Skip to content

An tSeoirsia

Rinne an tSeoirsia iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí an Mhárta 2022 agus tugadh stádas tír is iarrthóir di i mí na Nollag 2023. Tháinig deireadh de facto leis an bpróiseas aontachais in 2024. Oibríonn an tAontas agus an tSeoirsia i gcomhar le chéile freisin i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir.

Méadú

Iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach

An 3 Márta 2022, rinne an tSeoirsia iarratas ar bhallraíocht san Aontas.

An 17 Meitheamh 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach a thuairim maidir le hiarratas na Seoirsia ar bhallraíocht san Aontas.

An 23 Meitheamh 2022, phléigh an Chomhairle iarratas na Seoirsia ar bhallraíocht san Aontas. Dúirt an Chomhairle Eorpach go raibh sí réidh chun stádas tír is iarrthóir a dheonú don tSeoirsia a luaithe a bheidh aghaidh tugtha ar na tosaíochtaí a shonraítear sa tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na Seoirsia ar bhallraíocht.

An 8 Samhain 2023, mhol an Coimisiún go ndeonófaí stádas tír is iarrthóir don tSeoirsia, ar an tuiscint go ndéanfaí roinnt beart.

Dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas tír is Iarrthóir don tSeoirsia an 14-15 Nollaig 2023, ar an tuiscint go ndéanfaí na céimeanna ábhartha a leagadh amach sa mholadh ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023.

Mar thoradh ar chur chuige rialtas na Seoirsia, a thagann salach ar luachanna agus prionsabail bhunaidh an Aontais, tháinig deireadh de facto le próiseas aontachaisna Seoirsia in 2024. Le linn 2024, phléigh ceannairí an Aontais an staid sa tSeoirsia go mion minic, go háirithe ag cruinnithe na Comhairle Eorpaí i mí an Mheithimh, i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag. Chuige sin, chuir ceannairí an Aontais in iúl gur cúis mhór imní dóibh na forbairtí sa tSeoirsia, cháin siad go láidir an foréigean i gcoinne agóideoirí síochánta, polaiteoirí agus ionadaithe na meán, agus chuir siad in iúl gur oth leo cinneadh rialtas na Seoirsia próiseas aontachais na tíre leis an Aontas a chur ar fionraí go dtí 2028.

Tá an tAontas faoi réir le tacú le muintir na Seoirsia sna mianta atá acu i leith na hEorpa agus, má chinneann údaráis na Seoirsia an plean gníomhaíochta atá acu faoi láthair a athrú, le gluaiseacht na tíre i dtreo an aontachais.

Athbhreithniú bliantúil ar an dul chun cinn

Gach bliain, déanann an Chomhairle a marana ar an dul chun cinn a rinneadh sna tíortha is iarrthóirí agus sna comhpháirtithe araon, an tSeoirsia san áireamh, ar a gconair Eorpach.

An 16 Nollaig 2025, d’eisigh Uachtaránacht na Danmhairge ar an gComhairle conclúidí ar thacaigh 26 Bhallstát de chuid an Aontais leo go polaitiúil.

Cúlú daonlathach agus cos ar bolg

I mí na Bealtaine 2024, ghlac údaráis na Seoirsia dlí maidir le trédhearcacht an tionchair eachtraigh, ar céim ar gcúl é ón moladh ón gCoimisiún maidir le stádas na Seoirsia mar iarrthóir agus cuireadh stop le próiseas aontachais na tíre mar thoradh air sin. Ag na cruinnithe a bhí ag an gComhairle Eorpach ina dhiaidh sin i mí an Mheithimh, i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag 2024, d’iarr ceannairí an Aontais ar údaráis na Seoirsia an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a bhfuil ar intinn acu a shoiléiriú tríd a bhfuil déanta acu le déanaí a aisiompú
  • athchóirithe daonlathacha cuimsitheacha inbhuanaithe a ghlacadh
  • staonadh ó fhorneart a úsáid agus deireadh a chur leis an bhforéigean atá á úsáid i gcoinne agóideoirí síochánta, polaiteoirí agus ionadaithe na meán
  • an ceart chun saoirse comhthionóil agus chun tuairimí a nochtadh a urramú

Sa tréimhse roimh thoghcháin pharlaiminteacha an 26 Deireadh Fómhair 2024, d’iarr ceannairí an Aontais ar na húdaráis freisin a chinntiú go mbeadh na toghcháin saor agus cothrom i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, agus mhol siad go ndéanfadh comhpháirtithe faireachán suntasach gearrthéarmachagus fadtéarmach ar thoghcháin.

Comhpháirtíocht an Oirthir

Anuas ar phróiseas an mhéadaithe, comhoibríonn an tAontas agus an tSeoirsia freisin chun an caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch a neartú faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus faoin ngné réigiúnach oirthearach de, Comhpháirtíocht an Oirthir.

Comhaontú comhlachais

Shínigh an tAontas agus an tSeoirsia Comhaontú Comhlachais an 27 Meitheamh 2014 agus tá sé sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2016.

