Ráthaíocht Eorpach do Leanaí: an chaoi a gcosnaíonn an tAontas leanaí
Ráthaíocht Eorpach do Leanaí: an chaoi a gcosnaíonn an tAontas leanaí
Is mian leis an Aontas timthriall na bochtaineachta agus an mhíbhuntáiste ó ghlúin go glúin a bhriseadh ionas go mbeidh rath ar gach leanbh sa saol.
Tacú le leanaí atá i ngátar
Tugann an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí treoir agus uirlisí do thíortha an Aontais lena chinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh san Eoraip atá i mbaol bochtaineachta ar sheirbhísí riachtanacha.
Tá 1 as gach 5 leanbh (faoi bhun 18) san Aontas ina gcónaí i dteaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta.
Tá beagnach 18 milliún leanbh i ngátar.
Leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta
(% den daonra is óige ná 18 mbliana d’aois, 2019)
Foinse sonraí: Eurostat, 2019
Chun leanaí a chosaint, ba cheart do thíortha an Aontais rochtain a ráthú do gach leanbh i ngátar ar:
- oideachas agus cúram luath-óige saor in aisce
- oideachas saor in aisce
- cúram sláinte saor in aisce
- béile sláintiúil amháin ar a laghad gach lá scoile saor in aisce
Ba cheart rochtain a bheith ag leanaí ar:
- cothú sláintiúil
- tithíocht leordhóthanach
An timthriall a bhriseadh
Bíonn tionchar ag an míbhuntáiste agus an t-eisiamh ag aois óg ar chumas leanaí a bheith rathúil ina dhiaidh sin. Chun todhchaí níos cothroime a chinntiú do gach leanbh, tá sé ríthábhachtach timthriall na bochtaineachta agus an mhíbhuntáiste ó ghlúin go glúin a bhriseadh.
- Fásann leanaí aníos i mbochtaineacht agus in eisiamh sóisialta
- Eascraíonn míbhuntáistí as sin san oideachas, san fhorbairt agus i scileanna
- D’fhéadfaidís an scoil a fhágáil go luath nó a bheith ag streachailt chun post a fháil
- Dífhostaíocht fhadtéarmach nó poist ar phá íseal a bhíonn i ndán dóibh
- Dá bharr sin, fanann siad féin agus a dteaghlaigh sa bhochtaineacht agus san eisiamh
Tacaíocht spriocdhírithe: difear a dhéanamh i saol gach linbh
Ba cheart do thíortha an Aontais pleananna spriocdhírithe gníomhaíochta náisiúnta um ráthú leanaí a bhunú.
Agus leanaí atá i ngátar á sainaithint acu, ba cheart dóibh na riachtanais seo a leanas go háirithe a chur san áireamh:
- leanaí gan dídean
- leanaí faoi mhíchumas nó a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu
- leanaí de bhunadh imirceach nó mionlach eitneach (go háirithe Romaigh)
- leanaí i gcúram malartach (go háirithe cúram institiúideach)
- leanaí i staideanna teaghlaigh éiginnte
Infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí leanaí
Chun nach bhfágfar aon leanbh ar lár, ba cheart do thíortha an Aontais:
- acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ó chistí náisiúnta agus ó chistí Aontais, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
- leas a bhaint as REACT-EU, InvestEU agus as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcás inarb iomchuí
I gcás na dtíortha is mó atá thíos leis: 5% ar a laghad de bhuiséid Chiste Sóisialta na hEorpa Plus a fhorchoimeád chun bochtaineacht agus eisiamh sóisialta leanaí a chomhrac
Rannchuidiú le spriocanna sóisialta an Aontais
Colún Eorpach na gCeart Sóisialta
Prionsabal 11: Cúram leanaí agus tacaíocht do leanaí
Tá sé de cheart ag leanaí oideachas agus cúram luath-óige inacmhainne ar ardchaighdeán a fháil.
Tá sé de cheart ag leanaí cosaint a fháil ar an mbochtaineacht. Tá sé de cheart ag leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste bearta sonracha a fháil chun comhdheiseanna a fheabhsú.
Sprioc an Aontais
Laghdú na bochtaineachta
Ar a laghad 15 mhilliún duine níos lú i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta faoi 2030 agus, ina measc sin, ar a laghad 5 mhilliún leanbh níos lú.
Straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh
Ba cheart go mbeadh na cearta céanna ag gach leanbh san Eoraip agus ar fud an domhain agus go mbeadh siad saor ó idirdhealú agus ó imeaglú de chineál ar bith.
Tá an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí ina dlúthchuid de straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh.