Geilleagar ardán an Aontais
Tá geilleagar ardán an Aontais ag fás go tapa. Ó €3 bhilliún measta in 2016 tá ioncam €14 bhilliún bainte amach aige in 2020.
Tá os cionn 500 ardán saothair digiteach ag feidhmiú san Aontas anois, rud a éascaíonn rochtain ar sheirbhísí do chustaiméirí agus a chruthaíonn deiseanna do ghnólachtaí agus do dhaoine.
Cé gur san Eoraip a cruthaíodh an chuid is mó de na hardáin atá ag feidhmiú san Aontas, bíonn siad in iomaíocht le hardáin idirnáisiúnta, atá bunaithe go príomha i Meiriceá Thuaidh.
Geilleagar oibre ardáin an Aontais go hachomair
Tá ról tábhachtach ag na hardáin saothair dhigiteacha i ngeilleagar an Aontais. Tá siad i láthair i ngach Ballstát, cuireann siad foinse ioncaim ar fáil do bhreis is 28 milliún duine, agus tá an-éileamh tagtha orthu mar shlí chun freastal ar riachtanais an tomhaltóra.
Fás faoi chúig le 4 bliana anuas
Tá méadú tagtha ar ioncaim ó obair ardáin dhigitigh le cúpla bliain anuas, ó €3.4 billiún in 2016 go €14 bhilliún in 2020.
Tagann 75% den ioncam ó ardáin tacsaí agus ó ardáin seachadta bia — earnálacha a ndearna paindéim COVID-19 difear dóibh (tháinig laghdú 35% ar sheirbhísí tacsaithe agus tháinig méadú 125% ar sheachadadh bia).
Léargas ar na hardáin dhigiteacha san Aontas
Faoi láthair, tá breis agus 500 ardán saothair digiteach atá gníomhach.
Áit tionscnaimh na n-ardán digiteach atá gníomhach san Aontas:
- An tAontas: 77%
- Meiriceá Thuaidh: 12%
- An chuid eile den Eoraip: 8%
- An Áise: 2%
- An Aigéine: 1%
Tuilleamh na ndaoine atá ag obair trí na hardáin san Aontas, de réir áit tionscnaimh an ardáin dhigitigh:
- An Aontas: 51% Na cúig cinn is airde:
- An Ghearmáin: €1 bhilliún
- An Fhrainc: €0.7 billiún
- An Ísiltír: €0.4 billiún
- An Spáinn: €0.4 billiún
- An Eastóin: €0.2 billiún
- Meiriceá Thuaidh: 42%
- An chuid eile den Eoraip: 5%
- An Áise: 1%
- An Aigéine: 1%
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025