Skip to content

An chaoi a n-oibríonn vacsaíní próitéinbhunaithe i gcoinne COVID-19

Grafaic faisnéise: An chaoi a gcosnaíonn vacsaíní próitéinbhunaithe tú i gcoinne COVID-19.

Céard atá i gceist le vacsaíní próitéinbhunaithe COVID-19?

Úsáideann vacsaíní próitéinbhunaithe na codanna sonracha den víreas is gá don chóras imdhíonachta a aithint chun freagairt imdhíonachta a fhorbairt. Níl an víreas iomlán ná víreas eile iontu.

Tá píosaí beaga bídeacha den choróinvíreas ar a dhromchla ar a dtugtar spícephróitéin a ligeann an víreas isteach i do chealla chun iad a ionfhabhtú agus a dhéanann tinn thú.

Bíonn blúirí de phróitéin a dhéantar sa tsaotharlann i vacsaíní próitéinbhunaithe.

Is é is feidhm dóibh ligean don chóras imdhíonachta an víreas a aithint agus é a chomhrac má thagann sé ort, ionas nach mbíonn tú tinn nó ionas gur siomptóim éadroma a bhíonn i gceist.

Teicneolaíocht sheanbhunaithe atá in úsáid go forleathan cheana féin i vacsaíní eile is ea codanna den víreas de dhéantús saotharlainne a úsáid le haghaidh vacsaíní.

Céard a tharlaíonn sa cholainn nuair a fhaigheann tú vacsaín phróitéinbhunaithe

  • nuair a fhaigheann tú an vacsaín, tagann do cholainn i dteagmháil leis na próitéiní víreasacha
  • braitheann do chóras imdhíonachta na próitéiní coimhthíocha agus táirgeann sé antasubstaintí agus cealla imdhíonacha chun iad a ionsaí
  • faigheann an cholainn réidh leis na próitéiní sin
  • má thagann an coróinvíreas ort, cuimhneoidh an córas imdhíonachta ar conas an víreas a chur de dhroim seoil
  • ní bheidh tú tinn ó COVID-19, nó má bhíonn, is siomptóim éadroma a bheidh i gceist

Teicneolaíocht aitheanta le roinnt buntáistí

Baineadh úsáid as vacsaíní próitéinbhunaithe le blianta fada agus tá próifíl sábháilteachta mhaith acu.

Tá sé sách éasca iad a tháirgeadh.

Is féidir iad a stóráil ag gnáththeocht an chuisneora (2-8°C) ar feadh roinnt míonna.

An 20 Nollaig 2021, thug an tAontas údarú don chéad vacsaín phróitéinbhunaithe (arna táirgeadh ag Novavax) lena húsáid san Aontas, tar éis don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach moladh dearfach a dhéanamh ina leith.

Is í vacsaín COVID-19 Novavax an cúigiú ceann atá ar fáil do thíortha an Aontais chun paindéim COVID-19 a chomhrac.

Is iad vacsaíní mRNA (Pfizer/BioNTech agus Moderna) nó vacsaíní veicteoivíris (AstraZeneca agus Janssen) na vacsaíní COVID-19 eile atá údaraithe lena n-úsáid san Aontas .