Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
14 Torthaí
An Mholdóiv
Rinne Poblacht na Moldóive iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta 2022 agus tugadh stádas tír is iarrthóir di i mí an Mheithimh 2022. Cuireadh tús go foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais i mí an Mheithimh 2024. Oibríonn an tAontas agus an Mholdóiv i gcomhar le chéile freisin i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir.

An chaoi a n-oibríonn próiseas méadaithe an Aontais Eorpaigh
Déanann an tAontas Ballstáit nua a chomhtháthú, trí phróiseas an mhéadaithe, ach roinnt coinníollacha polaitiúla agus eacnamaíocha a bheith á gcomhlíonadh acu. Ní mór do gach tír is iarrthóir na coinníollacha céanna a chomhlíonadh agus na céimeanna céanna a chur i gcrích.

An Úcráin: infheistíocht i dtodhchaí na hEorpa
Is chun tairbhe an dá thaobh na buntáistí a bhaineann leis an gcomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Úcráin. Bí ar an eolas faoin bhfáth a bhfuil gá le hEoraip níos láidre, níos athléimní agus níos sláine a thógáil don todhchaí chun gur féidir tacú leis an Úcráin láithreach bonn.

An Úcráin
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag seasamh le chéile ina dtacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin. Cuireadh tús go foirmiúil leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Úcráin i mí an Mheithimh 2024. Oibríonn an tAontas agus an Úcráin i gcomhar le chéile laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir freisin.

An Albáin
Rinne an Albáin iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí Aibreáin 2009 agus tugadh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas di i mí an Mheithimh 2014. Thionóil an tAontas a chéad chomhdháil idir-rialtasach leis an Albáin i mí Iúil 2022. Go dtí seo, osclaíodh gach ceann de na 33 chaibidil idirbheartaíochta agus dúnadh ceithre chaibidil go sealadach.

Montainéagró
Rinne Montainéagró iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí na Nollag 2008 agus tugadh stádas mar iarrthóir san Aontas di i mí na Nollag 2010. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais idir an tAontas agus Montainéagró i mí an Mheithimh 2012. Go dtí seo, osclaíodh gach ceann de na 33 chaibidil idirbheartaíochta agus dúnadh 21 gcinn díobh go sealadach.

An caidreamh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar
Cuireann an tAontas tacaíocht láidir pholaitiúil, theicniúil agus airgeadais ar fáil le cabhrú le comhpháirtithe na mBalcán Thiar dul chun cinn a dhéanamh ar a gconair Eorpach.

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
Rinne an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí Feabhra 2016 agus tugadh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas di i mí na Nollag 2022. A luaithe a bheidh an leibhéal comhlíonta is gá leis na critéir bhallraíochta bainte amach, is féidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin tús a chur le caibidlíocht maidir le haontachas.

An Mhacadóin Thuaidh
Rinne an Mhacadóin Thuaidh iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta 2004 agus tugadh stádas tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas di i mí na Nollag 2005. Thionóil an tAontas a chéad chomhdháil idir-rialtasach leis an Macadóin Thuaidh i mí Iúil 2022.

An tSeirbia
Rinne an tSeirbia iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí na Nollag 2009 agus tugadh stádas tír is iarrthóir di i mí Márta 2012. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais idir an Aontas agus an tSeirbia i mí Eanáir 2014. Go dtí seo, osclaíodh dhá chaibidil idirbheartaíochta is fiche.
