Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 14 Torthaí
An Mholdóiv
Rinne Poblacht na Moldóive iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta 2022 agus tugadh stádas tír is iarrthóir di i mí an Mheithimh 2022. Cuireadh tús go foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais i mí an Mheithimh 2024. Oibríonn an tAontas agus an Mholdóiv i gcomhar le chéile freisin i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir.

An Úcráin
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag seasamh le chéile ina dtacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin. Cuireadh tús go foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Úcráin i mí an Mheithimh 2024. Oibríonn an tAontas agus an Úcráin i gcomhar le chéile laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir freisin.

An Albáin
Rinne an Albáin iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí Aibreáin 2009 agus tugadh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas di i mí an Mheithimh 2014. Thionóil an tAontas a chéad chomhdháil idir-rialtasach leis an Albáin i mí Iúil 2022.

Montainéagró
Rinne Montainéagró iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí na Nollag 2008 agus tugadh stádas mar iarrthóir san Aontas di i mí na Nollag 2010. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais idir an tAontas agus Montainéagró i mí an Mheithimh 2012. Go dtí seo, osclaíodh 33 chaibidil idirbheartaíochta.

An Úcráin: infheistíocht i dtodhchaí na hEorpa
Is chun tairbhe an dá thaobh na buntáistí a bhaineann leis an gcomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Úcráin. Bí ar an eolas faoin bhfáth a bhfuil gá le hEoraip níos láidre, níos athléimní agus níos sláine a thógáil don todhchaí chun gur féidir tacú leis an Úcráin láithreach bonn.

An infheistíocht agus an trádáil idir an tAontas agus na Balcáin Thiar
Tá tábhacht straitéiseach ag baint leis na Balcáin Thiar don Aontas agus is é an tAontas an t-infheisteoir, an comhpháirtí trádála agus an deontóir is mó atá ag an réigiún.

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
Rinne an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí Feabhra 2016 agus tugadh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas di i mí na Nollag 2022. A luaithe a bheidh an leibhéal comhlíonta is gá leis na critéir bhallraíochta bainte amach, is féidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin tús a chur le caibidlíocht maidir le haontachas.

An Tuirc
Tugadh stádas tír is iarrthóir don Tuirc i mí na Nollag 1999 agus cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas i mí Dheireadh Fómhair 2005. Tá an chaibidlíocht sin i leamhsháinn ó mhí an Mheithimh 2018. Oibríonn an tAontas agus an Tuirc i gcomhar le chéile i réimsí comhleasa.

An tSeoirsia
Rinne an tSeoirsia iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta 2022 agus tugadh stádas tír is iarrthóir di i mí na Nollag 2023. Tháinig deireadh de facto leis an bpróiseas aontachais in 2024. Oibríonn an tAontas agus an tSeoirsia i gcomhar le chéile freisin i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir.

An Mhacadóin Thuaidh
Rinne an Mhacadóin Thuaidh iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta 2004 agus tugadh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas di i mí na Nollag 2005. Thionóil an tAontas a chéad chomhdháil idir-rialtasach leis an Macadóin Thuaidh i mí Iúil 2022.
