Comhaontuithe tar éis Brexit
Tar éis Brexit, rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sraith comhaontuithe a chaibidil chun an caidreamh a bheidh ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a threorú agus a rialú. Leis na comhaontuithe sin, cosnaítear cearta na saoránach agus cinntítear iomaíocht chóir agus comhar leanúnach ag an am céanna.
Caibidlíocht maidir leis an gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo
Tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht go foirmiúil as an Aontas an 31 Eanáir 2020, féadadh tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
Bhí an chéad bhabhta caibidlíochta ar siúl sa Bhruiséil an 2 Márta 2020. Idir mí an Mhárta agus mí na Nollag 2020, rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sraith comhaontuithe a chaibidil chun an chomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo a threorú agus a rialú.
An 24 Nollaig 2020, tháinig an tAontas ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe ina leagtar síos na téarmaí don chomhar a bheidh eatarthu amach anseo. Shínigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí chomhaontú thábhachtacha an 30 Nollaig 2020:
- An comhaontú trádála agus comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
- An comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le slándáil faisnéise
- An comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach
Bhí feidhm ag na comhaontuithe sin go sealadach ón 1 Eanáir 2021 agus tháinig siad i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
An comhaontú trádála agus comhair
Is comhaontú an-tábhachtach é an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe lena rialaítear an caidreamh tar éis Brexit. Síníodh an comhaontú an 30 Nollaig 2020 agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ón 1 Eanáir 2021. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
Leis an gcomhaontú, cinntítear iomaíocht chóir, comhar leanúnach i réimsí leasa fhrithpháirtigh agus urraim do chearta bunúsacha. An méid seo a leanas atá ann:
- comhaontú saorthrádála lena ndéantar comhar uaillmhianach maidir le saincheisteanna eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus iascaigh
- dlúth-chomhpháirtíocht i ndáil le slándáil na saoránach
- creat rialachais uileghabhálach
Téann an comhaontú trádála agus comhair níos faide ná comhaontuithe saorthrádála traidisiúnta. Tá socruithe fabhracha san áireamh ann i réimsí éagsúla, mar shampla, trádáil earraí agus seirbhísí, maoin intleachtúil, soláthar poiblí, iompar, comhar téamach agus rannpháirtíocht i gcláir an Aontais.
Leis an gcomhaontú, bunaítear freisin creat nua le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair a bhaineann leis an dlí coiriúil agus an dlí sibhialta. Trí bhíthin caibidil ar leith maidir le rialachas, tugann an comhaontú an deimhneacht dhlíthiúil agus an tsoiléireacht is mó is féidir do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus do shaoránaigh maidir leis an gcaoi a ndéanfar an comhaontú a oibriú agus a rialú.
Le linn an chéad chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a tionóladh an 19 Bealtaine 2025, tháinig an dá thaobh ar chomhaontú maidir le comhpháirtíocht straitéiseach. Tá an comhaontú um tharraingt siar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear Creat Windsor, agus an comhaontú trádála agus comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe mar bhonn taca leis an gcomhpháirtíocht sin. Gheall an dá thaobh go gcinnteoidís go gcuirfí chun feidhme go hiomlán, go tráthúil agus go dílis iad.
An comhaontú maidir le slándáil faisnéise
Shínigh an dá pháirtí an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le slándáil faisnéise an 30 Nollaig 2020 agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ón 1 Eanáir 2021. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
Leis an gcomhaontú, cuirtear feabhas ar an gcomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le bagairtí comhchoiteanna slándála trí fhaisnéis rúnaicmithe a mhalartú.
Comhaontú i ndáil le comhar maidir le fuinneamh núicléach
Shínigh agus dhaingnigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an comhaontú maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach an 30 Nollaig 2020. Bhí feidhm aige go sealadach ón 1 Eanáir 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
Leis an gcomhaontú, is féidir comhar a bheith ann maidir le húsáid shábháilte shíochánta an fhuinnimh núicléach agus tá gealltanais ann ón dá thaobh i dtaca le hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh a chomhlíonadh agus seasamh le hardleibhéal caighdeán sábháilteachta núicléiche.
Ina theannta sin, ceadaíonn an comhaontú malartú leanúnach faisnéise raideolaíche agus sonraí raideolaíocha. Dá bharr sin, i gcás tionóiscí núicléacha, beifear in ann luath-fhógra a thabhairt, faisnéis iontaofa a chomhroinnt agus comhordú tapa a dhéanamh idir Ballstáit an Aontais agus an Ríocht Aontaithe.
Stoic éisc agus fuinneamh
Mar chuid den chomhaontú trádála agus comhair, tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le creat nua chun stoic éisc a bhainistiú go comhpháirteach in uiscí an Aontais agus in uiscí na Ríochta Aontaithe. Faoin gcreat sin, is féidir leis an Ríocht Aontaithe gníomhaíochtaí iascaireachta na Breataine a fhorbairt a thuilleadh, cosnófar gníomhaíochtaí agus slite beatha phobail iascaireachta na hEorpa agus caomhnófar acmhainní nádúrtha.
