Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 13 Torthaí
Comhaontuithe tar éis Brexit
Tar éis Brexit, rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sraith comhaontuithe a chaibidil chun an caidreamh a bheidh ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a threorú agus a rialú. Leis na comhaontuithe sin, cosnaítear cearta na saoránach agus cinntítear iomaíocht chóir agus comhar leanúnach ag an am céanna.

Feirmeoireacht orgánach
Is trí mhodhanna nádúrtha a bhfuil tionchar teoranta acu ar an gcomhshaol a tháirgtear bia leis an bhfeirmeoireacht orgánach. Is mian leis an Aontas go mbeadh 25 % dá thalamh feirme orgánach faoi 2030 agus tá rialacha soiléire aige chun tacú leis an sprioc sin.

An Comhbheartas Talmhaíochta mínithe
Cinntíonn comhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais slándáil bia, spreagann sé feirmeoireacht inbhuanaithe agus tacaíonn sé le ceantair thuaithe.

Deiseanna iascaireachta san Aontas Eorpach
Leagann an tAontas síos teorainneacha ar an méid éisc is féidir a ghabháil in uiscí an Aontais chun a chinntiú nach ndéantar róshaothrú ar stoic.

Rialacha cistiúcháin CBT 2023-2027
Is é is aidhm don chomhbheartas talmhaíochta athchóirithe 2023-2027 an fheirmeoireacht san Aontas a dhéanamh níos cothroime, níos glaise agus níos dírithe ar thorthaí.

Stoic éisc a chomhroinntear idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Ó mhí Eanáir 2021 i leith, déantar cearta iascaireachta maidir le stoic a chomhroinntear idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a shainiú i gcomhairliúcháin bhliantúla dhéthaobhacha.

Ón bhfeirm go dtí an forc
Is é príomhsprioc an Aontais maidir leis an obair a dhéantar ar an mbeartas ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ ná bia na hEorpa a dhéanamh níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe.

An Comhbheartas Iascaigh agus a chuspóirí
Tá rialacha comhchoiteanna sainithe ag Ballstáit an Aontais, trí chomhbheartas iascaigh an Aontais, chun na hacmhainní éisc a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus chun bia a chur ar fáil do dhaoine.

Mar a shocraítear teorainneacha agus cuótaí gabhála iascaireachta
Ar bhonn bliantúil, comhaontaíonn tíortha an Aontais ar an méid éisc is féidir le soithí an Aontais a ghabháil in uiscí an Aontais nó in uiscí eile. Is í an Chomhairle an t-aon reachtóir amháin maidir leis an tsaincheist sin.

Cuótaí iascaireachta tar éis Brexit
Conas a shocraítear cuótaí iascaireachta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe tar éis Brexit? Ó mhí Eanáir 2021, is trí chomhairliúcháin bhliantúla dhéthaobhacha a bhunaítear na cearta i leith stoic éisc chomhroinnte a ghabháil.
