Skip to content

Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin

Ábhar sa chartlann.

Cliceáil ar an nasc thíos chun teacht ar an eolas is déanaí maidir le dlúthpháirtíocht leis an Úcráin.

Seasann an tAontas agus a Bhallstáit go daingean leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine, agus leanfaidh sé de thacaíocht láidir a thabhairt do gheilleagar, sochaí, fórsaí armtha agus atógáil na hÚcráine amach anseo, a fhad is gá.

Figiúirí go dtí an 18 Márta 2024.

Gníomhaíocht an Aontais chun tacú leis an Úcráin

Leagan téacs

Píchairt ina léirítear na heilimintí a leanas:

  • €81 bhilliún de thacaíocht airgeadais, eacnamaíoch agus dhaonnúil trí bhuiséad an Aontais
  • €33 bhilliún de thacaíocht mhíleata
  • €17 mbilliún de thacaíocht do dhídeanaithe laistigh den Aontas
  • €12.2 billiún de thacaíocht airgeadais, eacnamaíoch agus dhaonnúil ó na Ballstáit

1. Tacaíocht airgeadais agus eacnamaíoch

Léirítear sa chairt thíos na ranníocaíochtaí ón Aontas agus ó na Ballstáit. Cliceáil ar na codanna faoi seach chun mionléargas a fháil ar na méideanna a bhaineann leis na cineálacha ranníocaíochta.

Leagan téacs

Píchairt ina léirítear na luachanna a leanas i mbilliún €:

  • €50 billiún tríd an tSaoráid don Úcráin (eisíoctha nó geallta don tréimhse 2024-2027)
  • €25.2 billiún de chúnamh macra-airgeadais (eisíoctha in 2022 agus 2023)
  • €12.2 billiún de thacaíocht airgeadais, eacnamaíoch agus dhaonnúil ó na Ballstáit
  • €2.6 billiún trí ráthaíochtaí ón Aontas in 2022 agus 2023
  • €4.4 billiún i gcineálacha eile tacaíochta

2. Lánaí domhanda slándála bia agus dlúthpháirtíochta

Tá géarú ag teacht ar ghéarchéim dhomhanda bia mar gheall ar ionradh gan chúis agus gan údar na Rúise, tá bealaí cruthaithe ag an Aontas chun cabhrú leis an Úcráin na táirgí talmhaíochta a onnmhairiú.

Le lánaí dlúthpháirtíochta sin an Aontais, éascaíodh 55% d’onnmhairí bia ón Úcráin ar bhealaí talún agus trí chalafoirt an Aontais.

Cuireann na lánaí dlúthpháirtíochta seo ar chumas na hÚcráine earraí neamhthalmhaíochta a onnmhairiú mar aon le cabhair dhaonnúil a fháil.

Leagan téacs

Picteagram: deilbhíní de ghráinní mar léiriú ar thart ar 122 milliún tona earraí arna n-onnmhairiú ar a dtagraíonn os cionn 68 milliún tona de ghrán, síolta ola agus táirgí talmhaíochta eile (go dtí mí Feabhra 2024).

3. Cabhair dhaonnúil

Leagan téacs

Píchairt ina léirítear sciar an Aontais agus na mBallstát.

Na Ballstáit: €2.16 billiún

An tAontas: €840 milliún

Measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil cabhair dhaonnúil de dhíth fós ar 14.6 milliún Úcránach.

4. An chosaint shibhialta

os cionn 144 000 thona de chúnamh ábhartha seolta chuig an Úcráin

beagnach 3 000 othar aistrithe chuig ospidéil ar fud na hEorpa

os cionn 6 000gineadóir leictreachais agus 2 700 claochladán seolta chuig an Úcráin

5. Slándáil agus cosaint

Leagan téacs

Píchairt:

€33 bhilliún chun cumais fhórsaí armtha na hÚcráine a neartú

  • €11.1 billiún faoin tSaoráid Eorpach Síochána
  • beagnach €22 bhilliún i ranníocaíochtaí déthaobhacha ó Bhallstáit an Aontais

Idir 2022 agus 2023:

  • cuireadh oiliúint ar 40 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine mar chuid de mhisean cúnaimh mhíleata an Aontais

6. Fáilte a chur roimh dhídeanaithe

Bhain breis agus 4.2 mhilliún duine a theith ón Úcráin tairbhe as cosaint shealadach san Aontas.

Bearta cúnaimh eile ón Aontas

I mí an Mheithimh 2022, thug an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir don Úcráin:

  • déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le céimeanna breise a luaithe a chomhlíonfaidh an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach sa tuairim ón gCoimisiún Eorpach maidir lena hiarratas ar bhallraíocht san Aontas

Tá smachtbhannaí ollmhóra forchurtha ag an Aontas ar an Rúischun a cumas cogadh a fhearadh a laghdú:

  • trí líon suntasach daoine agus eintiteas a chur leis an liosta smachtbhannaí, agus trí bhearta sriantacha nach bhfacthas a leithéidí riamh a ghlacadh
  • 12 cheann de phacáistí smachtbhannaí eacnamaíocha agus aonair atá i gceist

Tá tacaíocht á cur ar fáil ag an Aontas freisin sna réimsí seo a leanas:

  • an taidhleoireacht
  • ionchúiseamh na gcoireanna idirnáisiúnta
  • sábháilteacht agus slándáil núicléach
  • na hearnálacha fuinnimh agus trádála
  • an t-oideachas agus an taighde
  • an chibear-athléimneacht agus an t-aistriú digiteach
  • an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a atógáil
  • cur i gcoinne bhréagaisnéis na Rúise
Lus na gréine