Skip to content

Montainéagró

Rinne Montainéagró iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí na Nollag 2008 agus tugadh stádas mar iarrthóir san Aontas di i mí na Nollag 2010. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais idir an tAontas agus Montainéagró i mí an Mheithimh 2012. Go dtí seo, osclaíodh gach ceann de na 33 chaibidil idirbheartaíochta agus dúnadh 18 gcinn díobh go sealadach.

Méadú

Iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach

Cuireadh iarratas Mhontainéagró ar bhallraíocht san Aontas isteach an 15 Nollaig 2008.



Ag an gcruinniú a bhí aici an 23 Aibreán 2009, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún a thuairim a chur isteach maidir le hiarratas Mhontainéagró. In 2010, thug an Coimisiún tuairim dhearfach uaidh maidir le hiarratas Mhontainéagró agus ag an gcruinniú a bhí aige an 16 agus an 17 Nollaig 2010, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt do Mhontainéagró.

Caibidlíocht aontachais

Ag an gcruinniú a bhí aici an 26 Meitheamh 2012, chinn an Chomhairle tús a chur le caibidlíocht aontachais le Montainéagró. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an cinneadh sin sna laethanta ina dhiaidh sin.

Cruinnithe na comhdhála aontachais

Cuirtear tús leis an gcaibidlíocht aontachais ag comhdhálacha idir-rialtasacha (ar a dtugtar comhdhálacha aontachais go minic) idir airí agus ambasadóirí Bhallstáit an Aontais agus an iarrthóra. Cumhdaítear leis an gcaibidlíocht corpas na gceart coiteann agus an dlí choitinn (acquis an Aontais) agus roinntear ina gcaibidlí éagsúla nó ina gcnuasaigh caibidlí iad, a chumhdaíonn réimsí éagsúla beartais. Bíonn na comhdhálacha aontachais sin ar leibhéal na n-airí nó ar leibhéal na n-ionadaithe.

An 29 Meitheamh 2012, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais ag an gcéad chruinniú aireachta den chomhdháil aontachais le Montainéagró. Ó shin i leith, tionóladh 28 gcruinniú comhdhála aontachais. Go dtí seo, osclaíodh 33 chaibidil , agus tá clabhsúr sealadach curtha le 18 gcinn díobh.

Bhí an cruinniú is déanaí den chomhdháil aontachais le Montainéagró ar siúl an 14 Iúil 2026. Ag an gcruinniú, chuir na páirtithe clabhsúr sealadach ar an gcaibidlíocht maidir le dhá chaibidil:

  • caibidil 8 (beartas iomaíochta)
  • caibidil 29 (an t-aontas custaim)

Ag an gcruinniú roimhe sin, a tionóladh an 15 Meitheamh 2026, chuir na páirtithe clabhsúr sealadach ar an gcaibidlíocht maidir le caibidil 2 (saoirse ghluaiseachta d’oibrithe) agus caibidil 28 (cosaint tomhaltóirí agus sláinte). Roimhe sin, chuir na páirtithe clabhsúr sealadach ar an gcaibidlíocht maidir leis an méid seo a leanas:

  • caibidil 21 (gréasáin thras-Eorpacha) an 17 Márta 2026
  • caibidil 32 (rialú airgeadais) an 26 Eanáir 2026
  • caibidlí 3 (ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar), 4 (saorghluaiseacht chaipitil), 6 (dlí na gcuideachtaí), 11 (talmhaíocht agus forbairt tuaithe) agus 13 (iascach) an 16 Nollaig 2025

I mí na Bealtaine 2021, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil le modheolaíocht athbhreithnithe um méadú a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaibidlíocht aontachais le Montainéagró agus leis an tSeirbia, arb é is aidhm di dlús a chur leis an bpróiseas aontachais, béim níos láidre a leagan ar athchóirithe bunúsacha agus stiúradh níos polaitiúla a thabhairt.

