Ciste Réitigh Aonair
Is ciste éigeandála é an ciste réitigh aonair is féidir a úsáid le linn géarchéime. Is é is aidhm don chiste cosc a chur ar bhainc cliseadh tar éis do roghanna eile a bheith ídithe.
Is í an earnáil baincéireachta féin atá ag maoiniú an chiste. Ní mór do gach banc ó na 21 tír atá ina mbaill d’aontas baincéireachta an Aontais Eorpaigh táille bhliantúil (ar a dtugtar ranníocaíochtaí) a íoc leis an gciste. Tá an tsuim atá le híoc ag banc aonair bunaithe ar mhéid agus ar riosca.
Bhí an ciste á fhorbairt thar thréimhse 8 mbliana, ag tosú in 2016 agus ag críochnú in 2023. Rinneadh an ciste sin a fhorbairt trí ranníocaíochtaí a bailíodh ar an leibhéal náisiúnta a chomhthiomsú.
Ciste Réitigh Aonair: tógáil thar 8 mbliana
Cistí ar fáil do na céimeanna tosaigh i réiteach banc
- B1 (2016): An chuid atá ar fáil ón rannán dílis náisiúnta: 100%. An chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile: 40%.
- B2 (2017): An chuid atá ar fáil ón rannán dílis náisiúnta: 60%. An chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile: 60%.
- B3 (2018): An chuid atá ar fáil ón rannán dílis náisiúnta: 40%. An chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile: 67%.
- B4 (2019): An chuid atá ar fáil ón rannán dílis náisiúnta: 33%. An chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile: 73%.
- B5 (2020): An chuid atá ar fáil ón rannán dílis náisiúnta: 27%. An chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile: 80%.
- B6 (2021): An chuid atá ar fáil ón rannán dílis náisiúnta: 20%. An chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile: 87%.
- B7 (2022): An chuid atá ar fáil ón rannán dílis náisiúnta: 13%. An chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile: 93%.
- B8 (2023): An chuid atá ar fáil ón rannán dílis náisiúnta: 7%. An chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile: 100%.
- B9 (2024): An chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile: 100%.
Úsáid an chiste réitigh - 4 chéim
Úsáidtear Bliain 4 (2019) mar shampla.
- Céim 1: Is é 33% an chuid ón rannán dílis náisiúnta. Níl na rannáin náisiúnta uile eile ar fáil go fóill.
- Céim 2: Is é 73% an chuid ó na rannáin náisiúnta uile, rannán dílis an bhainc aonair san áireamh.
- Céim 3: An chuid atá fágtha ón rannán dílis náisiúnta.
- Céim 4: Tá an chuid atá ar fáil ó na rannáin náisiúnta uile ar fáil le haistriú idir rannáin.