- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 23 Eanáir 2017
Príomhthorthaí
Rinne an Uachtaránacht a clár oibre agus a cuid tosaíochtaí i réimsí na talmhaíochta agus an iascaigh a chur i láthair. Is é an príomhthosaíocht a bheidh ann sa talmhaíocht faireachán a dhéanamh ar staid na margaí agus ar an gcaibidlíocht trádála atá ar bun faoi láthair, chomh maith le dul chun cinn a dhéanamh i gcomhaid amhail táirgeadh orgánach, foraoisí, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus cógais tréidliachta. I gcúrsaí iascaigh, rachaidh an Uachtaránacht i mbun oibre chun go nglacfar roinnt príomhthéacsanna reachtacha éagsúla, lena n-áirítear pleananna ilbhliantúla, cabhlaigh iascaireachta sheachtracha agus bearta teicniúla.
Beidh an deis againn ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh ag na hairí talmhaíochta i Málta plé a dhéanamh ar chuid de na príomhdhúshláin atá os ár gcomhair, amhail an talmhaíocht a oiriúnú don athrú aeráide agus bainistiú éifeachtach uisce.
Roderick Galdes, Rúnaí Parlaiminte Mhálta don Talmhaíocht agus Uachtarán na Comhairle
Staid an mhargaidh
Tugadh an Chomhairle cothrom le dáta maidir lena bhfuil tite amach le déanaí sna príomh-mhargaí talmhaíochta agus phléigh sí torthaí an dara tuarascáil ar chur chun feidhme an phacáiste Bainne, mar a thugtar air, chomh maith le torthaí fhóram an Aontais maidir le caoireoil.
Tá téarnamh ag teacht ar na margaí de réir a chéile, ach is léir go bhfuil deacrachtaí fós ag roinnt feirmeoirí. Tá súil ghéar á coimeád againn ar an staid, agus déanfaimid gníomh breise más gá sin.
Roderick Galdes, Rúnaí Parlaiminte Mhálta don Talmhaíocht agus Uachtarán na Comhairle
Sa díospóireacht ina dhiaidh sin, d’aithin na hairí go ndearnadh dul chun cinn go pointe áirithe, ach bhí imní orthu faoin leibhéal luaineachta a bhí ann i gcónaí i roinnt earnálacha agus deighleoga éagsúla sa mhargadh, go háirithe maidir le déiríocht, mairteoil agus éanlaith chlóis. Bhí an Chomhairle dearfach freisin faoi chur chun feidhme an phacáiste Bainne agus faoi fhadú an phacáiste sin tar éis 2020.
Saincheisteanna trádála idirnáisiúnta
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht trádála atá ar siúl faoi láthair atá ábhartha maidir leis an talmhaíocht agus mhalartaigh sí tuairimí faoin staidéar eacnamaíoch a rinne an Coimisiún maidir leis an tionchar carnach ar earnáil talmhaíochta an Aontais atá ag comhaontuithe saorthrádála (CSTanna).
Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá an trádáil don talmhaíocht agus ar na sochair eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le CSTanna. Thug siad rabhadh freisin, áfach, faoi chomhaontuithe neamhchothromaithe, agus bhí imní acu faoi chomhaontuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh le hiomaitheoirí díreacha. D’iarr siad ar an gCoimisiún aird iomlán a thabhairt ar íogaireachtaí earnálacha sonracha sa chaibidlíocht.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin staid mar atá i ndáil le hiarmhairtí an fhliú éanúil, faoi eisceachtaí ó na rialacha maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint i gcás fíonta, agus faoin toradh a bhí ar an 40ú comhdháil de chuid stiúrthóirí gníomhaireachtaí íocaíochta náisiúnta.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach - an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 23 Eanáir 2017
- An clár oibre sealadach, an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 23 Eanáir 2017
- Liosta de mhíreanna A, plé ar théacsanna reachtacha, an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 23 Eanáir 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 23 Eanáir 2017
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Miruna Georgescu Press officer
- +32 471 33 53 34
- +32 2 281 47 70
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025