"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 10-11 Nollaig 2023
Na príomhthorthaí
Iascach
Deiseanna iascaireachta le haghaidh 2024
Tháinig na hairí iascaigh ar chomhaontú maidir leis na deiseanna iascaireachta san Atlantach, sa Mhuir Thuaidh agus sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2024.
I gcás an Atlantaigh agus na Mara Thuaidh, baineann an cinneadh freisin le teorainneacha gabhála le haghaidh 2025 agus le haghaidh 2026 (in dhá chás freisin) i gcás ocht stoc. ‘Gabhálacha iomlána ilbhliantúla is incheadaithe’ a thugtar ar na gabhálacha sin.
Faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, bíonn cainteanna bliantúla ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na stoic chomhroinnte. Tugadh iad sin chun críche go rathúil roimh chruinniú na Comhairle i mí na Nollag, agus glacadh toradh an chomhaontaithe trí nós imeachta i scríbhinn.
Leis an gcomhaontú polaitiúil ar thángthas air le linn na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, comhtháthaítear figiúirí na Ríochta Aontaithe sa phríomhchinneadh.
Tar éis 2 lá agus oíche fhada amháin de dhianchaibidlíocht, thángamar ar chomhaontú polaitiúil a chuideoidh leis na stoic éisc a choinneáil ar leibhéil inbhuanaithe, agus cosnófar slí bheatha chabhlaigh iascaireachta na hEorpa ag an am céanna.
Luis Planas Puchades, Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia na Spáinne
Teorainneacha gabhála agus cuótaí a shocrú (Grafaic faisnéise)
Talmhaíocht
Teicnící nua géanómaíocha
Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn maith a rinneadh le linn Uachtaránacht na Spáinne i ndáil leis an rialachán atá beartaithe maidir le plandaí a fuarthas trí theicnící nua áirithe géanómaíocha agus a mbia agus a mbeatha.
Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe cur ar chumas earnáil agraibhia an Aontais rannchuidiú le spriocanna nuálaíochta agus inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na straitéisí ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus bithéagsúlachta, agus iomaíochas na hearnála a fheabhsú ag an am céanna. Ina theannta sin, cinntítear leis na rialacha atá beartaithe ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol.
Agus deireadh na chéad bhliana de chur chun feidhme an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) ag druidim linn, rinne na hairí a marana ar phleananna straitéiseacha CBT.
Is iad pleananna straitéiseacha CBT an phríomhuirlis chun cuspóirí CBT a bhaint amach idir 2023 agus 2027. Dhréachtaigh na Ballstáit iad sin agus d’fhormheas an Coimisiún iad.
Tacaíonn na pleananna leis an bhfeirmeoireacht agus le ceantair thuaithe le caiteachas poiblí €307 mbilliún san iomlán tríd an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (tá an cómhaoiniú náisiúnta san áireamh leis sin).
Ina theannta sin, cuireann na pleananna straitéiseacha le gealltanais chomhshaoil agus aeráide an Aontais, agus tá ról tábhachtach acu maidir le spriocanna na straitéisí ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus bithéagsúlachta a bhaint amach.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na pleananna straitéiseacha agus phléigh siad na dúshláin a bhaineann lena gcur chun feidhme. Dhírigh siad ar an ngá atá leis an gcobhsaíocht agus an intuarthacht d’fheirmeoirí, agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé simpliú a dhéanamh agus an próiseas a éascú chun leasuithe a dhéanamh ar na pleananna straitéiseacha.
I bhfianaise na faisnéise a chuir an Coimisiún agus na Ballstáit ar fáil, reáchtáil an Chomhairle plé polaitiúil a bhí dírithe ar na príomhthosca a mbíonn tionchar acu ar bhrabúsacht na feirmeoireachta san Aontas agus ar ioncam fheirmeoirí na hEorpa.
Bhí plé ag na hairí agus aird á tabhairt acu ar na forbairtí geopholaitiúla atá ann faoi láthair, ina measc cogadh foghach leanúnach na Rúise ar an Úcráin, agus an staid sa Mheánoirthear.
Dá thoradh sin, chuir an Chomhairle treoir pholaitiúil ar fáil maidir le conas aghaidh a thabhairt, ar bhealach tráthúil éifeachtach, ar na dúshláin atá roimh earnáil talmhaíochta an Aontais faoi láthair trí CBT.
