Skip to content

Freagairt éigeandála an Aontais ar ráig COVID-19

Leis an ngrafaic faisnéise seo, tugtar forléargas ar phríomhréimsí gníomhaíochta an Aontais i gcoinne COVID-19.

Príomhréimsí gníomhaíochta i gcoinne COVID-19

  • Teorainn a chur le leathadh an víris
  • Soláthar trealaimh leighis a chinntiú
  • Taighde a chur chun cinn maidir le cóireálacha agus vacsaíní
  • Tacú le poist, le gnólachtaí agus leis an ngeilleagar
  • Cabhrú le saoránaigh den Aontas atá sáinnithe thar lear
  • Cur i gcoinne na bréagaisnéise

Teorainn a chur le leathadh an víris

  • Teorainneacha seachtracha an Aontais a dhúnadh go sealadach le srian ar thaisteal neamhriachtanach chun an Aontais
  • Bainistiú teorann: 'lánaí glasa' a thabhairt isteach i gcás earraí bunriachtanacha
  • Measúnuithe riosca do dhaonra an Aontais ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC)
  • Comhordú seachtainiúil idir an tAontas, saineolaithe agus na Ballstáit trí shocruithe comhtháite um fhreagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)

Soláthar trealaimh leighis a chinntiú

Thug an tAontas cead do thíortha an Aontais páirt a ghlacadh i dtairiscintí soláthair phoiblí chomhpháirtigh i gcomhair:

  • trealamh cosanta
  • aerálaithe
  • feistí tástála

D’áirithigh an tAontas an méid a leanas tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta:

  • foirne leighis agus soláthairtí a chur ar fáil do thíortha atá i ngátar
  • cúlchiste comhchoiteann nua Eorpach do threalamh leighis éigeandála
  • Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha chun tacaíocht a chomhordú 24/7

Chomh maith leis sin, chomhordaigh an tAontas le tionscal na hEorpa chun an tairgeadh a mhéadú, agus rinne sé onnmhairiú bunsoláthairtí ón Aontas chuig tríú tíortha a rialú.

Taighde a chur chun cinn maidir le cóireálacha agus vacsaíní

  • Cistí taighde agus tacaíocht airgeadais chun cóireálacha agus vacsaíní a fhorbairt
  • Cistí do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta le haghaidh réitigh nuálacha
  • Ardán sonraí COVID-19 ar mhaithe le mearbhailiú agus mear-roinnt sonraí taighde

Tacú le poist, le gnólachtaí agus leis an ngeilleagar

Pacáiste tacaíochta láithreach an Aontais

Pacáiste tacaíochta €540 billiún curtha i láthair ag an Aontas do phoist agus d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit.

An méid seo a leanas atá inti:

  • €100 billiún - Tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE)
  • €200 billiún - Ciste ráthaíochta uile-Eorpach le haghaidh iasachtaí do chuideachtaí (an Banc Eorpach Infheistíochta)
  • €240 billiún - Tacaíocht do na Ballstáit i ngeall ar an bpaindéim (an Sásra Cobhsaíochta Eorpach)

Úsáid bhuiséad an Aontais

  • €3.1 billiún - Leasú ar bhuiséad 2020 an Aontais don fhreagairt éigeandála
  • €37 billiún - Cistí comhtháthaithe don Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas
  • €800 milliún - Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais sínithe chuig géarchéimeanna sláinte poiblí

Solúbthacht i rialacha an Aontais

  • Údaraítear bearta státchabhrach chun tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus d’oibrithe
  • Cuirtear an clásal éalaithe ginearálta i rialacha fioscacha an Aontais i bhfeidhm chun freastal ar chaiteachas náisiúnta méadaithe
  • Leasaítear rialacháin maidir le cistí struchtúracha chun aistrithe idir cistí agus réigiúin a chumasú

Beartas airgeadaíochta

€750 billiún: clár ceannaithe éigeandála paindéime an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Cabhrú le saoránaigh den Aontas atá sáinnithe thar lear

Tá breis agus 500,000 saoránach den Aontas aisdúichithe cheana ó thríú tíortha.

Cur i gcoinne na bréagaisnéise

Anuas air sin, tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach cur i gcoinne bréagscéalta faoin víreas le cumarsáid atá trédhearcach, tráthúil, agus macánta a chur os comhair an phobail.