An 19 Bealtaine 2025, chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach rochtain chómhalartach iomlán ar uiscí a fháil go dtí an 30 Meitheamh 2038 agus síneadh a chur leis an gcomhar fuinnimh ar bhonn leanúnach.
Giobráltar
Tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le Giobráltar, críoch Bhriotanach thar lear atá suite ar Leithinis na hIbéire.
I bhfianaise shuíomh sonrach geografach Ghiobráltar agus a shaintréithe sonracha, is é príomhaidhm an chomhaontaithe rathúnas an réigiúin ina iomláine amach anseo a chinntiú. Déanfar é sin trí dheireadh a chur leis na bacainní fisiciúla uile ar dhaoine agus ar earraí atá i gcúrsaíocht idir an Spáinn agus Giobráltar, agus Schengen, margadh aonair an Aontais agus a aontas custaim á gcosaint go hiomlán ag an am céanna.
An 1 Aibreán 2026, cheadaigh ambasadóirí an Aontais an comhaontú, a síníodh an 14 Iúil 2026 agus a bhfuil feidhm shealadach aige ón 15 Iúil 2026. Roimhe seo, i mí Dheireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle cinneadh tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le Giobráltar, rud a réitigh an bealach don chaibidlíocht fhoirmiúil idir an Coimisiún Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.
- An caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe: cead deiridh tugtha ag na Ballstáit don chomhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le Giobráltar (preaseisiúint, an 1 Aibreán 2026)
- An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe: tús na caibidlíochta le haghaidh comhaontú i ndáil le Giobráltar údaraithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 5 Deireadh Fómhair 2021)
Comhaontú um chomhar iomaíochta
I mí an Mheithimh 2023, ghlac na hairí ceartais agus gnóthaí baile cinneadh lenar údaraíodh tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhar in ábhair iomaíochta.
Leis an gcomhaontú atá beartaithe, cuirfear leis an gcomhaontú trádála agus comhair agus cumhdófar ann ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais.
Comhpháirtíocht slándála agus cosanta
An 19 Bealtaine 2025, bhunaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhpháirtíocht slándála agus cosanta arb é is aidhm di comhar a bhunú ar fud raon leathan réimsí, mar shampla, an tslándáil réigiúnach, cothú na síochána agus bainistiú géarchéime, an tslándáil mhuirí agus saincheisteanna cibearshlándála.
Comhaontuithe a bheidh ann amach anseo
I mí na Bealtaine 2025, gheall an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an comhar déthaobhach a athnuachan, mar chuid den chomhthuiscint a comhaontaíodh idir an Coimisiún Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Sainaithnítear sa chomhthuiscint réimsí oibre a dhéanfar amach anseo chun an caidreamh a neartú, lena n-áirítear obair chun an méid seo a leanas a bhaint amach:
- scéim taithí óige
- ceangal na Ríochta Aontaithe leis an gclár Erasmus+
- rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i margadh leictreachais an Aontais
- limistéar coiteann le haghaidh táirgí sláintíochta agus fíteashláintíochta (agraibhia)
- na córais trádála astaíochtaí a nascadh
An 13 Samhain 2025, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontuithe i ndáil le táirgí agraibhia agus maidir le córais trádála astaíochtaí an dá pháirtí a nascadh. An 30 Márta 2026, d’údaraigh sí don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le dhá chomhaontú eile, ceann acu maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i margadh inmheánach leictreachais an Aontais agus an ceann eile maidir le ranníocaíocht airgeadais iomchuí ón Ríocht Aontaithe le beartas comhtháthaithe an Aontais.
Ach a dtabharfar an chaibidlíocht chun críche, ní mór don Chomhairle an dá chomhaontú a fhormhuiniú sula bhféadfaidh siad teacht i bhfeidhm.
An 30 Márta 2026, chomhaontaigh an Chomhairle freisin cead a thabhairt don Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh i gclár Erasmus+ an Aontais don bhliain 2027.
- Clár oibre athnuaite don chomhthuiscint maidir le comhar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (an Coimisiún Eorpach)
- An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe: Cead tugtha ag an gComhairle do chainteanna maidir le comhaontuithe leictreachais agus comhtháthaithe, chomh maith le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in Erasmus+ do 2027 (preaseisiúint, an 30 Márta 2026)
- An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe: cead tugtha ag an gComhairle don chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú agraibhia agus maidir le córais trádála astaíochtaí a nascadh (preaseisiúint, an 13 Samhain 2025)
Doiciméid ghaolmhara agus foilseacháin ghaolmhara
- Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, an 18 Deireadh Fómhair 2019
- Dearbhú polaitiúil athbhreithnithe lena leagtar amach an creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire, an 17 Deireadh Fómhair 2019 (an Coimisiún Eorpach)
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Iúil 2026