Aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta a bheith á scaipeadh ar líne
I ngeall ar theicneolaíochtaí digiteacha, tá sé níos éasca do sceimhlitheoirí cumarsáid a dhéanamh thar theorainneacha agus tá méadú tagtha ar bholscaireacht na sceimhlitheoireachta agus ar scaipeadh an antoisceachais.
Baineann sceimhlitheoirí úsáid as na meáin shóisialta agus as an ngréasán dorcha chun radacú, earcú, gríosú chun foréigin a dhéanamh agus chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a éascú.
Chun cur i gcoinne sceimhlitheoirí a bhaineanna mí-úsáid as an idirlíon, ghlac an tAontas i mí Aibreáin 2021 rialachán maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne. Tiocfaidh rialacha nua i bhfeidhm ón 7 Meitheamh 2022 ar aghaidh.
Rialacha an Aontais chun ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a chomhrac
Conas a oibríonn na rialacha nua?
- Ainmneoidh tíortha an Aontais údaráis náisiúnta ainmnithe
- Eiseoidh na húdaráis orduithe chun an t-ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas
- Beidh 1 uair an chloig ag na hardáin idirlín chun an t-ábhar a bhaint anuas
I gcás sáruithe córasacha, ní mór d’ardáin idirlín pionóis suas le 4% dá láimhdeachas a íoc:
Cad é ábhar sceimhlitheoireachta ar líne?
Téacs, íomhánna, gearrthóga fuaime nó físeáin a úsáidtear chun:
- gníomhartha sceimhlitheoireachta a spreagadh
- treoracha a thabhairt maidir le cionta a dhéanamh
- iarraidh a bheith rannpháirteach i ngrúpaí sceimhlitheoireachta
Cén fáth a bhfuil gá le rialacha an Aontais?
Chun cosc a chur ar sceimhlitheoirí an t-idirlíon a úsáid chun:
- bolscaireacht a spré
- foghlaim mar ar féidir pléascáin a dhéanamh
- sceimhlitheoireacht aonair a spreagadh
- a ngníomhaíochtaí a phoibliú nó a bheo-shruthú
An le cuideachtaí an Aontais amháin is infheidhme na rialacha?
Ní hea baineann na rialacha leis na soláthraithe go léir a bhfuil seirbhísí á dtairiscint acu san Aontas, bíodh a gceanncheathrú sna Ballstáit nó i dtír eile.
- Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht (eolas cúlra)
- Bearta de chuid an Aontais chun an radacú a chosc (eolas cúlra)
- Obair an Aontais chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht (scéal digiteach)
- Rialacháin maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne <em>(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)</em>
An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Deireadh Fómhair 2025