Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 06/03/2017, 6 Márta 2017

Na príomhthorthaí

Todhchaí CBT

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le todhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT).

Roinn na hairí smaointe go háirithe maidir leis an gcaoi a bhféadfar na tosaíochtaí a bheidh in CBT sa todhchaí, a sainaithníodh sa pháipéar ón Uachtaránacht, a bhaint amach agus cibé acu ar cheart go mbeadh athchothromú ar thacaíocht dhíreach agus ar fhorbairt tuaithe ann.

Cuireadh béim láidir i gcoitinne ar an simpliú mar thosaíocht ar an iomlán i gcás beartas a bheidh ann amach anseo d’fhonn teacht i dtír go hiomlán ar acmhainneacht eacnamaíoch cheantair feirmeoireachta agus tuaithe an Aontais. Cuireadh na saincheisteanna eile seo a leanas in iúl mar thosaíochtaí: athléimneacht a chothú, freagairt do dhúshláin an chomhshaoil, infheistiú in inmharthanacht agus beogacht na tuaithe, athnuachan glúine a áirithiú,treocht an mhargaidh a choinneáil agus seasamh feirmeoirí a neartú sa bhiashlabhra.

Bhí roinnt toscaireachtaí i bhfabhar níos mó béime a chur amach anseo ar an bhforbairt tuaithe d’fhonn infheistiú in inmharthanacht agus beogacht na tuaithe, cé gur thug toscaireachtaí eile rabhadh i gcoinne laghdú ar thacaíocht dhíreach d’fheirmeoirí.

Tá dúshláin mhóra amach roimh earnáil feirmeoireachta AE. Tá deis againn mar pholaiteoirí fís a leagan amach don todhchaí. Ba cheart dúinn feabhas a chur ar ár mbeartais i gcónaí chun go leanfaidh talmhaíocht an Aontais agus limistéir thuaithe de bheith faoi bhláth agus chun fás, fostaíocht agus leas a chruthú.

Roderick Galdes, Rúnaí Parlaiminte Mhálta don Talmhaíocht agus Uachtarán na Comhairle

 

Plean ilbhliantúil do speicis ghrinnill sa Mhuir Aidriad

Chuir an Coimisiún a thogra faoi bhráid na Comhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic pheiligeacha bheaga i Muir Aidriad, an chéad phlean ilbhliantúil le haghaidh na Meánmhara.

Tá sé d’aidhm aige stoic amhail sairdíní, ainseabhaithe, bolmáin agus ronnaigh a aisghabháil, agus féachaint chuige go ndéanfar na stoic sin a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe, agus a áirithiú go mbeidh an creat bainistíochta níos simplí agus níos cuimsithí.

Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an t-idirphlé ar an iomlán ach léiríodh roinnt imní faoin tionchar socheacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann i leith iascaigh ar mhionscála agus faoi shaincheisteanna praiticiúla a d’fhéadfadh a bheith i ndáil le hiascach casta na Meánmhara. D’iarr siad freisin go mbeadh bearta agus rialuithe comhréireach chun nach gcuirfidís bac ar an earnáil iascaireachta sa limistéar.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Cuireadh na hAirí ar an eolas faoi bhunú ardán AE le haghaidh leas ainmhithe, faoi staid imeartha iarmhairtí ghalar an chraicinn chnapánaigh, faoin tsaincheist a bhaineann le cáilíocht dhúbailte bia-ábhar, faoi chleachtais éagóracha trádála sa bhiashlabhra, faoi fheidhmiú cór dlúthpháirtíochta AE, faoin staid achrannach margaidh in earnáil torthaí na Polainne,, agus faoi thacaíocht chúpláilte dheonach.

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin i ndáil le roinnt imeachtaí a bhí ann le déanaí nó a bheidh ann go luath amhail: comhdháil na n-airí talmhaíochta G20(Beirlín, Eanáir 2017), an fóram maidir leis an earnáil ríse AE (Milano, Feabhra 2017), an chomhdháil Ár nAigéin 2017 (Málta, Deireadh Fómhair 2017).

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025