Skip to content

Bearta de chuid an Aontais chun an radacú a chosc

Cé gur ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht aghaidh a thabhairt ar an sceimhlitheoireacht, tá roinnt uirlisí forbartha ag an Aontas chun an radacú a chosc.

Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair le chéile chun an radacú san Eoraip a chosc. Cé nach feiniméan nua é an radacú is bagairt é atá ag éirí níos tromchúisí le blianta beaga anuas, go háirithe mar gheall ar fhorbairt teicneolaíochtaí nua agus ar an ardú atá ag teacht ar úsáid an idirlín agus na meán sóisialta.

Cé mar a chuireann an tAontas i gcoinne na bolscaireachta sceimhlitheoireachta

Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair le chéile chun an radacú san Eoraip a chosc. Cé nach feiniméan nua é an radacú is bagairt é atá ag éirí níos tromchúisí le blianta beaga anuas, go háirithe mar gheall ar fhorbairt teicneolaíochtaí nua agus ar an ardú atá ag teacht ar úsáid an idirlín agus na meán sóisialta.

An 29 Aibreán 2021, ghlac an tAontas rialachán maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne.

Tá sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit orduithe baint anuas a eisiúint chuig na soláthraithe seirbhíse lena gceanglaítear orthu ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú i ngach aon Bhallstát. Ina dhiaidh sin, bíonn ar na soláthraithe seirbhíse an t-ábhar a bhaint anuas nó an rochtain air a dhíchumasú laistigh d’uair an chloig.

Baineann na rialacha leis na soláthraithe seirbhíse óstála go léir a bhfuil seirbhísí á dtairiscint acu san Aontas, bíodh a bpríomháit ghnó sna Ballstáit nó i dtír eile.

Ní mór do sholáthraithe seirbhíse óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta bearta sonracha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a n-ardán, agus chun a gcuid seirbhísí a chosaint ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta. Is faoin soláthraí seirbhíse óstála atá sé an cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a roghnú.

Leis an rialachán nua, dírítear ar ábhar amhail téacsanna, íomhánna, taifeadtaí fuaime, físeáin, nó tarchuir bheo ina ndéantar an méid seo a leanas:

  • gníomhartha sceimhlitheoireachta a spreagadh nó rannchuidiú leo
  • treoracha a thabhairt maidir le cionta a dhéanamh
  • daoine a mhealladh le dul le grúpaí sceimhlitheoireachta

Tugtar sainmhíniú ar ábhar sceimhlitheoireachta sa reachtaíocht freisin agus leagtar amach go soiléir a raon feidhme chun a chinntiú go dtabharfar lánurraim do na cearta bunúsacha. Cuirtear san áireamh leis sin leigheasanna éifeachtacha do sholáthraithe ábhair agus do sholáthraithe seirbhíse ar baineadh anuas a n-ábhar gearán a dhéanamh.

Beidh na rialacha nua i bhfeidhm ón 7 Meitheamh 2022.

In 2015, chruthaigh Europol aonad speisialta chun dul i ngleic leis an mbolscaireacht sceimhlitheoireachta ar an idirlíon. Tá sé d’aidhm ag Aonad Atreorúcháin ar Líne an Aontais ábhar sceimhlitheoireachta agus ábhar antoisceach foréigneach ar líne a bhrath agus a imscrúdú agus tacú leis na Ballstáit maidir leis sin.

Grafaic faisnéise maidir leis na rialacha nua i dtaobh aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne
Aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta a bheith á scaipeadh ar líne (Grafaic faisnéise)

Aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta a bheith á scaipeadh ar líne (Grafaic faisnéise)

In 2015, sheol an tAontas Eorpach an Líonra um Fheasacht ar an Radacú (RAN). Is líonra é RAN ina bhfuil os cionn 6 000 cleachtóir túslíne ó gach cearn den Eoraip, amhail múinteoirí, póilíní agus foireann príosúin a chuireann malartú dea-chleachtas chun cinn. I measc nithe eile, tá sé mar aidhm acu feabhas a chur ar thuiscint an phobail ar an gcúis a bhíonn ag daoine thar a chéile a bheith i mbaol radacaithe, agus ar na bearta is féidir a dhéanamh chun na daoine sin a chosaint.

Ó 2015 i leith, tá Fóram Idirlín an Aontais tar éis na Ballstáit, ardáin ar líne, Europol, an saol acadúil agus comhpháirtithe idirnáisiúnta a thabhairt le chéile. Is fóram é an t-ardán chun faisnéis a mhalartú maidir leis an treocht agus an éabhlóid a ghabhann leis an úsáid atá á bhaint ag sceimhlitheoirí as an idirlíon. Ina theannta sin, ó 2019 i leith, tá an fóram ag gleic na mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne.

An radacú san Eoraip

A bhformhór siúd a rinne na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla san Eoraip le blianta beaga anuas, is saoránaigh de chuid na hEorpa iad, a rugadh san Eoraip agus a chuaigh leis an radacú gan cos a leagan lasmuigh dá dtír dhúchais féin.

Is iomaí cúis leis an radacú, lena n-áirítear tuairimí polaitiúla nó reiligiúnacha, idé-eolaíochtaí, agus claontacht i gcoinne grúpaí áirithe. Is cúis mhór imní i gcónaí é radacú na ndaoine óga.

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí radacú ar dhaoine ar bhealaí éagsúla: ag baill teaghlaigh nó cairde, trí theagmháil dhíreach le grúpaí antoisceacha nó tríd an idirlíon.

I ngeall ar theicneolaíochtaí cumarsáide ar líne, tá sé níos éasca do sceimhlitheoirí cumarsáid a dhéanamh thar theorainneacha agus tá méadú tagtha ar bholscaireacht na sceimhlitheoireachta agus ar scaipeadh an antoisceachais. Baineann sceimhlitheoirí úsáid as na meáin shóisialta agus as an ngréasán dorcha chun radacú, earcú, gríosú chun foréigin a dhéanamh agus chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a éascú.

Le blianta beaga anuas, baineadh úsáid fhorleathan as feidhmchláir a bhaineann le teachtaireachtaí criptithe, amhail WhatsApp nó Telegram, chun bolscaireacht sceimhlitheoireachta a scaipeadh agus chun ionsaithe a chomhordú agus a phleanáil.

Cé gur sna príosúin fós is mó a chothaítear an radacú, tá grúpaí antoisceacha ann atá ag earcú as scoileanna, ollscoileanna agus as ionaid adhartha, amhail moscanna.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun an sceimhlitheoireacht a ghleic?

Caith do shúil ar an aistear le scór bliain anuas, féach mar a bhíonn tíortha an Aontais ag comhoibriú níos dlúithe ná riamh maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, idir sceimhlitheoirí a chosc ó airm a cheannach nó buamaí a thógáil, agus iarracht a dhéanamh an radacú a chomhrac ar an gcéad dul síos.

Léirítear san íomhá cruinneog atá breac le deilbhíní eolais atá nasctha le línte poncanna. San íomhá, feicfidh tú trí lámh agus gloine formhéadúcháin i ngach aon cheann acu; díríonn ceann de na gloiní ar phas, ceann eile ar nótaí bainc agus an tríú ceann ar mhéarlorg. Spéir scamallach is ea an cúlra.

An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Meitheamh 2022