Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 10/10/2016, 10 Deireadh Fómhair 2016

Na príomhthorthaí

Iascach 

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt do 2017.

Tar éis caibidlíochta a mhair an lá ar fad, tháinig na hairí ar chomhaontú d’aon toil maidir leis an uasmhéid éisc a cheadófar d’iascairí an Aontais a ghabháil an bhliain seo chugainn as an deich bpríomhchinn de stoic thráchtála i Muir Bhailt, méid dá ngairtear an “Ghabháil Iomlán is Incheadaithe” (TAC) freisin.

Leis na méideanna a comhaontaíodh inniu, tugtar aird ar an tiomantas do chuspóirí an chomhbheartais iascaigh, lena n-áirítear an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach, prionsabail an phlean bainistíochta ilbhliantúil do Mhuir Bhailt agus comhairle eolaíoch, go háirithe an chomhairle a thugann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES).

Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin maidir leis na comhairliúcháin bhliantúla idir an tAontas agus an Iorua faoi chuimsiú an chomhaontaithe dhéthaobhaigh atá acu maidir le hiascaigh. Sna príomhúdair imní a chuir na Ballstáit in iúl, cumhdaíodh na socruithe bainistíochta do na stoic éisc a ndéantar bainistiú comhpháirteach orthu agus malartú deiseanna iascaireachta cómhalartacha in uiscí an Aontais agus in uiscí na hIorua.

Talmhaíocht

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán Omnibus. Tá an rialachán seo mar chuid den phacáiste athbhreithnithe ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus is é is aidhm dó, i measc cuspóirí eile, an Comhbheartas Talmhaíochta a shimpliú tuilleadh, agus ag an am céanna prionsabal na coimhdeachta agus gnéithe solúbthachta a neartú.

Ábhair eile ar an gclár oibre 

Phléigh na hairí roinnt saincheisteanna eile, lena n-áirítear staid an mhargaidh agus bearta tacaíochta, imní maidir le hearnáil an tsiúcra agus na muiceola, agus glasú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) agus an nasc idir leas ainmhithe agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais.

“Toradh sármhaith atá i gcomhaontú an lae inniu, don chomhshaol agus d’iascairí i Muir Bhailt araon. Níorbh aon ribín réidh é ach d’éirigh linn cothromaíocht a bhaint amach idir inbhuanaitheacht ár n-acmhainní muirí agus riachtanais na hearnála iascaigh sna tíortha lena mbaineann, agus an plean ilbhliantúil nua do Mhuir Bhailt á chomhlíonadh go hiomlán.”

Gabriela Matečná, Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na Slóvaice

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025