Skip to content

Míniú ar onnmhairí gráin na hÚcráine

Ó thús ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, cuireadh isteach go mór ar onnmhairí gráin na hÚcráine. Le breis agus 4 mhí, tá soithí míleata na Rúise ag cur bac ar chalafoirt na hÚcráine sa Mhuir Dhubh.

Idir mí Iúil 2022 agus mí Iúil 2023, bhí comhaontú idir na Náisiúin Aontaithe, an Tuirc agus an Rúis chun onnmhairí a cheadú trí chonair dhaonnúil mhuirí shábháilte sa Mhuir Dhubh (Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe). D’fhág os cionn 1 000 long a bhí lán de ghrán agus earraí bia eile an Úcráin ó thrí chalafort de chuid na hÚcráine (Chornomorsk, Odesa agus Yuzhny/Pivdennyi) le linn chur chun feidhme an tionscnaimh.

An 17 Iúil 2023, d’fhógair an Rúis a cinneadh deireadh a chur le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe.

Cad a onnmhairíodh trí Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe?

Faoi mhí Iúil 2023, ba é 33 mhilliún tona, nach mór, méid an ghráin agus earraí bia eile a bhí onnmhairithe trí Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe.

Grán buí ab ea nach mór 50% den lastas, is é sin an grán ba mhó a raibh tionchar ag na baic air i ngráinseacha na hÚcráine ag tús an chogaidh. Níorbh fholáir é a bhogadh go tapa chun spás a dhéanamh don chruithneacht ó fhómhar an tsamhraidh.

Cad a onnmhairíodh trí Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe?

Leagan téacs

Píchairt a thaispeánann an sciar de ghráin éagsúla a onnmhairíodh trí Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe (slánaithe):

  • Grán buí: 51 %
  • Cruithneacht: 27 %
  • Táirgí lus na gréine: 11 %
  • Eile: 10 %

Cár seoladh an grán ón Úcráin?

Shroich 65%den chruithneacht a onnmhairíodh trí Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe tíortha i mbéal forbartha. Onnmhairíodh grán buí nach mór go cothrom chuig tíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha.

An sciar d’onnmhairiú gráin de réir rachmas na dtíortha

Leagan téacs

Dhá phíchairt a thaispeánann ceann scríbe na cruithneachta agus an ghráin bhuí a onnmhairíodh faoi Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe.

Onnmhairíodh 65% den chruithneacht chuig tíortha i mbéal forbartha agus 35% di chuig tíortha forbartha.

I gcás grán buí rinneadh é a chomhréir nach mór leath agus leath: onnmhairíodh 51% de chuig tíortha i mbéal forbartha agus 49% de chuig tíortha forbartha.

Bhí Clár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe (an eagraíocht dhaonnúil is mó ar domhan) freisin ag seoladh ó chalafoirt na Mara Duibhe. Faoi mhí Iúil 2023, bhí 80% dá stoc gráin ceannaithe ag an gclár ón Úcráin, méadú ó 50% roimh an gcogadh. D’fhág breis agus 725 000 tona cruithneachta calafoirt na hÚcráine agus é ag imeacht go dtí an Aetóip, Éimin, an Afganastáin, an tSúdáin, an tSomáil, an Chéinia agus Djibouti le linn chur chun feidhme an tionscnaimh.

An sciar den onnmhairiú de réir tráchtearra agus rachmas na dtíortha

Leagan téacs

Cairt ghlárach a thaispeánann an sciar de ghráin éagsúla agus ceann scríbe d’onnmhairí iomlána trí Thionscnamh Gráin na Mara Duibhe.

Cruithneacht a onnmhairíodh go dtí tíortha i mbéal forbartha ba ea 17.6% den ghrán ar fad a onnmhairíodh, agus cruithneacht a onnmhairíodh go dtí tíortha forbartha ba ea 9.5% de.

Grán buí a onnmhairíodh go dtí tíortha i mbéal forbartha ba ea 26.4% den ghrán ar fad a onnmhairíodh, agus grán buí a onnmhairíodh go dtí tíortha forbartha ba ea 24.5% de.

Táirgí lus na gréine a onnmhairíodh go dtí tíortha i mbéal forbartha ba ea 9.2% den ghrán ar fad a onnmhairíodh, agus táirgí lus na gréine a onnmhairíodh go dtí tíortha forbartha ba ea 2.2% de.

Is mórtháirgeoir agus móronnmhaireoir domhanda cruithneachta é an tAontas. Meastar gur onnmhairigh an tAontas 31 mhilliún tona cruithneachta i mbliain mhargaíochta 2022/23. I measc na dtíortha cinn scríbe tá an Ailgéir, Maracó, an Éigipt, an Phacastáin agus an Nigéir.

Cén t-athrú a tháinig ar phraghsanna bia de dheasca an chogaidh?

Tá méadú suntasach tagtha ar phraghsanna bia ar mhargaí domhanda mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá ardú an-mhór tagtha ar phraghsanna grán.

Chuidigh na lánaí dlúthpháirtíochta (bealaí a chruthaigh an tAontas chun cabhrú leis an Úcráin a táirgí talmhaíochta a onnmhairiú) agus Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe araon go háirithe le praghsanna a laghdú.

Leagan téacs

Líne-chairt ina léirítear an t-athrú atá tagtha ar phraghsanna cruithneachta agus gráin idir mí Eanáir 2021 agus mí Lúnasa 2023, bunaithe ar innéacsanna na Comhairle Idirnáisiúnta Grán. Tháinig fás mór ar phraghsanna thart ar dháta ionradh na Rúise ar an Úcráin agus d’fhan siad ar ardleibhéil go dtí mí na Bealtaine 2022. Ag deireadh mhí na Bealtaine, bunaíodh lánaí dlúthpháirtíochta agus is ansin a thosaigh na praghsanna ag titim. I mí Iúil 2022, seoladh Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe. Thosaigh praghsanna ag ardú de bheagán i Meán Fómhair agus i nDeireadh Fómhair 2022, ach thit siad arís i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2022. Ó shin i leith, tá praghsanna ag laghdú de réir a chéile, le roinnt luaineachtaí. Ach nuair a d’fhógair an Rúis i mí Iúil 2023 gur tharraing sí siar ón tionscnamh, tháinig méadú ar phraghsanna arís. Tá éiginnteacht fós ann maidir le praghsanna.

Tá sé fós ríthábhachtach an sreabhadh gráin ón Úcráin a choinneáil chun an tslándáil bia ar fud an domhain a chinntiú.