Thíolaic an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn ina ndírítear ar an obair a rinneadh laistigh den Chomhairle maidir leis an togra thuasluaite.
Is cuid de phacáiste beart chun an lorg comhshaoil ar chórais bhia an Aontais a laghdú é an togra ón gCoimisiún, a glacadh an 22 Meitheamh 2022.
Is iad seo a leanas cuid de na príomhbhearta atá beartaithe: spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí ar leibhéal an Aontais chun úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus an riosca a bhaineann leo a laghdú 50%, chomh maith le húsáid lotnaidicídí níos guaisí faoi 2030, bearta nua rialaithe lotnaidí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus toirmeasc ar lotnaidicídí i limistéir íogaire.
Rinneadh obair theicniúil ar an togra ar leibhéal na meithle le linn Uachtaránacht na Spáinne.
Thug an Uachtaránacht forléargas don Chomhairle ar an obair sin, inar díríodh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le roinnt gnéithe, ina measc na ‘réimsí íogaire’, na spriocanna laghdaithe éigeantacha ar leibhéal an Aontais agus bearta náisiúnta, agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta.
Chuir an Uachtaránacht tuarascálacha ar dhul chun cinn ar fáil don Chomhairle maidir leis an obair a rinneadh ar na tograí maidir le hábhar atáirgthe plandaí agus foraoise, tuarascálacha a thíolaic an Coimisiún an 5 Iúil 2023.
Cuid den reachtaíocht atá ann cheana i réimse an ábhair atáirgthe plandaí (PRM) agus an ábhair atáirgthe foraoise (FRM), téann sé siar go dtí na 1960í. Is é is aidhm do na tograí ón gCoimisiún é a thabhairt cothrom le dáta, chun cothrom iomaíochta a chinntiú d’oibreoirí ar fud an Aontais agus chun tacú leis an nuálaíocht, le forbairtí teicneolaíochta agus leis an iomaíochas, agus ag an am céanna cuidiú le díriú ar na dúshláin a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, leis an mbithéagsúlacht agus leis an aeráid. Tá an dá thogra i gcomhréir leis an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus leis an straitéis bhithéagsúlachta.
Ba dhíol sásaimh don Chomhairle í an obair a rinneadh ar an leibhéal teicniúil le linn Uachtaránacht na Spáinne.
Chomhaontaigh na hairí leis an sprioc speicis plandaí agus foraoise níos éagsúla agus níos láidre a chur ar fáil d’fheirmeoirí na hEorpa, speicis atá athléimneach i gcoinne lotnaidí agus eachtraí adhaimsire.
Ina theannta sin, d’aithin an Chomhairle an rannchuidiú dearfach is féidir leis na tograí a dhéanamh leis an aistriú i dtreo córais bhia inbhuanaithe agus le foraoisí níos athléimní a chruthú.
Chuir na hairí i bhfios freisin go raibh sé riachtanach gan ualaí riaracháin ná airgeadais míréasúnta a chruthú agus d’iarr siad go dtabharfaí aird chuí sna forálacha nua ar na sainiúlachtaí náisiúnta.
Bhí roinnt míreanna ‘gnó eile’ ar an gclár oibre freisin. Fuair na hairí faisnéis ó na foinsí seo a leanas:
ón Uachtaránacht maidir le staid na himeartha i ndáil leis an athbhreithniú ar na treoracha bricfeasta
ón gCoimisiún faoin bpacáiste um Leas na nAinmhithe
ó thoscaireacht na Slóvaice maidir le todhchaí an bhia agus na talmhaíochta (cóineasú seachtrach)
ó thoscaireacht na Rómáine maidir le maolú ar chaighdeáin 7 agus 8 maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (GAEC) in 2024
ó thoscaireacht na Polainne maidir le talmhaíocht na hEorpa a ullmhú d’aontachas na hÚcráine leis an Aontas Eorpach
ó thoscaireachtaí na hÍsiltíre agus na Fraince maidir le Tionscnamh Imchuach na Mórmara Thuaidh
ó thoscaireacht na hÍsiltíre maidir le saothar éigeantais ar shoithí iascaireachta na Síne
ó thoscaireacht na Portaingéile maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus tacaíocht (cúiteamh i gcás imeachtaí eisceachtúla)
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.