Feirmeoireacht orgánach
Is trí mhodhanna nádúrtha a bhfuil tionchar teoranta acu ar an gcomhshaol a tháirgtear bia leis an bhfeirmeoireacht orgánach. Is mian leis an Aontas go mbeadh 25% dá thalamh feirme orgánach faoi 2030 agus tá rialacha soiléire aige chun tacú leis an sprioc sin.
A bhfuil i gceist leis an bhfeirmeoireacht orgánach
Is modh talmhaíochta í an fheirmeoireacht orgánach ina n-úsáidtear próisis agus substaintí nádúrtha a bhfuil tionchar teoranta acu ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. Is é is aidhm di:
- tacú leis an mbithéagsúlacht
- ardchaighdeáin leasa ainmhithe a chinntiú
- táirgeadh áitiúil a spreagadh
- pórtha neamhchoitianta agus dúchasacha a chaomhnú
Chun é sin a bhaint amach, leagtar síos caighdeáin dhochta i gcreat orgánach an Aontais.
Príomhchleachtais
Lotnaidicídí sintéiseacha agus leasacháin shintéiseacha a theorannú
Toirmeasc a chur ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna)
Barra a uainiú chun ithreacha a choinneáil sláintiúil
Rochtain faoin aer agus beatha orgánach d’ainmhithe
Sciar 25% den fheirmeoireacht ina feirmeoireacht orgánach a bhaint amach faoi 2030
Tá sé d’aidhm ag an Aontas go n-úsáidfí 25% de thalamh talmhaíochta le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí faoi 2030.
Tá an fheirmeoireacht orgánach ag fás go tapa
Idir 2012 agus 2022, tháinig méadú 79% ar sciar na talún feirme orgánaí san Aontas, ó 9.5 milliún heicteár go 16.9 milliún heicteár.
Cairt ina ndéantar comparáid idir sciar céatadáin na talún orgánaí den talamh talmhaíochta iomlán le haghaidh 2012 agus 2022, agus sprioc 2030.
Seasann an chéad bharra, ar chlé, don bhliain 2012. Tá dath dúghlas air, tá sé sách íseal agus lipéad 6% air. Seasann an dara barra, sa lár, don bhliain 2022. Tá sé dúghlas freisin, agus é níos airde ar bhealach suntasach ná barra 2012, agus lipéad 11% air.
Seasann an tríú barra, ar dheis, don sprioc don bhliain 2030. Tá dath glas geal air, tá sé i bhfad níos airde ná an dá bharra eile, agus lipéad 25% air.
Tá an fás sin fite fuaite le héileamh níos láidre ó thomhaltóirí agus aitheantas níos mó do lógó orgánach an Aontais. Ba mhó ná €45 bhilliún de mhiondíol táirgí orgánacha san Aontas in 2022, agus is é lógó orgánach an Aontaisan lógó bia is cáiliúla san Eoraip anois.
Rialacha an Aontais maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach
Tá feidhm ag príomhdhlí an Aontais maidir leis an táirgeadh orgánach – is é sin Rialachán 2018/848 – ó bhí 2022 ann. Leagtar síos leis ardchaighdeáin maidir leis an gcaoi a ndéantar bia orgánach a tháirgeadh, a phróiseáil agus a lipéadú, agus cuidíonn sé le hiomaíocht chóir agus muinín tomhaltóirí a chinntiú.
Seo iad na príomhghnéithe:
- modhanna táirgthe lena gcuirtear teorainn le lotnaidicídí sintéiseacha agus leasacháin shintéiseacha, lena gcosnaítear torthúlacht agus bithéagsúlacht na hithreach agus lena n-úsáidtear fuinneamh agus acmhainní go cúramach
- rialacha láidre maidir le leas ainmhithe, lena n-áirítear rochtain amuigh faoin aer agus coinníollacha lena n-urramaítear iompraíocht nádúrtha ainmhithe
- lipéadú soiléir, agus lógó orgánach an Aontais ar gá é a chur ar an mbia orgánach réamhphacáilte go léir a tháirgtear san Aontas agus úsáid chosanta téarmaí ar nós ‘bith-’ agus ‘éicea-’
- rialuithe bliantúla le haghaidh gach oibreora sa slabhra soláthair, ón bhfeirmeoir go dtí an miondíoltóir, ag comhlachtaí rialaithe údaraithe
- grúpdheimhniúchán, ionas gur féidir feirmeoirí beaga a dheimhniú le chéile, rud a laghdóidh costais agus páipéarachas
Tá an tacaíocht don fheirmeoireacht orgánach ina dlúthchuid de chomhbheartas talmhaíochta an Aontais (CBT). Faoi phleananna straitéiseacha CBT, leithdháiltear thart ar €19 mbilliúnchun tacú leis an bhfeirmeoireacht orgánach san Aontas. Faigheann gach heicteár de thalamh orgánach €148 ar an meán in aghaidh na bliana i dtacaíocht shonrach. Tá sé sin sa bhreis ar aon tacaíocht ioncaim eile a d’fhéadfadh an feirmeoir a fháil.
I mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta i láthair chun táirgeadh orgánach a fhorbairt san Aontas.
I mí Iúil 2021, tháinig airí an Aontais ar chomhaontú maidir leis na conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an bplean gníomhaíochta agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá an fheirmeoireacht orgánach maidir le talmhaíocht na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, le poist a chruthú agus le hioncam a chinntiú.