Meitheal ad hoc na Comhairle chun an Conradh Aontachais le Montainéagró a Dhréachtú

An 22 Aibreán 2026, bunaíodh an Mheitheal ad hoc chun an Conradh Aontachais le Montainéagró a Dhréachtú, bunaithe ar chinneadh ó Coreper.

Tá sé de chúram ar an meitheal sin conradh aontachais Mhontainéagró leis an Aontas agus gníomhartha gaolmhara a ullmhú.

An próiseas cobhsaíochta agus comhlachais

comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais ag comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar lena leagtar síos an creat foriomlán dá gcaidreamh leis an Aontas. Feidhmíonn sé go comhthreomhar le caibidlíocht aontachais an Aontais agus tacaíonn sé léi. Tá comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais Mhontainéagró daingnithe, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010.

An Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus Montainéagró

Chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn an chaidrimh idir an tAontas agus Montainéagró faoin bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, tagann ionadaithe ón Aontas agus ó Mhontainéagró le chéile sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus Montainéagró.

Ag an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais dheiridh (an 11ú) idir an tAontas agus Montainéagró, a tionóladh i bPodgairítse an 14 Iúil 2022, phléigh na hairí straitéis aontachais Mhontainéagró agus rinne siad athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta ag an tír ina cuid ullmhúcháin do bhallraíocht san Aontas. Bhí seisiún tuairimíochta acu freisin maidir lena bhfuil tite amach le déanaí i Montainéagró agus sna Balcáin Thiar.

Athbhreithniú bliantúil ar an dul chun cinn

Gach bliain, déanann an Chomhairle a marana ar an dul chun cinn a rinneadh sna tíortha is iarrthóirí agus sna comhpháirtithe araon, Montainéagró san áireamh, ar a gconair Eorpach.

An 16 Nollaig 2025, d’eisigh Uachtaránacht na Danmhairge ar an gComhairle conclúidí ar thacaigh 26 Bhallstát de chuid an Aontais leo go polaitiúil.

Comhar maidir le bainistiú teorainneacha

Chun sreabha imirce a bhainistiú, chun cur i gcoinne na himirce neamhdhleathaí agus chun dul i ngleic leis an gcoireacht trasteorann, tá comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas agus ag Montainéagró maidir le comhar níos leithne i ndáil le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex). Leis an gcomhaontú, ceadaítear do Frontex agus do Mhontainéagró oibríochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus ceadaítear d’fhoireann Frontex seiceálacha teorann a dhéanamh agus daoine a chlárú.

Is go sealadach a cuireadh an comhaontú le Montainéagró i bhfeidhm ón 1 Iúil 2023 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2025.

An tSaoráid Eorpach Síochána

Faoin tSaoráid Eorpach Síochána, ionstraim arb é is aidhm di coinbhleacht a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, ghlac an tAontas bearta cúnaimh ar fiú €6 mhilliún chun tacú le tascfhórsa armtha Mhontainéagró. Cuideoidh na bearta le cumas Mhontainéagró páirt a ghlacadh in oibríochtaí slándála agus cosanta an Aontais a neartú agus le trealamh a chur ar fáil le haghaidh an mhéid seo:

  • tacaíocht fíorshaoil i gcás aimsir an-fhuar
  • oibríochtaí cosanta bitheolaíche, raideolaíche agus núicléiche
  • aonaid chuardaigh agus tarrthála a úsáideann héileacaptar

I mí an Mheithimh 2022, ghlac an Chomhairle bearta cúnaimh freisin chun tairbhe thascfhórsa leighis na mBalcán, lena n-áirítear an trealamh agus an t-ábhar is gá a sholáthar d’aonaid leighis fhórsaí armtha Mhontainéagró. Is é is aidhm do na bearta sin cumais leighis na bhfórsaí armtha agus iarrachtaí fóirithinte sibhialta a neartú i réigiún na mBalcán Thiar.

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Iúil 2026