Léargas ar oibrithe ar ardáin dhigiteacha san Aontas
Bealach measartha nua oibre é an obair ardáin digiteach ina ndéanann ardán ar líne, mar shampla suíomh gréasáin nó aip, iarraidh ar sheirbhís ó chliant agus obair ar íocaíocht atá á soláthar ag duine aonair a mheaitseáil.
Is é is aidhm don treoir nua cabhrú le feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a oibríonn trí na hardáin dhigiteacha, ach na deiseanna agus na tairbhí a ghabhann le geilleagar na n-ardán a chaomhnú.
An 13 Nollaig 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an treoir atá beartaithe.
Leis na rialacha nua, tugtar aghaidh ar chásanna mí-aicmithe oibrithe ardáin agus éascaítear an bealach chun na hoibrithe sin a athaicmiú mar fhostaithe, rud a ráthaíonn rochtain níos éasca ar a gcearta mar fhostaithe faoi dhlí an Aontais. San áireamh sa chomhaontú freisin, tá forálacha lena dtabharfar cosaint níos fearr do shonraí pearsanta oibrithe ardáin agus lena méadófar trédhearcacht maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear córais algartaim chun cinntí a dhéanamh san ionad oibre.
I mí Dheireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle rialacha nua arb é is aidhm dóibh dálaí oibre a fheabhsú do bhreis agus 28 milliún duine atá ag obair ar ardáin saothair dhigiteacha ar fud an Aontais.
Na cúig phríomhcheist maidir le hoibrithe ardáin san Aontas
1. Cad é a ról sa gheilleagar ardán?
Déanann daoine a oibríonn trí ardáin saothair dhigitigh cúraimí do chustaiméirí mar mhalairt ar airgead. Meaitseálann na hardáin dhigiteacha le chéile iad agus eagraíonn siad an obair.
Custaiméir — meaitseáil algartamach trí ardán saothair dhigitigh — duine a oibríonn trí ardán digiteach
2. Cé mhéid acu atá ann?
Lucht saothair suntasach san Aontas is ea na hoibrithe ardáin (28.3 milliún in 2022), cosúil le líon na ndaoine atá fostaithe sa mhonaraíocht (29 milliún).
Meastar go dtiocfaidh méadú gasta ar an bhfigiúr sin agus go sroichfidh sé 43 mhilliún in 2025, méadú 52% laistigh de thrí bliana.
3. Cad é an phróifíl thipiciúil?
- is dócha gur fir óga iad
- bíonn cáilíocht iar-mheánscoile ag a bhformhór
- go ginearálta is í an obair ardáin an dara foinse ioncaim acu, chomh maith lena ngnáthobair
4. Cén cineál tascanna a dhéanann siad agus cé dóibh a ndéanann siad iad?
Tuilleamh na ndaoine a oibríonn trí ardáin de réir chineál na seirbhíse a chuirtear ar fáil:
- tacsaí: 39%
- seachadadh ( seachadadh bia, seirbhísí aistrithe, bailiúcháin ón siopa grósaera): 24%
- seirbhísí baile (glanadh, ceardaíocht): 19%
- seirbhísí gairmiúla (cuntasaíocht): 7%
- féinfhostú (dearadh grafach, eagarthóireacht grianghraf): 6%
- obair tí (cúram leanaí, cúram sláinte): 3%
- micreachúraimí (aicmiú réada, clibeáil): 2%
Cuirtear gach seirbhís ar fáil trí ardáin shuíomhbhunaithe, seachas féinfhostú agus micreachúraimí, a dhéantar trí ardáin ghréasáin ar líne.
Tá an chuid is mó díobh ró-cháilithe don obair a dhéanann siad. As na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd na hardáin saothair dhigitigh tá scileanna ísle ag teastáil i gcás 70% díobh, scileanna meán-íseal nó meán i gcás 20%, ardscileanna i gcás 6% agus meascán de gach leibhéal scile i gcás 4%.
Cuirtear tromlach na seirbhísí (83%) ar fáil do chliaint aonair. Cuirtear an chuid eile (17%) ar fáil do ghnólachtaí nó do chumasc de dhaoine aonair agus gnólachtaí.
5. An fostaithe nó oibrithe féinfhostaithe iad?
Tá stádas ceart fostaíochta ríthábhachtach d’oibrithe ardáin chun a chinntiú go mbeidh na cearta saothair a bhfuil siad ina dteideal acu.
Tuilleann 55% acu níos lú ná an glanphá íosta in aghaidh na huaire sa tír ina n-oibríonn siad, i gcás inarb ann dó.
Is am gan phá é 41% den am a thugann siad d’obair ardáin (e.g. taighde ar thascanna, feitheamh ar obair, athbhreithniú fógraí, etc.).
Níl oibrithe a aicmítear go mícheart mar oibrithe féinfhostaithe i dteideal na gceart agus na gcosaintí céanna a bhíonn ag daoine fostaithe.
I measc na 28.3 milliún a oibríonn trí ardáin, tá 7% (2 mhilliún) fostaithe agus tá 93% (26.3 milliún) féinfhostaithe. I measc na n-oibrithe féinfhostaithe, is dócha go bhfuil 19% díobh aicmithe go mícheart (thart ar 5 mhilliún).
Foinsí:
- Measúnú tionchair maidir le feabhas ar chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin, an 10 Nollaig 2021)
- Staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair ar thionscnamh an Aontais maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre le haghaidh obair ardáin (An Coimisiún Eorpach)
- Ardáin saothair dhigitigh san Aontas Eorpach (Staidéar don Choimisiún Eorpach ón Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa)
- Eurostat (daoine atá fostaithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, 2020)
Faisnéis chúlra:
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025