Leag siad béim freisin ar an ngá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir an t-éileamh agus an soláthar, staid gach Ballstáit a mheas, agus ról a thabhairt do pháirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha maidir le spriocanna an phlean gníomhaíochta a bhaint amach.
Rialacha an Aontais maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach a dhéanamh níos simplí agus níos soiléire
Tá nuashonrú á dhéanamh ag an Aontas ar an Rialachán maidir le Táirgeadh Orgánach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- na rialacha a shimpliú agus a shoiléiriú
- cur leis an muinín as lógó orgánach an Aontais
- rómhaorlathas a laghdú, go háirithe d’oibreoirí beaga
- an trádáil le príomh-chomhpháirtithe nach de chuid an Aontais iad a choinneáil ag feidhmiú go rianúil
I mí na Nollag 2025, mhol an Coimisiún Eorpach athruithe spriocdhírithe, lena n-áirítear athruithe maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus lipéadú, oibreoirí beaga agus feirmeoirí beaga, táirgí glantacháin agus díghalraithe, agus rialacha maidir le beostoc agus dobharshaothrú.
Meastar go laghdóidh na hathruithe na costais riaracháin dhíreacha faoi €47.8 milliún in aghaidh na bliana – is ionann sin agus €45.9 milliún i gcoigilteas d’fheirmeoirí agus d’oibreoirí eile agus €1.9 milliún i gcoigilteas do riaracháin.
An 11 Bealtaine 2026, tháinig ionadaithe rialtais thíortha an Aontais sa Choiste Speisialta um Thalmhaíocht (CST) ar chomhaontú maidir le comhsheasamh chun tús a chur le cainteanna le Parlaimint na hEorpa. Ullmhaíonn an coiste obair na Comhairle maidir le gach ábhar a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta.
Ní mór don Chomhairle agus don Pharlaimint araon teacht ar chomhaontú maidir leis an téacs críochnaitheach sula bhféadfaidh feidhm a bheith ag na rialacha nua orgánacha sa chleachtas.
Táirgí orgánacha allmhairithe agus lipéadú
Bheadh táirgí orgánacha a allmhairítear ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad in ann leanúint de théarmaí a úsáid, ‘orgánach’ cuir i gcás, má aithnítear go bhfuil a rialacha maidir le feirmeoireacht orgánach coibhéiseach le caighdeáin an Aontais. Mar sin féin, ní bheidís in ann lógó orgánach an Aontais a úsáid ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais bhreise, mar shampla maidir le hithir bheo, leas ainmhithe agus modhanna próiseála.
Tá rialacha orgánacha 11 thír nach Ballstáit den Aontas iad, an Airgintín, Ceanada, an Nua-Shéalainn agus na Stáit Aontaithe san áireamh, aitheanta faoi láthair mar rialacha atá coibhéiseach le caighdeáin an Aontais, ach tiocfaidh deireadh leis an aitheantas sin an 31 Nollaig 2026. Ionas nach gcuirfí isteach ar thrádáil, chuirfí síneadh lena n-aitheantas go dtí an 31 Nollaig 2036.
Oibreoirí beaga agus feirmeoirí
Maidir le hoibreoirí beaga a dhíolann táirgí orgánacha neamhphacáilte, mar shampla torthaí agus glasraí scaoilte, go díreach le tomhaltóirí, agus maidir le miondíoltóirí beaga ar líne de tháirgí orgánacha réamhphacáilte, ní bheadh deimhniú de dhíth orthu ach amháin má sháraíonn a ndíolacháin 10 000 kg in aghaidh na bliana nó má sháraíonn a láimhdeachas €40 000 in aghaidh na bliana ar an meán thar thréimhse 5 bliana.
Bheadh grúpdheimhniúchán d’fheirmeoirí beaga níos éasca freisin.
Táirgí glantacháin agus díghalraithe
Bheadh níos mó solúbthachta ag próiseálaithe orgánacha ina gcuid oibre laethúla maidir le glanadh agus díghalrú. Cheadófaí dóibh táirgí caighdeánacha atá ar fáil ar an margadh a úsáid, seachas iad a bheith teoranta do liosta táirgí arna údarú ag an gCoimisiún Eorpach.
Beostoc agus dobharshaothrú
Leis an athchóiriú, thabharfaí isteach aois íosta mharaithe le haghaidh gearg orgánach.
D’athródh na rialacha maidir leis an rochtain amuigh faoin aer a bhíonn ag éanlaithe clóis ionas nach gceadófaí d’éin óga dul amach faoin aer go dtí go mbeadh go leor cleití acu chun a dteocht choirp a rialú.
Bheadh an próiseas chun aistriú ón bhfeirmeoireacht thraidisiúnta go dtí an fheirmeoireacht orgánach níos simplí agus níos comhsheasmhaí ar fud an Aontais.
I gcás ainmhithe feirme ar talamh agus sa dobharshaothrú, dhéanfaí an t-am feithimh tar éis cógais tréidliachta a úsáid sular féidir táirgí a dhíol mar tháirgí orgánacha a ailíniú.
Féach tuilleadh
An talmhaíocht a ghlasú
An Comhbheartas Talmhaíochta mínithe
Teicnící nua géanómaíocha le haghaidh pórú plandaí
An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Iúil 2026