Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 16/07/2018, 16 Iúil 2018

Na príomhthorthaí

Chuir an uachtaránacht a clár oibre agus a cuid tosaíochtaí i réimse na talmhaíochta agus an iascaigh i láthair, lena mbeifear ag díriú ar an tslándáil bia agus beogacht na gceantar tuaithe.

I réimse na talmhaíochta, is iad na tosaíochtaí a bheidh ag Uachtaránacht na hOstaire an oiread dul chun cinn agus is féidir a dhéanamh i gcaibidlíocht an togra le haghaidh nuachóiriú agus simpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020, agus feabhas a chur ar staid na dtáirgeoirí talmhaíochta i gcomhthéacs an togra ón gCoimisiún maidir le cleachtais éagóracha trádála. I measc na dtosaíochtaí eile tá: sláinte plandaí, an straitéis i ndáil le próitéiní glasraí, an bithgheilleagar, ábhair tréidliachta agus fíteashláintíochta, chomh maith leis an bhforaoiseacht.

Maidir le hiascach, stiúrfaidh an uachtaránacht an chaibidlíocht faoi theorainneacha gabhála 2019 sna himchuacha farraige is tábhachtaí, agus leanfar den obair maidir leis an togra faoi phleananna ilbhliantúla don Mheánmhuir Thiar agus d’Uiscí an Iarthair, agus an leasú atá á bheartú ar na rialuithe oifigiúla agus an togra don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis 2020.

Pacáiste um athchóiriú CBT tar éis 2020

"Ba cheart gur ar obair feirmeoireachta a chaithfeadh feirmeoirí a gcuid dua, seachas a bheith ag líonadh foirmeacha nó ag iarraidh ciall a bhaint as rialacha gan stuaim. Ba mhaith an rud é dá mbeadh CBT amach anseo soláimhsithe don úsáideoir agus teacht éasca ag gach feirmeoir air, beag beann ar mhéid a bhfeirmeacha” arsa Juliane Bogner-Strauss, Aire Cónaidhme na hOstaire do mhná, do theaghlaigh agus don óige, atá mar uachtarán ar an gComhairle. Tá sí ag feidhmiú in ionad aire cónaidhme na hOstaire don inbhuanaitheacht agus don turasóireacht, Elisabeth Köstinger, a bheidh ag filleadh san fhómhar óna saoire mháithreachais.

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le heilimintí an tsimpliúcháin agus na coimhdeachta sna tograí ón gCoimisiún chun athchóiriú a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta tar éis 2020. Tosaíodh an plé le cur i láthair ón gCoimisiún inar léiríodh an dul chun cinn a bheadh i gceist leis na tograí le haghaidh athchóiriú ó thaobh riachtanais agus sainiúlachtaí na mBallstát agus na dtairbhithe a chur i gcroílár an CBT. Le linn na díospóireachta, phléigh na hairí smaointe nithiúla faoin gcaoi a bhféadfaí an saol a éascú d'fheirmeoirí agus do na húdaráis náisiúnta.

I ndáil leis sin, bhí sé de dheis ag an gComhairle eolas a fháil freisin faoi choinníollacht íocaíochtaí CBT agus na hiarrataí ó roinnt Ballstát go ndéanfaí na rialacha atá ceaptha chun an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac a shimpliú freisin amach anseo.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Cuireadh na hairí ar an eolas faoin méid seo a leanas freisin:

  • an triomach sa Pholainn,
  • an méid is déanaí a tharla i dtús an phróisis chun iarrthóir aonair de chuid an Aontais a roghnú le haghaidh na dtoghchán in FAO in 2019,
  • fiabhras Afracach na muc.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025