Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 26 Bealtaine 2016 14:50

Iniomparthacht ábhair dhigitigh: Comhaontú ón gComhairle ar na príomhphrionsabail

Chomhaontaigh an Chomhairle faoi chur chuige ginearálta maidir le dréachtrialachán lena ndírítear ar iniomparthacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú sa mhargadh inmheánach.

Leis an gcomhaontú sin, féadann an Chomhairle dul i mbun caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe a shuífidh an Pharlaimint a seasamh caibidlíochta faoin ngnáthnós imeachta reachtach.

Dúirt uachtarán na Comhairle agus aire gnóthaí eacnamaíocha na hÍsiltíre, Henk Kamp, an méid seo leanas: “Déanfaidh an tionscnamh seo an saol níos saoráidí do shaoránaigh na hEorpa agus iad ag taisteal, trína ligean dóibh rochtain a fháil ar ábhar digiteach ar líne a fuair siad go dleathach nó ar thug siad síntiús lena aghaidh ina mBallstát cónaithe, le linn dóibh a bheith i mBallstát eile ar bhonn sealadach. Ciallaíonn sé sin gur féidir le saoránaigh atá i mBallstát eile ar saoire nó le haghaidh gnó, mar shampla, ceol, scannáin, cluichí nó imeachtaí spóirt agus eile a rochtain agus lántaitneamh a bhaint astu dála mar a dhéanfaidís sa bhaile”.

Lucht taistil a bhfuil síntiús le haghaidh seirbhísí ábhair ar líne acu

Is fusa rochtain a fháil ar sheirbhísí ábhair ar líne anois, beag beann ar an áit ina bhfuil an tomhaltóir lonnaithe, de bharr go mbaineann daoine níos mó úsáide as feistí iniompartha amhail taibléidí agus fóin chliste, ar na saolta seo.

Tá fás forbarthach ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí i ndáil le rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar ábhar nuálaíoch ar líne, ní amháin ina dtír féin ach nuair atá siad ar an gcoigríoch ar bhonn sealadach, freisin. Dá bhrí sin, cuirfear deireadh le bacainní ar rochtain agus ar úsáid seirbhísí ábhair ar líne den sórt sin laistigh den mhargadh aonair.

Tarlaíonn bacainní roimh iniomparthacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne faoi láthair toisc gur minic gur de réir na críche a cheadúnaítear na cearta maidir le tarchur ábhair a chosnaítear le cóipcheart agus/nó cearta gaolmhara i ndáil le saothair chlosamhairc, mar shampla, chomh maith leis na cearta do phríomhimeachtaí spóirt.

Faoin gcur chuige ginearálta, bheadh feidhm ag an rialachán maidir le seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear ar íocaíocht airgid. D’fhéadfadh seirbhísí saorchraolta, amhail craoltóirí seirbhíse poiblí, leas a bhaint as an rialachán ar an gcoinníoll go bhfíoróidh siad tír chónaithe na síntiúsóirí atá acu.

Thíolaic an Coimisiún an togra bunaidh i mí na Nollag 2015. Tá sé ar cheann de na chéadtionscnaimh ón gCoimisiún faoin straitéis maidir le margadh aonair digiteach arb é is cuspóir leis margadh inmheánach a chruthú d’ábhar digiteach agus do sheirbhísí digiteacha.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024