúnta: seasamh comhordaithe an Aontais agus na mBallstát in eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhaontú
- freagra a thabhairt ar thorthaí iniúchóireachta: freagairt ar shaincheisteanna a d’ardaigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus gníomhaíochtaí leantacha a mholadh
An difríocht idir conclúidí ón gComhairle agus conclúidí ón gComhairle Eorpach
Sa Chomhairle Eorpach, tugtar cinn stáit nó rialtais na mBallstát le chéile agus eisítear conclúidí.
Glactar na conclúidí ón gComhairle Eorpach ag deireadh gach gnáthchruinnithe mullaigh de chuid an Aontais. Leagtar béim iontu ar shaincheisteanna tosaíochta don Aontas nó leagtar amach iontu gníomhaíochtaí ar leith atá le déanamh nó spriocanna atá le baint amach.
Tá raon feidhme na gconclúidí níos leithne ná raon feidhme na gconclúidí a ghlacann Comhairle an Aontais Eorpaigh, ina dtagann airí náisiúnta le chéile de réir a réimse freagrachta.
Féach freisin
Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais
A mbíonn ar bun ag an gComhairle
Ord agus eagar ar obair na Comhairle
An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Bealtaine 2026