Leis an gcomhaontú, tugadh isteach córas fabhrach trádála - an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála – lena ndéantar an méid seo a leanas:

  • bunaítear naisc eacnamaíocha níos dlúithe, atá bunaithe ar athchóirithe i réimsí a bhaineann leis an trádáil, idir an tSeoirsia agus an tAontas Eorpach
  • cuirtear deireadh le gach dleacht allmhairiúcháin ar earraí agus déantar foráil maidir le rochtain leathan fhrithpháirteach ar thrádáil seirbhísí
  • is bealach é chun reachtaíocht na Seoirsia a bhaineann leis an trádáil a ailíniú a thuilleadh le gnéithe roghnaithe de chreat dlíthiúil an Aontais

An Chomhairle Comhlachais

Is í an Chomhairle Comhlachais an institiúid fhoirmiúil is airde a bunaíodh faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia agus déanann sí maoirseacht ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.

Díríodh ag an ochtú cruinniú den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, a tionóladh an 20 Feabhra 2024, ar chonair aontachais na Seoirsia leis an Aontas, ar an idirphlé polaitiúil agus athchóiriú, ar an gcomhar eacnamaíoch agus earnála, ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil, agus ar réiteach síochánta coinbhleachtaí.

Léirscaoileadh víosaí

Tháinig na comhaontuithe leis an tSeoirsia um eisiúint víosaí a éascú agus um athligean isteach i bhfeidhm in 2011.

An 27 Feabhra 2017, ghlac an Chomhairle rialachán maidir le léirscaoileadh víosaí i gcás mhuintir na Seoirsia a thagann chun an Aontais le haghaidh tréimhse fanachta 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

Tá Éire díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na bhforálacha sin, i gcomhréir leis na prótacail atá i gceangal le Conarthaí an Aontais. Tháinig an rialachán i bhfeidhm an 28 Márta 2017.

An 27 Eanáir 2025, chinn an Chomhairle codanna den chomhaontú um eisiúint víosaí a éascú idir an tAontas agus an tSeoirsia a chur ar fionraí. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar thaidhleoirí agus ar oifigigh de chuid na Seoirsia iarratas a dhéanamh ar víosa agus iad ag taisteal chuig an Aontas a bheith mar thoradh ar an gcinneadh sin. Díolmhaítear saoránaigh na Seoirsia ón gceanglas víosa.

Iomláine chríochach agus réiteach coinbhleachtaí

Tacaíonn an tAontas go láidir le hiomláine chríochach na Seoirsia agus lena réiteach ar choinbhleachtaí san Abcáise agus san Oiséit Theas, réigiúin scarúnaíocha na Seoirsia.

Tá an tAontas rannpháirteach trí:

  • ionadaí speisialta an Aontais do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia a bheith ina chomhchathaoirleach ar Idirphlé Idirnáisiúnta na Ginéive
  • misean faireacháin an Aontais a imscaradh sa tSeoirsia (EUMM)

Cúnamh Airgeadais don tSeoirsia

Is é an tAontas an soláthraí is mó cúnaimh airgeadais don tSeoirsia, agus is é a comhpháirtí trádála is mó freisin. Tacaíonn an tAontas le forbairt shocheacnamaíoch agus le hathchóirithe socheacnamaíocha sa tSeoirsia tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI).

Is é an aidhm a bhíonn ag an tacaíocht a thugann an tAontas don tSeoirsia feabhas a chur ar cháilíocht saoil shaoránaigh na tíre sin trí chúnamh deontais bliantúil dar luach thart ar €85 mhilliún, rud a mbeidh torthaí inláimhsithe infheicthe mar thoradh air.

Tá an cúnamh ón Aontas bunaithe ar choinníollacht dhocht, agus tá sé nasctha le dul chun cinn sásúil maidir le hathchóirithe agus urraim don smacht reachta, sásraí éifeachtacha daonlathacha agus cearta an duine.

Tacaíonn an tAontas leis an tSeoirsia freisin trí infheistíochtaí nithiúla a dhéanamh tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochtaí, i gcomhréir le straitéis de chuid an Aontais dar teideal ‘Global Gateway’. Faoi bplean sin, ghiaráil an tAontas €2.1 billiún in infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear infheistíochtaí le haghaidh sé thionscnamh shuaitheanta, ina measc:

  • nascacht na Mara Duibhe
  • iompar trasna na Mara Duibhe
  • an téarnamh eacnamaíoch
  • an nascacht dhigiteach le haghaidh saoránaigh
  • cáilíocht an aeir a fheabhsú
  • an éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh phoiblí

Tacaíocht d’fhórsaí cosanta na Seoirsia

Idir 2021 agus 2023, leithdháil an tAontas beagnach €63 mhilliún tríd an tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le nuachóiriú fhórsaí cosanta na Seoirsia.

Cabhraíonn na bearta cúnaimh atá i bhfeidhm le hacmhainneachtaí fhórsaí cosanta na Seoirsia a neartú, lena n-áirítear a gcumas a gcuid seirbhísí a chur ar fáil do shibhialtaigh tráth géarchéime nó tráth éigeandála.

Go háirithe, soláthraíonn siad trealamh, soláthairtí agus seirbhísí neamh-mharfacha.

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Nollaig 2025